‘Cén fáth nach labhraíonn muintir na Gaeltachta Gaeilge le strainséirí?’

Is é Pearse Ó Caoimh, as Cill Chainnigh ó dhúchas, a rinne an clár raidió inar cuireadh agallamh ar naonúr as Gaeltacht Chonamara faoi mheon mhuintir a gceantar i leith foghlaimeoirí teanga

radio raidio

Craoladh clár ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Luain inar cíoradh an cheist ‘cén fáth nach labhraíonn muintir na Gaeltachta Gaeilge le strainséirí?’.

Is é Pearse Ó Caoimh, as Cill Chainnigh ó dhúchas, a rinne an clár inar cuireadh agallamh ar naonúr as Gaeltacht Chonamara faoi mheon mhuintir a gceantar i leith na bhfoghlaimeoirí teanga agus labhair sé le Tuairisc.ie.

“Chaith mé tamall i mo chónaí i gCarna agus ar an gCeathrú Rua i gConamara, ach ní raibh tréimhse fhada caite agam sa Ghaeltacht roimhe sin agus ní raibh cur amach agam ar shaol ná ar nósmhaireacht na Gaeltachta. Thug mé cúpla nós agus cur chuige aisteach faoi deara nuair a bhí mé ann – ní raibh muintir na háite sásta Gaeilge a labhairt liomsa, cé go bhfuil Gaeilge cuibheasach maith agam.

“Bhí mé feargach i dtosach agus mé ag dul chuig an siopa nó sa bheár ag iarraidh Gaeilge a labhairt ach bhí mé tuisceanach ina dhiaidh sin agus bheartaigh mé an scéal a fhiosrú,” a dúirt Ó Caoimh le Tuairisc.ie.

Mhínigh sé gur cíoradh trí ábhar mhóra agus an clár á chur i dtoll a chéile: an fáth a mbíonn drogall ar mhuintir na Gaeltachta Gaeilge a labhairt le strainséirí, an fáth a gcaitear focail Bhéarla ar leith isteach in abairtí Gaeilge agus an fáth a labhraíonn roinnt daoine sa Ghaeltacht Béarla eatarthu féin.

“Ar ndóigh, bheifí ag súil go mbeadh focail áirithe Bhéarla i gcomhrá Gaeilge. Is é an Béarla príomhtheanga na hÉireann agus ní haon iontas go bhfuil tionchar aige ar an nGaeilge labhartha. Ach thug mé faoi deara go bhfuil focail nó réimsí aisteacha ina n-úsáidtear focail Bhéarla – na mothúcháin mar shampla, ‘happy’ agus ‘nervous’ agus araile. Tá bunús spéisiúil leis sin.

“Ní hamháin go labhraítear Béarla le strainséirí sa Ghaeltacht ach labhraíonn muintir na Gaeltachta Béarla ina measc féin le daoine áirithe. Bhíodh mé sa bheár agus bhíodh grúpa daoine as an áit ag Gaeilgeoireacht agus ansin thagadh duine eile as an áit, cainteoir dúchais, agus ar chúis éigin d’iompaítí ar an mBéarla,” a dúirt sé.

Rinne Ó Caoimh cúrsaí acadúla in ionaid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gCarna agus ar an gCeathrú Rua agus is ansin a chuir sé aithne ar mhuintir Chonamara. Is iad na daoine a bhí in aon rang leis ar na cúrsaí sin atá faoi agallamh ar an gclár.

Dhírigh sé ar Ghaeltacht Chonamara agus na nósanna atá sa cheantar sin mar is í an Ghaeltacht sin an ceann “is mó agus is láidre” sa tír. Dúirt Ó Caoimh gur bhreá leis tabhairt faoina leithéid de thogra sna ceantair Ghaeltachta eile ach gur “saothar saoil” a bheadh i gceist lena leithéid de thogra.

“Tháinig mé ar go leor freagraí ach an t-aon fhreagra cinnte a fuair mé ná nach bhfuil aon fhreagra ann. Bhí freagra agus dearcadh difriúil ag gach duine ar labhair mé leis. Níl duine ar bith in ann a rá in aon abairt amháin ‘seo é an fáth’,” a dúirt sé.

Céimí iriseoireachta é Ó Caoimh a chaith seal sa Bhruiséil ag obair leis an Aontas Eorpach sular fhill sé ar Éirinn. Tá sé i mbun cúrsa san innealtóireacht fuaime i mBaile Átha Cliath faoi láthair agus ag obair leis an stáisiún raidió KCLR i gCill Chainnigh.