Cúrsaí reatha le filleadh ar RTÉ RnaG ag an deireadh seachtaine

Cuirfear tús an mhí seo chugainn, mar chuid de sceideal an fhómhair, le ‘An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra’ a chraolfar gach maidin Shathairn

SONY DSC
Máirín Ní Ghadhra

Scéal é a chuirfidh cluas ar na héisteoirí ag RTÉ Raidió na Gaeltachta a mbíonn goile chun nuachta acu ag an deireadh seachtaine – tá sé i gceist ag an stáisiún Gaeilge clár nua cúrsaí reatha a chraoladh gach maidin Shathairn.

Cuirfear tús an mhí seo chugainn, mar chuid de sceideal an fhómhair, le An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra.

Tá tamall de bhlianta ann ó bhí aon chlár deireadh seachtaine dá leithéid ar RTÉ RnaG, agus is cinnte go gcuirfidh siad siúd ar spéis leo ábhairín plé faoi chúrsaí reatha leis na corn flakes fáilte roimh chlár nua Uí Ghadhra.

Ag a deich a chloig gach maidin Shathairn a chraolfar An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra agus mairfidh sé uair a chloig.

Déanfar cíoradh sa chlár ar na scéalta Gaeltachta, náisiúnta agus idirnáisiúnta atá i mbéal an phobail agus tá sé i gceist roinnt tráchtairí nua a aimsiú chun iad a chur faoi agallamh, go háirithe i Meiriceá Thuaidh agus ar Mhór-Roinn na hEorpa.

Meascán de mhíreanna réamhthaifeadta agus míreanna beo a bheidh sa chlár ina ndéanfar anailís ar scéalta móra na seachtaine.

Tá Máirín Ní Ghadhra, an craoltóir aitheanta as Conamara, ag súil go mór le tabhairt faoi chlár deireadh seachtaine.

“Is fada anois éileamh ar chlár nuachta ag an deireadh seachtaine ar Raidió na Gaeltachta agus is mór agam an deis tabhairt faoi. Dúshlán nua a bheidh ann dom théis na mblianta ag plé le clár laethúil agus tá súil agam léargas nua a thabhairt ar scéalta na seachtaine. 

“Tá bliain mhór nuachta romhainn idir cháináisnéis, thoghcháin agus chomóradh 1916. Tá súil agam go mbeidh An tSeachtain lárnach i gclúdach na scéalta sin ar fad do Raidió na Gaeltachta,” a dúirt Ní Ghadhra.

Fág freagra ar 'Cúrsaí reatha le filleadh ar RTÉ RnaG ag an deireadh seachtaine'