Cén fáth ar tugadh bualadh bos gan choinne i measc iriseoirí le linn léiriú den scannán Gearmánach seo?

Tá scannán ceannródaíoch curtha ar fáil dúinn ag Maren Ade, staidéar ar na bearnaí atá ag oscailt idir ghlúnta de bharr éilimh mhíchuibheasacha an domhandaithe chorparáidigh

Cén fáth ar tugadh bualadh bos gan choinne i measc iriseoirí le linn léiriú den scannán Gearmánach seo?

‘Toni Erdmann’, le Maren Ade
Winfried Conradi/’Toni Erdmann’ – Peter Sinonischek
Ines Conradi – Sandra Huller
Henneberg – Michael Wittenborn
Gerald- Thomas Loibl
Anca- Ingrid Bisu 

Tharla rud ag Féile Scannán Cannes i mbliana nár tharla ann riamh cheana. Thosaigh bualadh bos gan choinne le linn léiriú scannán don phreas. Anois, ar bhonn prionsabail, ní thugann iriseoirí bualadh bos d’aon rud. Chuas chuig an bpreastaispeáint de Toni Erdmann an lá fá dheireadh le fáil amach dom féin cad faoi ndear an t-iompar mínormálta seo.

‘It’s an art to be able to tell the client what he really wants,’ arsa Ines. Nach éasca mar a luíonn béarlagair na bainistíochta ar bheola Ines Conradi, Gearmánach mná sna tríochaidí-rud-éigin, comhairleoir corparáideach. Tá sí fostaithe ag bainistíocht Dacoil, comhlacht ola sa Rómáin, chun na mílte jab a scuabadh chun siúil i seachfhoinsiú chúram cothabhála an chomhlachta.

‘They employ you to advise them to do unpopular things they’re going to do anyway. So then they can blame someone else.’

Is milis í an fhírinne, fiú nuair nach milis an blas a thagann léi.

Bean chorparáideach í Ines. Í cliste, tiomanta, crua. Ach, níl sí go hiomlán istigh léi féin. De réir a chéile soilsítear di, agus dúinne, nach luíonn suarachas a ceirde go héasca le hais na luachanna liobrálacha lenar tógadh í. Mar thoradh air sin, tá an saol corparáideach tar éis teacht idir í agus a clann. Ceal ama, agus eile, ní bhuaileann sí isteach chucu ach go fíor-annamh. Ní bhíonn sí riamh ach ‘just passing through’. Déarfainn nach aon scéal nua é seo ag a lán, faraor!   

Ach, eochair scaoilte na faidhbe, tá athair álainn ag Ines, Manfried. Cleasaí críochnaithe. Fear a bhaineann leas as bréagfholt áiféiseach ó am go chéile, agus a chuireann bréagfhiacla amaideacha Austen Powers ina bhéal, fiú, chun daoine a chur ag gáire,. Níl teora le Winfried Conradi!

Winfried, go spraíúil: I have hired a substitute daughter. Ines: Good. She can ring you on your birthday so I don’t have to… 

Tionscnaíonn Winfried, an múinteoir lách ceoil, an hipí liobrálach – an t-idéalaí sóisialach, fear a d’iompair an t-anam leis slán ó sheascaidí na hóige isteach leis i seascaidí na haoise – tionscnaíonn Winfried feachtas sábhála Ines.

Téann sé i muinín greann páistiúil na leanbhaoise chun dhá bhris Ines, is é sin, an ceann idir í agus é, agus an ceann idir í is a dúchas, a leigheas.

Samhlaigh tromluí Ines nuair a leaindeálann Manfried – ‘amadán’ spraoi-fhiacla Austen Powers – isteach chuig a compánaigh chorparáideacha ag fáiltiú in Ambasáid Mheiriceá in Bucharest! Agus ise ag iarraidh teacht i dtír ar an bPríomhfheidhmeannach, Henneberg, agus imprisean fabhrach di féin a chothú.

