Conradh craolacháin daingnithe ag Raidió na Life don tréimhse 2017-2027

Rachaidh an ceadúnas a bronnadh ar Raidió na Life in 2007 in éag ag deireadh na míosa seo chugainn. Dúirt bainisteoir an stáisiúin gur ‘ábhar sásaimh’ don stáisiún an chinnteacht a bheith ann go mbeidh seirbhís Ghaeilge á cur ar fáil acu do phobal Gaeilge Bhaile Átha Cliath go 2027

Conradh craolacháin daingnithe ag Raidió na Life don tréimhse 2017-2027

Tá ceadúnas craolacháin daingnithe ag Raidió na Life, stáisiún pobail Gaeilge Bhaile Átha Cliath, do na chéad deich mbliana eile. Bhronn Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) an ceadúnas do stáisiún Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar Raidió na Life an athuair tar éis próiseas idirbheartaíochta a bhí ar bun le tamall anuas.

Rachaidh an ceadúnas a bronnadh in 2007 ar Chomharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta (Raidió na Life) in éag ag deireadh na míosa seo chugainn. Fógraíodh ag tús na bliana go raibh iarratais á lorg chun seirbhís Ghaeilge a sholáthar don ardchathair le haghaidh na ndeich mbliana atá amach romhainn. 

Dúirt Muiris Ó Fiannachta, bainisteoir Raidió na Life, gur “ábhar sásaimh” don stáisiún an chinnteacht a bheith ann go mbeidh an tÚdarás náisiúnta ag tacú leo agus an tseirbhís Ghaeilge á cur ar fáil acu do phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, mar atá á dhéanamh ag Raidió na Life ó 1993.

“Tá an fhoireann ar fad i Raidió na Life, an Bord Stiúrtha, agus gach duine a thacaíonn linn thar a bheith bródúil as an méid a dhéanann an stáisiún speisialta s’againne ó lá go lá. Leanaimid ag cur seirbhís raidió pobail trí Ghaeilge ar fáil atá, dar linn, ar cheann de na seirbhísí raidió, is uathúla agus is speisialta in Éirinn,” a dúirt Ó Fiannachta.

Dúirt sé go bhfuil níos mó i gceist leis an stáisiún ná cláir chainte agus cheoil a chraoladh agus gur “cineál coláiste craoltóireachta” atá i Raidió na Life ina dtugtar deis do chraoltóirí nua scileanna craolacháin a fhoghlaim agus a fhorbairt.

Tá cúigear fostaithe ag Raidió na Life, ach is ar bhonn deonach a dhéantar an chuid is mó den obair. Is oibrithe deonacha iad craoltóirí an stáisiúin cé is moite de Niamh Ní Shúilleabháin, a chuireann an clár bricfeasta An Bricfeasta Blasta i láthair gach maidin.

Is é Fearghal Saxe, teicneoir an stáisiúin, an tríú fostaí lánaimseartha. Tá beirt eile fostaithe ar bhonn páirtaimseartha, duine amháin a bhíonn ag obair i gcaitheamh na seachtaine agus duine eile a bhíonn ag obair ag an deireadh seachtaine. Tá idir 100-150 craoltóir deonach ag obair leis an stáisiún ó cheann ceann na seachtaine, agus is ar bhonn deonach a fheidhmíonn an Bord Stiúrtha freisin. Maoiníonn Foras na Gaeilge an stáisiún tríd an Scéim Raidió Pobail chun costas na bhfostaithe agus costais reatha an stáisiúin a íoc.

Dúirt Ó Fiannachta gur mór an “t-éacht” atá á bhaint amach ag Raidió na Life, go háirithe nuair a thuigtear cé chomh teoranta is atá na hacmhainní atá ag an stáisiún.

Ghabh sé buíochas leis an bhfoireann agus leis na craoltóirí deonacha “iontacha” as a ndíograis agus a dtiomantas “seirbhís raidió chomhaimseartha den chéad scoth” a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge i mBaile Átha Cliath.

Tá méadú tagtha ar líon na n-uaireanta a bhíonn Raidió na Life ag craoladh i gcaitheamh na seachtaine ó tháinig an stáisiún pobail ar an aer den chéad uair sa bhliain 1993. Bíonn ábhar le cloisteáil ar an stáisiún 21 uair an chloig in aghaidh an lae i gcaitheamh na seachtaine agus 24 uair an chloig in aghaidh an lae ag an deireadh seachtaine. Tá an stáisiún le fáil beo ar líne freisin agus ar an aip ‘An Seinnteoir Raidió’.

Tá breis agus dhá mhíle craoltóir tar éis taithí chraolacháin a fháil sa stáisiún le breis agus scór blianta anuas, ina measc, Sharon Ní Bheoláin, Sinéad Crowley, Aoibhinn Ní Shúilleabháin, Colm Ó Mongáin, Rónán Ó Muirthile, Barbara Nic Dhonnchadha, agus Cormac Ó hEadhra.

Fág freagra ar 'Conradh craolacháin daingnithe ag Raidió na Life don tréimhse 2017-2027'