Tá ceisteanna le cur sa Dáil agus sa Seanad inniu faoin ngá le cód iompair a thabhairt isteach d’fhostaithe i gcomhlachtaí stáit sa tseirbhís phoiblí i bhfianaise tuairisce a craoladh ar 7 Lá ar TG4 an tseachtain seo faoi dhíol an chomhlachta feamainne Arramara Teoranta.
Tá na ceisteanna á gcur inniu ag an Seanadóir agus Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh agus Martin Kenny.
Deir an Seanadóir Ó Clochartaigh gur cúis imní dó nach bhfuil na ceangail chéanna ar fhostaithe i ngach comhlacht stáit sa tseirbhís phoiblí is atá ar státseirbhísigh. Tá Ó Clochartaigh chun iarraidh ar an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe, ráiteas a dhéanamh faoin moill le cóid iompair a thabhairt isteach d’fhostaithe i gcomhlachtaí stáit sa tseirbhís phoiblí i gcoitinne, cóid iompair a cheart a bheith “cosúil” leis na cóid atá i bhfeidhm cheana féin d’ionadaithe tofa agus státseirbhísigh.
D’eascair tuairisc 7 Lá faoi dhíol Arramara Teoranta as ceist a chuir an Teachta Dála Martin Kenny ar Aire na Gaeltachta sa Dáil an tseachtain seo caite.
D’fhiafraigh Kenny den Aire an raibh sé ar an eolas faoin scéal go raibh beirt iarfheidhmeannach le hÚdarás na Gaeltachta a raibh baint acu le díol Arramara Teoranta le Acadian Seaplants Ltd fostaithe ag an gcomhlacht feamainne.
Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt an tAire Stáit Seán Kyne gur bhain an ghné sin den scéal le cúrsaí bainistíochta in Údarás na Gaeltachta agus go raibh iarrtha aige ar Phríomhfheidhmeannach an Údaráis, Steve Ó Cúláin, ceist an Teachta Dála a fhreagairt.
Tá ráitis eisithe ó shin ag Údarás na Gaeltachta faoi chás an bheirt iarfheidhmeannach — Jim Keogh agus Dónall Mac Giolla Bhríde — a chuaigh ag obair d’Arramara Teoranta i ndiaidh dóibh dul ar scor ón Údarás.
Dúradh sa ráiteas a d’eisigh an tÚdarás le 7 Lá “gur cinneadh do Bhord Arramara Teo na ceapacháin seo”. Dúradh nach raibh “aon cheangal ag an Údarás ar na fostaithe tar éis dóibh scor ar phinsean, nár sáraíodh aon choinníollacha fostaíochta agus go bhfuil an tÚdarás sásta nach bhfuil aon choimhlint leasa i gceist”.
Maidir le ceapachán Jim Keogh, dúradh i ráiteas an Údaráis:
“D’éirigh Séamas Mac Eochaidh as a phost san Údarás ar an 30 Aibreán 2015. Ní raibh aon srianta ina chonradh fostaíochta i dtaca le tabhairt faoi phost tar éis dó scor ar phinsean. Nuair a cuireadh in iúl don Údarás go raibh an tUasal Mac Eochaidh tar éis dul i mbun post nua, shásaigh an tÚdarás é féin nach raibh aon choimhlint leasa i gceist.
“Aithníonn an tÚdarás go bhfuil taithí fhairsing ag an Uasal Mac Eochaidh i bhforbairt na fiontraíochta i réimse leathan earnálacha, tionscal na feamainne san áireamh. Creideann an tÚdarás go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh comhlachtaí Gaeltachta in ann teacht ar shaineolas cuí leis na gnólachtaí atá acu a fhorbairt tuilleadh ar mhaithe le fostaíocht nua a chruthú sa Ghaeltacht.”
Ag tagairt do cheapachán Dhónaill Mhic Ghiolla Bhríde, a scor ar phinsean ón Údarás ar an 31 Lúnasa 2010, dúirt an tÚdarás nach raibh sé fiú ag obair san Údarás nuair a bhí an próiseas díolacháin idir lámha.
