Bhí Ian Paisley fíor-mhíshásta faoi ‘chleasaíocht’ Tony Blair maidir le ceist an Achta Gaeilge don Tuaisceart

Deir Peter Robinson gur ‘con’ a bhí sna geallúintí a thug rialtas Tony Blair do Shinn Féin faoi Acht Gaeilge ó thuaidh agus gur chuir an chleasaíocht isteach go mór ar bhunaitheoir an DUP

Bhí Ian Paisley fíor-mhíshásta faoi ‘chleasaíocht’ Tony Blair maidir le ceist an Achta Gaeilge don Tuaisceart

Ian Paisley le Tony Blair. Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Tá sé curtha i leith rialtas Tony Blair ag iarcheannaire an DUP Peter Robinson gur chuir an rialtas sin an dallamullóg ar Shinn Féin nuair a tugadh le fios don pháirtí náisiúnach go dtabharfaí isteach Acht Gaeilge ó thuaidh.

Dúirt an t-iarChéad-Aire nár aontaigh a pháirtí lena leithéid de reachtaíocht riamh agus dúirt sé gur chuir rialtas Blair Sinn Féin amú “d’aon turas” agus gur athraíodh Comhaontú Chill Rímhinn “i ngan a fhios” don DUP.

Mhaígh sé gur chuir an “cur i gcéill” seo isteach go mór ar Ian Paisley, a bhí ina cheannaire ar an DUP ag an am, agus go raibh Paisley den tuairim gur léiriú a bhí i ‘gcleasaíocht’ an rialtais nach mbeadh scrupall orthu an dallamullóg a chur ar an DUP freisin dá mba mhaith leo.

Ag labhairt dó agus an sprioc do chainteanna Stormont ag teannadh linn, dúirt Robinson gur labhair sé le Martin McGuinness, nach maireann, iarcheannaire Shinn Féin ó thuaidh, faoi na “teachtaireachtaí míthreoracha” a tugadh don dá pháirtí.

Dúirt sé gurb í a thuairim gur chreid Sinn Féin go raibh aontú ann maidir le cur i bhfeidhm Acht Gaeilge ó thuaidh ach nach raibh ann ach ‘cur i gcéill’ ó rialtas na Breataine.

Mhaígh sé nár pléadh an cheist lena pháirtí le linn na gcainteanna i gCill Rímhinn agus gur cuireadh an mhír faoi Acht Gaeilge isteach i gComhaontú Chill Rímhinn ag deireadh na gcainteanna ar fad.

Dúirt sé nár dúradh rud ar bith leis an DUP faoin “athrú” a rinneadh ar an gcáipéis. Mhaígh sé gur chuir an páirtí in iúl do rialtas na Breataine nach raibh aon ghlacadh acu leis an mír faoi Acht Gaeilge, ach gur tugadh le fios dóibh gur cumadh an fhoclaíocht a bhain le tabhairt isteach an Achta “go cúramach” agus nár ghá dóibh a bheith imníoch faoi.

“Thug siad le fios dúinn go mbeadh an rialtas cineachta i bhfeidhm agus nach gcloífeadh an rialtas leis an ngeallúint toisc go mbeadh an chumhacht sin leagtha ar Stormont.

“Níor thug Ian [Paisley] aon gheallúint riamh go nglacfadh an páirtí le hAcht Gaeilge agus chinntigh muid nach raibh aon gheallúint ann sa reachtaíocht,” a dúirt sé.

Tá níos lú ná 24 an chloig fágtha ag an DUP agus ag Sinn Féin le teacht ar chomhaontú maidir le hathbhunú Stormont. Tá amhras mór ann fós faoina bhfuil i ndán do na cainteanna sin agus tuairiscí ann go bhfuil ceist an Achta Gaeilge anois ar an dris chosáin is mó san idirbheartaíocht idir an páirtí aontachtach agus an páirtí náisiúnach.

Dúirt cathaoirleach náisiúnta Shinn Féin, Declan Kearney, nach nglacfadh an páirtí ach le hAcht don Ghaeilge amháin agus gur loic an DUP ar ghealltanais a tugadh cheana maidir lena leithéid d’Acht a thabhairt isteach. Bhí an DUP diongbháilte ón tús nár ghlac siad le foráil i gComhaontú Chill Rímhinn 2006 a gheall Acht na Gaeilge

Dúirt ceannaire Alliance Naomi Long inné go raibh “an-droch-chuma” ar na cainteanna agus nach raibh ann ach caolseans go n-éireodh leis na páirtithe teacht ar réiteach roimh thráthnóna amárach, an spriocam is déanaí.

Má theipeann arís ar na cainteanna tá dhá rogha ag Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann James Brokenshire: riail dhíreach ó Westminster a chur i bhfeidhm athuair nó ligean do státseirbhísigh ranna Stormont a rith nó go gcuirfí tús athuair le babhta idirbheartaíochta eile sa bhfómhar.

Fág freagra ar 'Bhí Ian Paisley fíor-mhíshásta faoi ‘chleasaíocht’ Tony Blair maidir le ceist an Achta Gaeilge don Tuaisceart'