FÍSEÁN: Agóid Chonradh na Gaeilge ar mhaithe le cláracha Gaeilge ar RTÉ i 1980

FÍSEÁN: Agóid Chonradh na Gaeilge ar mhaithe le cláracha Gaeilge ar RTÉ i 1980

Maitiú Ó Coimín

Cothrom an lae inné 36 bliain ó shin bhí mórshiúl ag Conradh na Gaeilge trí shráideanna Bhaile Átha Cliath ag cur in aghaidh a laghad cláracha Gaeilge a bhíodh á gcraoladh ar sheirbhísí teilifíse RTÉ. Shiúil an slua chuig Ard-Oifig an Phoist mar ar labhair baill an Chonartha agus Uachtarán Plaid Cymru na Breataine Bige. Tá an tuairisc nuachta faoin scéal ar fáil athuair ar Chartlann RTÉ