‘I’m just the father,’ arsa Winfried leis an bhfear mór, i raon cluaise Ines. ‘I’ve hired a substitute daughter to cut my toenails.’ Má tá Ines ‘morto’, mar a deirimis fadó, i mbroid leis an náire, tá Henneberg ag gáire. Aithníonn sé cás Winfried ann féin. Ar ball, agus Ines ag iarraidh Daid a bhrostú amach as an áit, tugann Henneberg cuireadh dóibh teacht leis chun soirée lena chomhluadar féin.

Henneberg: ‘Please join us. Ines’ father had a great business idea. It could become very useful to the Romanians,’ ar seisean. Baintear siar beagán as Ines go bhfuil Henneberg agus Manfried ag tarraingt go maith le chéile. Í an-mhíchompordach inti féin, idir dhá thine Bhealtaine. D’ainneoin a barúlacha pearsanta, áfach, cuireann Ines í féin, diaidh ar ndiaidh, i muinín Manfried. 

Anois, den chéad uair le blianta, ina hainneoin féin, téann Ines ar aistear nach bhfuil léarscáil ann chun an tslí a réiteach di, ná gaois chorparáideach chun conair shábháilte a leagan amach os a comhair, ná aip shoghluaiste chun í a choimeád slán.

Is é an t-aistear sin ná aistear an fhéinfhollasaithe. Agus ’sé gaisce an dá phríomhaisteoir ná, nach bhfuil oiread agus smut den chur i gcéill, ná ruainnín beag d’aon nóta contráilte, ná an ribe is lú mí-ionracais i gceachtar den bheirt acu. An rud is annamh is iontach.  

As seo amach, carntar áiféis ar áiféis, greann ar ghreann, léargas ar léargas. Méadú mall, an-mhall, in áiteanna, ach méadú, de réir a chéile, go dtí an buaicphointe. Agus a leithéid de bhuaicphointe. ‘Papa! Papa!’ Chuaigh sé dian orm cúl a choimeád ar na deora. Agus ní minic a tharlaíonn sin i measc haiceannaí stálaithe na ceirde seo, ach an oiread.

Gan an iomarca a sceitheadh, ní féidir liom gan é a lua – an ‘Toni Erdmann’ seo. Cé hé? Bhuel, i gceann de na radharcanna is greannmhaire díobh ar fad, agus Ines ag caitheamh anuas ar Manfried i measc a leathbhádóirí, briseann Manfried isteach orthu, i mbréagriocht áiféiseach ‘Toni Erdmann’. Ag ligint air gurb é féin, ‘Erdmann’, oide saoil an Phríomhfheidhmeannaigh Henneberg! Ní fearrde sin go fóill beag mé. (Tá sé sa bhlaisín thíos – bain sult as.) 

Tá sé suimiúil gur ainmnigh príomhthréimhseachán cineama na Fraince, Cahiers du cinema, ‘Toni Erdmann’ mar ‘scannán na bliana’. Ní gearánta dom an léamh sin.

Anois, cad ina thaobh gur thug cognoscenti Cannes bualadh bos dó, sárú cheann de thraidisiúin shollúnta na ceirde?

Ba é sin an taispeántas a tugadh ar ‘The Greatest Love of All’, garshaothar Whitney Houston. Ní mhíneoidh mé faic eile faoi. Ach amháin gur fiú an cead isteach an radharc sin amháin.

Tá scannán ceannródaíoch curtha ar fáil dúinn ag Maren Ade, staidéar ar na bearnaí atá ag oscailt idir ghlúnta de bharr éilimh mhíchuíosacha an domhandaithe chorparáidigh, éilimh a thagann salach ar anamacha pearsanta gach n-aon a thiteann faoina n-anáil, bealach amháin, nó bealach eile.

Ní gach lá den tseachtain a bhronnann príomhbhean an tinsil a leithéid sin téagair orainn.

Bulaí tinsil.

Fág freagra ar 'Cén fáth ar tugadh bualadh bos gan choinne i measc iriseoirí le linn léiriú den scannán Gearmánach seo?'