“I mí na Nollag 2011 d’fhostaigh Arramara Teo Dónall Mac Giolla Bhríde ar chonradh sealadach leis an gcomhlacht a bhainistiú. Bhí an bainisteoir a bhí ann fós ag iarraidh éirí as agus ní raibh aon iarrthóir oiriúnach tagtha chun tosaigh.
“Bhí Dónall Mac Giolla Bhríde ag feidhmiú mar stiúrthóir ar an gcomhlacht ag an am agus d’iarr Bord Arramara Teo air feidhmiú mar bhainisteoir go sealadach go dtí go mbeadh an próiseas le hinfheisteoir a aimsiú curtha i gcrích”.
Dúradh go raibh “eolas leitheadach” ag an Uasal Mac Giolla Bhríde ar ghnó Arramara Teo mar go raibh sé ag plé leis an gcomhlacht “ar bhonn laethúil ina ról mar Fheidhmeannach Forbartha san Údarás”.
Nuair a aistríodh úinéireacht Arramara Teo chuig Acadian Seaplants Ltd in 2014, chinn Acadian Seaplants Ltd an fhoireann bainistíochta a fhágáil mar a bhí.
Thug Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne le fios sa Dáil an tseachtain seo caite go raibh Údarás na Gaeltachta sásta gur comhlíonadh “gach coinníoll a bhí leagtha síos” maidir le díolachán Arramara Teoranta. Thug sé le fios chomh maith nach raibh ordú Aire i gceist le díol an chomhlachta.
Ba ar an 1 Márta 2013 a thug Bord an Údaráis a mbeannacht don chinneadh an comhlacht feamainne a dhíol le Acadian Seaplants Ltd as Ceanada, agus ba ar an 29 Iúil 2013 a thug iarAire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley cead go rachfaí ar aghaidh le díol an chomhlachta. Díoladh an comhlacht le Acadian Seaplants Ltd ar an 7 Bealtaine 2014.
Tuairiscíodh ar an suíomh seo anuraidh go gcoinneofar na téarmaí faoinar dhíol Údarás na Gaeltachta an comhlacht Arramara Teoranta le Acadian Seaplants Ltd as Ceanada ina rún ar feadh tréimhse 10 mbliana de réir ‘clásal rúndachta’ sa chomhaontú díolacháin.
Tugadh le fios i miontuairiscí cruinnithe de chuid Bhord an Údaráis, a fuair Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, go bhféadfadh “iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ann don Údarás dá scaoilfí aon eolas faoin gcomhaontú”.
Ní dúradh cad iad na “iarmhairtí tromchúiseacha” sin, ach bhí na socruithe chomh leochaileach sin gur iarradh ar chomhaltaí Bhord an Údaráis na doiciméid a bhain leis an díolachán a cuireadh ar fáil dóibh do chruinniú an bhoird ar an 1 Márta 2013 a thabhairt ar ais arís don bhfeidhmeannas roimh dheireadh an chruinnithe.
Léirigh miontuairiscí ó chruinniú eile go ndearna trí chomhlacht eile tairiscintí le Arramara Teoranta a cheannach sa tréimhse ceithre mhí i ndiaidh don bhord cinneadh a dhéanamh an comhlacht feamainne a dhíol le Acadian Seaplants i Márta 2013.
Cuireadh in iúl do bhord an Údaráis i mí Iúil 2013 go raibh litir faighte ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó Phríomhfheidhmeannach Fiontraíocht Éireann ag léiriú imní faoin díolachán.
Bhí eolas faoi chúis na himní sin faoi cheilt le dúch dubh sa chóip de na miontuairiscí a cuireadh ar fáil do Tuairisc.ie, ach dúradh sna cáipéisí go gcuireann litreacha mar seo moill ar an bpróiseas díolacháin agus “nach bhfuil Acadian Seaplants Ltd., (ASL) sásta leis an mhoill”.
Moladh ag an gcruinniú céanna go seolfaí litir ón mBord “ag léiriú a n-imní faoin mhoilleadóireacht” agus go ndéarfaí “go bhfuil faitíos orthu go bhfuil baol ann go dtitfidh an próiseas [díolacháin] óna chéile”.
Fág freagra ar 'Ceisteanna le cur sa Dáil agus sa Seanad i ndiaidh tuairisce faoi dhíol Arramara Teoranta'