Bláthnaid Ní Chofaigh roghnaithe mar Láithreoir Raidió na Bliana ag Féile na Meán Ceilteach

Bhuaigh Ní Chofaigh, arb as Ráth Chairn i nGaeltacht na Mí di ó dhúchas, an gradam dá saothar ar an gclár Bláthnaid Libh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Bláthnaid Ní Chofaigh roghnaithe mar Láithreoir Raidió na Bliana ag Féile na Meán Ceilteach

Ba í Bláthnaid Ní Chofaigh a thug léi an gradam do Láithreoir Raidió na Bliana ag Féile na Meán Ceilteach 2017 in Doolish, Oileán Mhanann, inniu.

Cuireann Ní Chofaigh, arb as Ráth Chairn i nGaeltacht na Mí di ó dhúchas, an clár Bláthnaid Libh i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta gach maidin Shathairn.

Triúr láithreoirí a bhí ar na ngearrliosta don ghradam, Ní Chofaigh, Ricky Ross ó BBC Radio Scotland agus Wynne Evans ó BBC Radio Wales.

Beidh Bláthnaid Libh á chraoladh beo ón bhféile maidin amárach ar RTÉ RnaG.

Bhí muintir na Gaeltachta ag ceiliúradh in Oileán Mhanann níos túisce an tseachtain seo chomh maith nuair a bronnadh ar Is Eolaí Mé agus Darach Ó Tuairisg, as An Lochán Beag i gConamara, an gradam don chlár teilifíse is fearr do dhaoine óga.

Bhuaigh Eoin Mac Néill, Fear Dearmadta 1916 an gradam don chlár staire is fearr ag an bhféile.

TG4 agus BBC Thuaisceart Éireann a choimisiúnaigh an clár faisnéise staire faoin údar agus athbheochanóir a bhí ar dhuine de bhunaitheoirí Óglaigh na hÉireann agus a raibh baint mhór aige le ceann de na tréimhsí ba chinniúnaí i stair na hÉireann.

Bhí beirt fhear as Carna ag ceiliúradh ag an bhFéile chomh maith an tseachtain seo– Seán Ó Cualáin, ón gcomhlacht Sónta, a thug leis an gradam don scannán faisnéise spóirt is fearr do Crash and Burn agus Cillian Fennell, léiritheoir agus cruthaitheoir Centenary, mórléiriú RTÉ do chomóradh 1916, a thug leis an gradam i rannóg na siamsaíochta.

 

Fág freagra ar 'Bláthnaid Ní Chofaigh roghnaithe mar Láithreoir Raidió na Bliana ag Féile na Meán Ceilteach'

  • Cluain Sceach

    Féar plé, tuillte go maith aici!

  • Ruairi O Caisleain

    M’anam, ta! Diospoireacht brea briomhar ar an gclar, de ghnath.