‘Cruinniú i mo theachsa Satharn Cásca 1916’ – an raibh deireadh le haisling an Phiarsaigh anois?

Foilsítear anseo ráiteas i nGaeilge a thug an Dochtúir Séamus Ó Ceallaigh do Bhiúró na Staire Míleata faoi chruinniú a bhí ag ceannairí Óglaigh na hÉireann ina theach féin oíche Shathairn Naofa 1916

09_CUR-P-49_MacNeill_accountants_1909_960-595x235
“Bhfuil Eoin Mac Néill anseo?”. “Níl,” arsa mé. “Cá bhfuil fáil air?”. “D’imigh sé go Woodtown”

An Cruinniú i mo Theach-sa,

53 Bóthar Rath Garbh,

Dé Sathairn na Cásca 1916

Ní raibh súil agam, mar sin, le mórchuid daoine in mo theach-sa an oíche sin (Satharn na Cásca 1916). Tháinig isteach i dtráth a sé a chlog. Bhí duine istigh cheana – Séamus Ó Conchubhair, aturnae. Dúirt sé go raibh coinne aige le hEoin Mac Néill, go raibh scéal aige dó agus gur gheall Eoin a bheith i láthair gan mhoill.

Bhí sé tar éis a theacht ar ais ó Chontae Chill Dara. Le linn feithimh thosaigh an comhrá. Dúirt liom – rud nach raibh mé cinnte de go dtí seo, siúd agus nach raibh na comharthaí in easnamh thart orm le tamall – go rabhthas le héirí amach in aghaidh Gall lá arna mhárach. Bhí Séamus tar éis fillte ó Chill Dara mar theachtaire Eoin Mhic Néill agus fuair sé a dheimhin sin amuigh ar na baile. Tar éis tamaill tháinig Eoin Mac Néill féin.

D’fhág mé le chéile iad. Gearr gur tharla Art Ó Gríofa ann agus an Rathailleach. Ní cuimhin liom cé acu a bhí Cathal Brugha ann nó nach raibh. Bhí Seán T. Ó Ceallaigh ar dhuine acu. Ina dhiaidh sin chugainn Seán Mac Giobúin agus Pádraig Ó Caoimh. Bhailíodar sin go léir isteach sa seomra tosaigh. Ní dóigh liom go raibh an Pluincéadach i láthair aon am, ach tá tuairim agam gur tháinig Tomás Mac Donnchadha uair éigin ach níor fhan i bhfad. Bhí Séamus Mac Néill sa seomra thiar agus d’fhan sé ansin ar feadh an ama uilig agus ní fhaca mé aon siar-is-aniar aige leis an dream a bhí sa seomra tosaigh. I bhfad níos déanaí is ea a tharla drong eile isteach – na daoine a bhí le bheith ina dteachtaí chuig na contaetha níos faide anonn san oíche – Liam Ó Briain, Máire Ní Riain (bean Rist. Uí Mhaolchatha inniu), a dheirfiúr Phyllis, a dheartháir Séamus, Seosamh Ó Conghaile, an tAthair Pól Breathnach agus mórchuid eile.

D’fhanadar siúd go léir sa seomra thiar nó shuíodar ar an staighre mar bhí an teach lán thar maoil – Art Ó Gríofa agus Eoin MAc Néill agus síniú ordú sa seomra tosaigh. Daoine ag teacht agus ag imeacht leo; gairm scoile á cur amach ar an lucht a bhí de dhíth orthu; a bhformhór ag teacht ar rothair, cuid i gcabanna, cuid i ngluaisteáin. Bhí sraith carrán agus a leithéidí sínte amach thart le doras an tí pobail. Bhí an garraí ar aghaidh ár dtí féin agus moll mór rothar ann. Bhí solas na sráideanna gann go leor agus b’éigean do gach fear de na fir a bhí ag tarraingt ar an áit an geata a scrúdú le trilseán póca. Ní raibh plota nó cogar ceilge riamh ba mhó callán agus ba lú ceilt. Teach folamh a bhí in uimhir 54 san am. Tugadh faoi deara lear solais a bheith i seomra amháin dá chuid. Nuair a bhí gach éinne imithe uainn agus teach s’againne bán, d’éalaigh dias anaithnid as an teach sin sa dorchadas. Ní fios cé hiad.

Mhair an oíche mar sin. I dtráth an mheán oíche bhí an chuid ba mhó de na teachtaí imithe faoi na contaetha. Am éigin faoi thuairim a haon a chlog d’éirigh Eoin amach ag déanamh ar an mbaile mór. Bhí an t-ordú le foilsiú san ‘Sunday Independent’ agus le scaipeadh thart ar an tír mar sin. Tháinig sé ar ais agus níos mó nuachta leis ná a raibh a lucht cogair ag brath air nuair a d’imigh sé leis. Bhí an fógra in am do na páipéir ach fuair sé scéala ansin go raibh long nó bád tar éis a theacht i dtír i gCiarraí agus duine a bhí sa bhád a bheith gafa ag na póilíní. Chruinnigh gach a raibh de dhaoine sa teach thart ar Eoin sa halla agus é ag tabhairt amach sochair a thurais ar an mbaile mór. Ní dóigh liom go raibh fios brí an scéil sin ag a leath acu nó go raibh siad in acmhainn barúil cheart a bhaint as. Cibé ar bith, chuir sé droim-dhubhachas agus lagar ar chroí a lán acu, agus samhlaíodh dóibh gur lú anois ná riamh ár súil le lámh tarrthála ón gcoigríoch.

