Cód iompair nua d’oifigigh phoiblí geallta sa Seanad le linn plé faoi Arramara Teoranta

Dar leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh gur cúis imní é nach bhfuil na ceangail chéanna ar fhostaithe i ngach comhlacht stáit sa tseirbhís phoiblí is atá ar státseirbhísigh

Cód iompair nua d’oifigigh phoiblí geallta sa Seanad le linn plé faoi Arramara Teoranta

Achtófar “chomh luath agus is féidir” an Bille a chuirfidh cód iompair ar bun do gach oibrí sa tseirbhís phoiblí.

Thug an tAire Stáit sa Roinn Caiteachais Phoiblí, Seán Canney, an méid sin le fios sa Seanad ar maidin agus é ag freagairt ceiste inar tagraíodh do chás an bheirt iarfheidhmeannach de chuid Údarás na Gaeltachta a chuaigh ag obair d’Arramara Teoranta i ndiaidh dóibh dul ar scor ón Údarás.

D’aontaigh an tAire Stáit Canney le Trevor Ó Clochartaigh, an Seanadóir de chuid Shinn Féin a chuir an cheist sa Seanad ar maidin, gur cúis imní an mhoill fhada ar thabhairt isteach an chóid, moill a fhágann nach bhfuil na ceangail chéanna ar fhostaithe i ngach  comhlacht stáit sa tseirbhís phoiblí is atá ar státseirbhísigh.

Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh:

“Chuaigh beirt iarfhostaithe de chuid Údarás na Gaeltachta a raibh baint acu le forbairt polasaí bainte feamainne agus uisceshaothraithe ag obair ina dhiaidh sin do chomhlacht san earnáil sin a raibh plé acu leo roimhe sin maidir le polasaí de.

“Nílim ag tabhairt le fios beag ná mór go bhfuil aon rud míchuí ar siúl ag ceachtar de na daoine seo. Ní foláir d’airí, teachtaí, seanadóirí agus státseirbhísigh cloí le caighdeáin in oifig phoiblí, agus tá cód caighdeáin iompair a bhítear ag súil go gcloímid leis. Níl a mhacasamhail de chód ann, áfach, faoin reachtaíocht um chaighdeáin in oifigí poiblí d’oibrithe sa tseirbhís phoiblí,” a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh.

D’eascair ceist Uí Chlochartaigh as tuairisc a craoladh ar 7 Lá ar TG4 an tseachtain seo faoi dhíol an chomhlachta feamainne Arramara Teoranta leis an gcomhlacht as Ceanada Acadian Seaplants Ltd.

I ráiteas a d’eisigh Údarás na Gaeltachta faoi chás  na beirte iarfheidhmeannach — Jim Keogh agus Dónall Mac Giolla Bhríde — a chuaigh ag obair d’Arramara Teoranta i ndiaidh dóibh dul ar scor ón Údarás, dúradh  “gur cinneadh do Bhord Arramara Teo na ceapacháin seo”.

Dúradh nach raibh “aon cheangal ar an Údarás ar na fostaithe tar éis dóibh scor ar phinsean, nár sáraíodh aon choinníollacha fostaíochta agus go bhfuil an tÚdarás sásta nach bhfuil aon choimhlint leasa i gceist”.

Tá foráil san Acht um Chaighdeáin sa tSeirbhís Phoiblí 2001 a cheadaíonn cóid iompair a thabhairt isteach d’oibrithe sa tseirbhís phoiblí ach níl a leithéid déanta fós.

Thug an tAire Stáit Canney le fios sa Seanad ar maidin áfach go bhfuil rún ag an Aire Caiteachais Phoiblí an cód iompair nua a chur ar bun mar chuid d’achtú an Bhille um Chaighdeáin sa tSeirbhís Phoiblí.

“Tá áthas ar an Aire a chur in iúl don Seanadóir agus don Teach to gur ceann de na príomhleasuithe atá á mholadh sa Bhille sin ná go dtabharfaí reachtaíocht isteach maidir le prionsabail sláine do gach oifigeach sa tseirbhís phoiblí. Bunaithe ar na prionsabail sláine sin, déanfaidh an coimisinéir nua um chaighdeáin sa tseirbhís phoiblí forbairt ar threoirchód iompair a bhainfidh le gach oifigeach poiblí.”

Thug Canney le fios gurb í mian an Aire Caiteachais Phoiblí, Paschal Donohoe an reachtaíocht a thabhairt isteach “a luaithe agus is féidir”.

Fág freagra ar 'Cód iompair nua d’oifigigh phoiblí geallta sa Seanad le linn plé faoi Arramara Teoranta'