DAONÁIREAMH 2016: Cad iad na ceantair Ghaeltachta is láidre agus cá bhfuil an cúlú is mó?

Tá anailís déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí nua daonáirimh do na ceantair is láidre ó thaobh na Gaeilge sna trí mhórcheantar Gaeltachta

DAONÁIREAMH 2016: Cad iad na ceantair Ghaeltachta is láidre agus cá bhfuil an cúlú is mó?

Tá cúlú mór déanta ag an nGaeilge i bhformhór mór na gceantar is láidre Gaeltachta, go háirithe i gcuid de na ceantair is láidre i nDún na nGall agus i gCorca Dhuibhne.

De réir anailís atá déanta ar Dhaonáireamh 2016 ag Tuairisc.ie ar na figiúirí nua faoi thoghranna na Gaeltachta, a d’fhoilsigh an Príomh-Oifig Staidrimh inné, is i nDeisceart Chonamara atá na ceantair is láidre sa tír ó thaobh chéatadán na ndaoine a labhraíonn an Ghaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais.


FÉACH TÁBLAÍ TUAIRISC.IE THÍOS


Tá an Ghaeilge ag coinneáil a talamh i gcuid de na ceantair Ghaeltachta is láidre i gConamara. Bhí ardú i gceist in 2016 ar chéatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sna trí cheantar Gaeltachta is láidre sa tír – toghroinn Gharmna (Tír an Fhia agus Leitir Mealláin), toghroinn Leitir Móir agus toghroinn Chamais – ach tá laghdú i gceist i bhformhór mór na gceantar láidir Gaeltachta eile.

Tháinig ardú ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i nGarmna, agus cé gur thit líon na gcainteoirí i Leitir Mór (-1%), i gCamas (-10%) agus sa Chnoc Buí (-1.9%), bhí méadú ar chéatadán na ndaoine a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais sa trí cheantar sin. Bhí ardú chomh maith ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i dtoghroinn an Turlaigh (Ros Muc), mar a raibh ardú 2% i gceist. Is í toghroinn Gharmna, mar a raibh 72.3% de dhaoine trí bliana d’aois nó os a chionn ina gcainteoirí laethúla Gaeilge in 2016, i gcomparáid le 65% in 2011, an ceantar is láidre sa tír ó thaobh labhairt na Gaeilge.  Méadú 5% a tháinig ar líon na gcainteoirí i nGarmna.

Tháinig laghdú ar líon na gcainteoirí Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i ngach ceantar láidir Gaeltachta sa tír, seachas Garmna agus An Turlach agus Dún Chaoin i gCiarraí, mar a raibh méadú beag 3% ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais.

Is é atá i gceist le cainteoirí laethúla Gaeilge san anailís seo ná daoine atá trí bliana d’aois nó os chionn a labhraíonn an Ghaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais.

Tháinig laghdú suntasach, idir 2011-2016, ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i gcuid de na ceantair Ghaeltachta is láidre i gConamara. Laghdú 11% a bhí i gceist i gCill Chuimín (Ros an Mhíl) agus laghdú 11% a bhí i gceist chomh maith in Oileáin Árann. Laghdú 5% a bhí ann sa Chrompán (An Cheathrú Rua) agus i Sailearna (Cois Fharraige Thiar). Laghdú 1.9% a bhí i gceist sa Chnoc Buí, atá i gceantar Charna, ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais.

Ba i gCiarraí agus i nDún na nGall ba mhó a bhí guagacht le feiceáil sna figiúirí a bhaineann leis na ceantair is láidre Gaeltachta, áfach.

Díol suntais is ea an titim ar líon na gcainteoirí Gaeilge i dtrí cinn de na ceantair Ghaeltachta is láidre i gCorca Dhuibhne – toghroinn Chill Chuáin, toghroinn Chill Mhaoilchéadair agus toghroinn Mhárthain.

Ba i gCill Chuáin (Paróiste Mórdhach) a tháinig an laghdú is mó ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge as measc na gceantar Gaeltachta is láidre sa tír ar fad. Laghdú 20% a bhí i gceist sa cheantar láidir Gaeltachta seo.

Bheadh dhá thoghroinn eile i gCorca Dhuibhne, Cill Mhaoilchéadair (-11%) agus Márthain (- 9%) áirithe anois mar cheantair ‘Catagóir B’ seachas ‘Catagóir A’, mar a bhídís, dá gcuirfí i bhfeidhm ar fhigiúirí Dhaonáireamh 2016 an tslat tomhais chéanna a bhí sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a tháinig amach in 2007.

