Comóradh 120 Bliain ó bunaíodh Craobh Bhéal Feirste de Chonradh na Gaeilge

Reáchtáladh imeachtaí ceiliúrtha ar fud na cathrach inné, cothrom an lae 120 bliain ó chuir an Dr John St Clair Boyd tús le Conradh na Gaeilge i mBéal Feirste

11888544_940164499356308_2746442919315684261_o
Baill Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste ag uaigh an Dr John St Clair Boyd. Pictiúr: CnaG

Rinneadh ceiliúradh inné ar bhunú an chéad chraobh de Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste. Bunaíodh an chraobh taca an ama seo 120 bliain ó shin. Ba in 32 Bóthar Beersbridge Uachtar a bhunaigh an Dr John St Clair Boyd an chraobh ar an 9 Lúnasa 1895 – beagán le cois dhá bhliain tar éis bhunú an Chonartha féin i mBaile Átha Cliath, ar an 31 Iúil 1893.

Protastúnach ab ea é an Dr Boyd a ceapadh ina chathaoirleach ar an gcraobh nuair a tionóladh an chéad chruinniú san ionad. Chuir sé foirgneamh ar fáil ar Shráid na Banríona sa chathair mar cheannáras Feirsteach do Chonradh na Gaeilge.

11258662_940164196023005_3330409057153369154_n
Ceannárus Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste. Pictiúr: CnaG/An Claidheamh Soluis

Bhí imeachtaí ar siúl ar fud na cathrach, thoir agus thiar, mar chomóradh ar an lá. Reáchtáil an Conradh féin taispeántas de phictiúir chartlainne agus leathanaigh bhallraíoctha an Chonartha ó Chúige Uladh a bhaineann leis an tréimhse bhunaithe. Rinne Forbairt Feirste comóradh ar thús na hathbheochana le siúlóid trí Reilig na Cathrach go huaigh Boyd, agus d’eagraigh Turas, eagras na Gaeilge in Oirthear Bhéal Feirste, turas timpeall mhórláithreáin an chomórtha.

Leag Conradh na Gaeilge béim ar an oidhreacht chomhroinnte atá ag an nGaeilge idir an pobal Caitliceach agus an pobal Protastúnach i mBéal Feirste. Dúirt Niall Comer, Tánaiste an Chonartha, go bhfuil sé ‘fíorthábhachtach’ go n-aithneofaí an stair roinnte thrasphobail atá ag an eagraíocht.

“Tá áthas orainn anois go mbeidh an ócáid stairiúil seo á ceiliúradh fud fad Bhéal Feirste. Léiríonn imeachtaí mar seo an dul chun cinn atá déanta le blianta anuas i dtaobh na Gaeilge, ní hamháin i mBéal Feirste, ach ó thuaidh ar fad.

“Ní comhtharlú é, ag amharc ar an stair seo, go bhfuil obair cheannródaíoch ar bun in oirthear Bhéal Feirste sa lá atá inniu ann, agus tá ardmholadh tuilte ag Turas agus ag Linda Ervine as an oidhreacht roinnte seo a aithint agus a cheiliúradh mar ba chóir,” a dúirt Comer, atá ina uachtarán ar Chomhaltas Uladh freisin.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge, nár mhór “an stair iontach seo a chur ar ais i mbéal an phobail” go dtaispeánfar arís gur teanga le cách í an Ghaeilge.

11224726_940164636022961_7981032855201600330_n
Uaigh an Dochtúra John St. Clair Boyd, bunaitheoir Chraobh Bhéal Feirste de Chonradh na Gaeilge. Pictiúr: CnaG