Ceannlínte Ráiteas an Earraigh

D’fhógair an Rialtas a phlean le haghaidh ciorruithe cánach agus méadú caiteachais sa Dáil inniu. Seo thíos cuid de mhórphointí na caipéise

Howlin-Noonan

Tá an Rialtas ag súil go dtiocfaidh méadú 4% ar an ngeilleagar i mbliana agus go mbeidh 2,000,000 duine ag obair roimh dheireadh na bliana 2016. Fásfaidh an geilleagar 3.5% in aghaidh na bliana as seo go ceann cúig bliana, a dúradh.

Dúirt an tAire Airgeadais Michael Noonan go bhfuiltear ag súil go gcruthófar post nua in aghaidh gach ceann a cailleadh le linn an chúlaithe eacnamaíochta faoin mbliain 2018 agus go mbeidh níos mó daoine ag obair in Éirinn faoin mbliain 2020 ná mar a bhí riamh cheana.

D’fhógair an tAire ciorruithe cánach agus méaduithe caiteachais don chúig bliana atá romhainn.

Dúirt an tAire Noonan freisin go bhfuil sé ag súil go gcuirfear deireadh leis an imirce ghlan an bhliain seo chugainn agus go dtosóidh an inimirce arís sa bhliain 2017.

“Tá an óige a d’imigh uainn ag filleadh orainn agus leanfar leis sin,” a dúirt sé.

Casfaidh an tAire Noonan le sé mhórbhanc an mhí seo chugainn le laghdú ar rátaí morgáistí a phlé. Tá an Rialtas lena phlean chun teacht i gcabhair ar dhaoine a bhfuil a morgáiste ag déanamh imní dóibh a fhógairt faoi cheann cúpla seachtain.

Titfidh an t-easnamh faoi bhun 2.3% den GDP i mbliana – an chéad uair a bheidh sé faoi bhun 3% le tamall. Táthar ag súil go mbeidh fiacha na hÉireann ar comhchéim le tíortha eile na hEorpa i gceann cúpla bliain.

D’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin, go bhfuil cead an Rialtais faighte aige dul i mbun cainteanna leis na ceardchumainn i dtaca le harduithe pá. De réir a chéile, tá faoin Rialtas deireadh a chur leis na ciorruithe a cuireadh i bhfeidhm mar ghníomh éigeandála nuair a theip ar chúrsaí eacnamaíochta.

I mí an Mheithimh, fógrófar plean nua caiteachas caipitil ar infrastruchtúr don chúig bliana seo romhainn. Tiocfaidh méadú €200m sa bhliain ar íocaíochtaí pinisn stáit gach bliain go dtí 2026 agus beidh €200m eile le caitheamh ar chaiteachas sláinte sna blianta romhainn.

Fostófar 3,500 múinteoir breise idir seo agus 2021 le freastal ar an 50,000 dalta breise a bheas i gcóras oideachais na tíre.

Méadófar an caiteachas i gCáinaisnéis 2015 go €750m go mbeidh an Rialtas in ann dul i ngleic leis an mbrú deimeagrafach in earnálacha an leasa shóisialaigh, an oideachais agus na sláinte.

Is beag fáilte atá curtha ag lucht an fhreasúra roimh Ráiteas an Earraigh, áfach. Dúirt urlabhraí airgeadais Fhianna Fáil, Michael McGrath, nach raibh mórán eolas nua sa cháipéis agus go mbeidh mearbhall ar an bpobal faoin rí-rá a bhí ann ina thaobh sna seachtainí a d’imigh tharainn.

Dúirt ceannaire an pháirtí nua Rénua, Lucinda Creighton, nach bhfuil i bhfógra an lae inniu ach liosta de ghealltanais scaipthe nach dtugann aon treoir don Rialtas cén chaoi rudaí a dhéanamh níos fearr.

D’ionsaigh urlabhraí airgeadais Shinn Féin, an Teachta Pearse Doherty, Ráiteas an Earraigh freisin. Dúirt sé gurb í an tuairim choitianta go raibh sonraí tearc sa ráiteas agus nach ndeachaigh sé i bhfeidhm chomh mór is a cheapfadh duine ag éisteacht leis an gcaint ar fad roimhe ré.

Fág freagra ar 'Ceannlínte Ráiteas an Earraigh'

  • Iasan Ó Riabhaigh

    An rialtas i mbarr a chéile,ag impí orainn ár dtacaithe iadsan a choinneáil,leis an bplámás agus na scéalta bréige seo.Táim i mo chodladh anois…..