Ceacht toghcháin dúinn ó Cheanada – ní rogha go rogha

Thogh pobal Cheanada rialtas nua Dé Luain. Is ábhar maith machnaimh toradh an olltoghcháin thall don fhreasúra in Éirinn

justin-trudeau-political-ad-620x413

‘Níl sé ullamh’ a dúirt naimhde Justin Trudeau arís agus arís eile le linn an fheachtais. Ach chuir na vótóirí an chaint ar easpa taithí (féach thíos) i leataobh, agus móramh láidir á thabhairt acu dá Pháirtí Liobrálach sa pharlaimint nua.

Breathnaítear thall ar thoradh an olltoghcháin mar chasadh tábhachtach i stair pholaitiúil Cheanada. Bhí an Páirtí Coimeádach i gceannas, agus Stephen Harper ina Phríomh-Aire, ar feadh naoi mbliana go dtí Dé Luain. Ba dhlúthchuid dá gcur chuige ó 2009 déine agus srianta ar chaiteachas poiblí a choinneáil i réim.

Ní hionann na fadhbanna atá le réiteach ag an rialtas nua in Ottawa agus cás na hÉireann ar bhealach tábhachtach amháin. Tá bainc na tíre stuama agus slán ó bhuairt. Ach tá an geilleagar in ísle brí le dhá bhliain. Tá plean geallta ag an Rialtas nua faoina gcaithfear €40 billiún ar scéimeanna feabhais éagsúla, agus faoina mbeidh an caiteachas iomlán níos ísle ná an teacht isteach ar feadh trí bliana.

Tá athruithe eile geallta freisin. Ní bheidh eitleáin chogaidh na tíre páirteach níos mó sna hionsaithe ar ISIS atá ar bun sa tSiria agus san Iaráic. Fillfidh Ceanada ar chainteanna faoi théamh na cruinne. Ardófar an ráta cánach a íocann daoine atá ar ioncam os cionn an mheáin.

Cibé rath a bheas ar pholasaí an rialtais nua in Ottawa, is léir a thábhacht do mhuintir na hÉireann, tharla an oiread Éireannach a beith ar imirce i gCeanada.

Ach tá ceacht thar a bheith soiléir le foghlaim cheana féin ó thoradh an olltoghcháin.

Tá déine i bhfeidhm agus molta mar leigheas ar an ngéarchéim eacnamaíochta i mórán tíortha. Thug vótóirí Cheanada droim láimhe leis an bpolasaí agus leis an meon sin Dé Luain, mar a rinne muintir na Gréige rompu. Ach, ní hionann agus an Ghréig, tá cúis dóchais ag muintir Cheanada go mb’fheidir go mbeidh dea-thoradh ar an athrú intinne a léirigh toradh an toghcháin.

Agus an ceacht? Bhí rogha shoiléir rialtais ag muintir Cheanada. Bhí na Liobrálaigh in iomaíocht le páirtí sóisialach ar a dtugtar an Páirtí Nua Daonlathach, agus gan aon chaint roimh ré ar shocrú comhrialtais eatarthu. De réir a chéile, neartaigh na Liobrálaigh sna pobalbhreitheanna. Tugadh rogha amháin maidir le hathrú rialtais don phobal, agus thapaigh siad an deis.

Níl aon rogha shoiléir rialtais á tairiscint ag páirtithe an fhreasúra abhus, ar mhórán cúiseanna. Ní bheidh fíordhíospóireacht ag muintir na hÉireann faoi roghanna inchreidte rialtais go dtí go gcuirfidh páirtí nó páirtithe ar thaobh an fhreasúra rogha os a gcomhair mar a bhí ag muintir Cheanada Dé Luain.

I mBEAGÁN FOCAL: CEANNAIRE CHEANADA

Cé hé? Justin Trudeau, an Príomh-Aire nua agus ceannaire an Pháirtí Liobrálaigh.

Cén aois? 43 bliain.

Taithí: Fíorbheagán. Ní raibh post rialtais aige ariamh. Níl ach seacht mbliana caite mar fheisire parlaiminte aige, agus is i 2013 a toghadh é mar cheannaire ar a pháirtí.

Cúlra? Is mac é leis an iar-phríomhaire Pierre Trudeau, a bhí i gceannas sa tír ar feadh 15 bliain idir 1968 agus 1984.

Cé chomh liobrálach is atá sé? Tá sé ráite aige nár chóir pionós dlíthiúil a ghearradh ar dhaoine a bhfuil marijuana ina seilbh acu ar mhaithe le húsáid phearsanta.

Saol pearsanta? Phós sé an láithreoir teilifíse Sophie Grégoire i 2005. Tá triúr páistí acu.

 

– Is láithreoir ar an gclár ‘Morning Ireland’ ar RTÉ Raidió a hAon é Cathal Mac Coille

 

Fág freagra ar 'Ceacht toghcháin dúinn ó Cheanada – ní rogha go rogha'

  • Fearn

    ” Ceacht toghcháin dúinn ó Cheanada ” ???

    Tá ábhar PhríomhAire i ngach mac PhríomhAire ??