Bua slachtmhar ag Ward agus aghaidh á thabhairt anois aige ar Julio la Cruz

Is é Julio La Cruz an t-aon chonstaic anois idir Joe Ward agus an bonn óir. Troid dhochreidte a bheas ann

2015 AIBA World Boxing Championships, Doha, Qatar 10/10/2015 Light Heavyweight Quarter-Final Joe Ward vs Mikhail Baudhaliavets Ireland's Joe Ward with coach Billy Walsh between rounds Mandatory Credit ©INPHO/Francis Myers
Pictiúr: INPHO/Francis Myers

Faoi dheireadh, thug Joe Ward, an trom-mheáchan éadrom as an Móta, sárthaispeántas dornálaíochta sa chró inniu chun an lámh in uachtar a fháil ar Elshod Rasulov as an Úisbéiceastáin ag Craobhchomórtais Dornálaíochta Amaitéaracha an Domhain i nDoha Chatar.

Gearradh súil Rasulov go luath sa chéad bhabhta agus bhí air cóir leighis a fháil cúpla uair i rith na troda. Ní raibh aon amhras faoin gcinneadh d’aon ghuth sa deireadh, áfach – 29-28 ar gach scórchárta.

Is é curadh an domhain as Cúba, Julio César la Cruz Peraza, nó Julio La Cruz mar is fearr aithne air, an t-aon chonstaic anois idir Ward agus an bonn óir. Troid dhochreidte a bheas ann.

Bhuaigh La Cruz ar Ward sna babhtaí leathcheannais i 2013 sular thug sé leis an bonn óir. Bhuaigh sé an bonn óir in Almaty in 2011 freisin. Cé gur scaoileadh agus gortaíodh é anuraidh, is léir óna thaispeántais lasracha sna craobhchomórtais seo nach ndeachaigh an tubaiste sin i bhfeidhm go mór air.

Tá Ward níos aosta agus níos eirimúla anois, áfach, agus seans maith go bhfaighidh sé an ceann is fearr ar an gCúbach ar an Déardaoin.

D’éirigh le Michael Conlan áit a bhaint amach sa bhabhta ceannais inné tar éis dó an lámh in uachtar a fháil ar Dzmitry Asanau as an mBealarúis.

Cé nár bronnadh an dara babhta ar an gcoileachmheáchan as Béal Feirste, cinneadh d’aon ghuth a bhí ann faoi dheireadh – 30-27, 29-28, 29-28. Tar éis na troda, dúirt sé go bhfuil sé ag tnúth go mór leis an mbabhta ceannais.

Tar éis dó an dara babhta a chailleadh, dúirt a thraenálaithe Billy Walsh agus Zaur Antia leis go raibh air an tríú ceann a bhuachan. D’fhan sé foighneach agus bhain sé leas as a chuid taithí uile chun an Bealarúiseach óg a shárú. Troidfidh sé in aghaidh Murodjon Akhmadaliev as an Úisbéiceastán sa bhabhta ceannais Dé Céadaoin.

Faraor, níor éirigh le Michael O’Reilly an rud céanna a dhéanamh i roinn an mharcmheáchain. Chaill sé in aghaidh an Úisbéiceastánaigh Bektemir Melikuieve i dtroid den chéad scoth. Measadh go ndearna sé a dhóthain chun an dara babhta a bhuachan ach níor aontaigh na moltóirí leis sin. Bhí an iomarca le déanamh aige sa tríú ceann agus ardaíodh lámh Melikuieve sa deireadh.

Tá troid amháin fágtha aige, áfach. Beidh air an lámh in uachtar a fháil ar Abdin Kosam as an Éigipt i mbabhta cáilithe do na Cluichí Oilimpeacha i Rio de Janeiro. Beidh an troid sin ar siúl Dé Céadaoin freisin.

Uaireanta sa dornálaíocht, mar gheall ar an tslí shuibiachtúil ina ndéantar na scórtha, bíonn claonadh ann i dtreo na ndornálaithe níos rathúla nó níos cáiliúla agus tugtar sochar an amhrais dóibh nuair nach mbíonn mórán idir iad féin agus a gcéile comhraic.

Faraor, an uair seo, ba é Seán McComb, an t-éadrom-mheáchan as Béal Feirste, a d’fhulaing droch-chinneadh den chineál seo ina throid in aghaidh churadh na hEorpa agus iarchuradh an domhain, Albert Selimov as an Asarbaiseáin.

Tar éis na troda, d’áitigh bainisteoir Billy Walsh go diongbháilte gurb í cáil an Aserbaiseánaigh an toisc chinntitheach a d’fhág gur airsean a bronnadh an bua. Bhronn moltóir amháin gach babhta ar McComb, ach shocraigh an bheirt eile gur bhuaigh Selimov an chéad dá bhabhta i dtroid a bhí thar a bheith teaicticiúil.

Cé go raibh McComb in ísle brí tar éis na breithe móraimh, chuir sé casadh dearfach sa troid. Dúirt sé go bhfoghlaimeoidh sé go leor ón gcailleadh seo agus go bhfaighidh sé an lámh in uachtar ar Selimov an chéad uair eile.

Fág freagra ar 'Bua slachtmhar ag Ward agus aghaidh á thabhairt anois aige ar Julio la Cruz'