Bhí Séamus Mac Néill imithe le fada. De réir a chéile d’imigh gach duine eile. Eoin an duine deireanach a chuaigh abhaile. Rinne mé a chomóradh go dtí an geata. Bhí sé a trí chlog. Bhí rothar aige agus caipín agus cóta bréidín air. D’fhág sé faoi choimirce Dé mé. Thug mise an beannacht chéanna dó. Is cuimhin liom go raibh mé ag smaoineamh ar an bPiarsach agus é ag imeacht. Trí mhí roimhe sin, tar éis na Nollag, agus sinne ag siúl na gclochchláracha ar aghaidh Scoil Éanna, thug sé dearbhú domsa faoi choim go mbeadh muirthéacht ann agus fortacht againn ó thíortha eachtrannacha sula mbeadh an bhliain níos faide istigh. An raibh deireadh le haisling an Phiarsaigh anois?

Bhí an áit, dar ndóigh, ina chiolar chiot. Nuair a bhí an teach bán, shíl mé nár mhiste gach rian dár ngníomhartha a chur ar ceal. Mar sin chuir mé gach a raibh de scríbhinní sa seomra le thine. Chuamar a luí ach chan a chodladh. Níorbh  fhada mar sin dúinn nuair a buaileadh ar dhoras an tí. Lucht cosanta dlí, ba dhóiche ná a chéile. Ach a athrach de dhaoine ar fad a bhí i mbéal dorais. Beirt a bhí ann – Tomás Mac Donnchadha agus Seosamh Pluincéad. Níor oscail an Pluincéadach a bhéal. An fear eile eile a labhair. “Bhfuil Eoin Mac Néill anseo?”. “Níl,” arsa mé. “Cá bhfuil fáil air?”. “D’imigh sé go Woodtown”. ‘An rachaimid amach chuige?”, a d’fhiafraigh Tomás. “Muise, ní rachaimid”, arsa an fear eile. “Go bhfóire Dia ar an bhfear bocht,” arsa Tomás go lách cineálta, agus d’imíodar ina mbeirt. Bhí breacadh an lae ann faoin am sin.

Lá arna mhárach – Dé Domhnaigh – bhí lá ciúin againn. Tháinig corrdhuine ar ais ón tír agus d’fhág a scéala don Niallach. Bhí an Rathailleach ar dhuine acu, é gan chodladh le dhá lá agus ina aon cheo smúit agus luaithreamháin ó na bóithre. Bhí an méid sin práinne air nach bhfanfadh sé le cupán tae. Sin í an uair dheireanach a chonaic mé é.

Luan Cásca. Fuair mise scéala ar maidin go raibh Pádraig Ó Caoilte tar éis a theacht ó Mhaigh Nuad. Ag a dheirfiúr, bean an Chofaigh, i St Mary’s Road, a bhí sé. Chuaigh mé anonn ansin sa tram. Dúirt sé a eachtraí liom ón am a d’fhág sé mé. I lár an chomhluadair bhuail an telephón, agus dúirt mo bhean liom go raibh fear na hoíche faoi dheireadh ansin agus gurbh é mo cheart tarraingt anall gan mhoill. Ghreadamar linn inár mbeirt. Ní raibh aon tram le fáil ag Waterloo Road. B’éigean dúinn spágadh linn go Rath Maonais. Bhí an áit sin lán de dhaoine agus ba é a scéala go raibh ruaille buaille agus coimheascar éigin ar an mbaile mór. Nuair a shroicheamar an teach s’againne bhí mo dheirfiúr Úna sa doras. Eoin féin a bhí thiar agus é istigh ag mo bhean chéile ag cur comhairle léi.

Cúis a theachta go dtáinig aoibh míshuaimhnis air i rith na maidine agus d’éirigh sé féin isteach lena mhac, le Brian, chun fios fátha an scéil a fháil. Bhí Brian imithe go lár na cathrach ach b’fhada ar siúl cheana é. Dúirt sí liom go raibh tallann imní ar Eoin toisc ráflaí a bhí ag gabháil ar an tsráid. Bhuail an Caoilteach agus mé féin isteach chuig Eoin agus níorbh fhada gur tharla Brian ann. Níor fhéad sé gabháil níos faide ná Droichead Portobello. Bhí imshuí ansin ag na hÓglaigh agus, má b’fhíor do na daoine a bhí ag cruinniú ann, bhí comhrac ar an mbaile mór.

– Seo leagan caighdeánaithe den ráiteas a thug an Dochtúir Séamus Ó Ceallaigh do Bhiuró na Staire Míleata i 1951