In ainneoin an laghdaithe ar úsáid laethúil na Gaeilge sa Ghaeltacht trí chéile, ní thitfeadh aon cheann eile de na 21 ceantair a bhí i gCatagóir A sa Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach amach as an gcatagóir sin, dá gcuirfí slat tomhais an Staidéir Chuimsithigh i bhfeidhm ar fhigiúirí Dhaonáireamh 2016. 

Maidir leis na toghranna eile i gCorca Dhuibhne, laghdú 5% a bhí ann i nDún Urlann, mar a bhfuil cuid mhór de Pharóiste an Fheirtéaraigh, agus, de réir na bhfigiúirí a foilsíodh inné, ba é Dún Chaoin an t-aon cheantar láidir Gaeltachta lasmuigh den Ghaillimh inar tháinig méadú ar líon agus ar chéatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais.

Bunaithe ar fhigiúirí 2016, bheadh na ceithre cheantar i nDún na nGall a bhíodh i gCatagóir A fós sa chatagóir sin. Tháinig laghdú mór, áfach, ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i Mín an Chladaigh (-17%), Gort an Choirce (-17%), Machaire an Chlochair (-11%) agus Dún Lúiche (-15%).

Tháinig laghdú suntasach ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht ar fad, de réir fhigiúirí Dhaonáireamh 2016, a foilsíodh i mí Aibreáin.

Le linn na tréimhse sin, thit líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht ó 23,175 go dtí 20,586, laghdú 2,589 duine.

Laghdú 11% a bhí i gceist sna ceantair Ghaeltachta idir 2011-2016. Fágann an méid sin go raibh an titim ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais i bhfad níos mó sa Ghaeltacht ná mar a bhí sa chuid eile den Stát. Laghdú 1% a bhí i gceist lasmuigh den Ghaeltacht, mar ar thit líon na gcainteoirí laethúla ó 54,010 in 2011 go dtí 53,217 duine in 2016, glanlaghdú de 793 duine. Ardú 5% a bhí i gceist i mBaile Átha Cliath.

Sa Ghaeltacht bhí glanlaghdú de 2,589 duine i gceist sa tréimhse chéanna.

Bhí laghdú i gceist i ngach ceantar Gaeltachta, ach amháin Port Láirge.

Ba i Maigh Eo (-23.6%), Ciarraí ( -18%) agus Dún na nGall (-15.8%) a bhí an laghdú is mó i gceist.

Ba é contae Phort Láirge (+6.6%) an t-aon chontae Gaeltachta ina raibh méadú i gceist.

Foilseofar tuilleadh anailíse faoi staid labhairt na Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta agus ar fud na tíre ar Tuairisc.ie go luath.


Gaillimh


Ciarraí


Dún na nGall

Fág freagra ar 'DAONÁIREAMH 2016: Cad iad na ceantair Ghaeltachta is láidre agus cá bhfuil an cúlú is mó?'

  • Mánus

    Níl na staitisticí dos na “Gaeltachtaí” oifigiúla ar an Eachréidh i nGaillimh curtha ar fáil. Tá pleananna teanga le scríobh dos na ceantracha “Gaeltachta” sin.

  • Pádraig Ó hAiniféin

    Is cinnte go bhfuil figiúrú Chorca Dhuibhne go hainnis ar fad. D’fhéachas féin ar na figiúrí aréir agus tá rud ann nach tuigim. I gCill Chuáin/Paróiste Mórdhach dúirt 70 duine go labhraíonn siad Gaoluinn go laethúil sa chóras oideachais amháin ach níl ach 59 duine in aois scoile(5-18) sa cheantar sin. San iomlán dúirt 116 duine sa pharóiste go mbíonn siad ag labhairt Gaoluinn go leathúil sa chóras oideachais(70 sa chóras oideachais amháin agus 46 duine a dúirt go labhraíonn siad Gaoluinn go leathúil sa chóras oideachais agus lasmuigh den chóras chomh maith.) Nuair a chuireann tú daltaí(59) agus daoine a dhein staidéar ar an gcóras oideachais/múinteoireacht(32) níl ach 91 duine i gceist. Nílim in ann aon chiall a dhéanamh as!.

  • Éanna Ó Cróinín

    Céard faoi Ráth Chairn?

  • MacDara

    Níl Oileáin Árann i gceantar Chonamara. Sa tuairisc luaigh sibh Gaeltacht Chiarraí agus Dhún na nGall & srl, cad faoi Gaeltacht na Gaillimhe a rá? Cantaniúití.

  • Bríd