An Ghaeilge agus Cill Rímhinn – cuid den cheart ag an DUP ach…

Bhí an DUP diongbháilte ón tús nár ghlac siad le foráil i gComhaontú Chill Rímhinn 2006 a gheall Acht na Gaeilge, ach ní leithscéal ar bith é sin dá mbiogóideacht in aghaidh na teanga

An Ghaeilge agus Cill Rímhinn – cuid den cheart ag an DUP ach…

Níorbh é Paul Givan an chéad aire ón DUP a bhí freagrach as cúrsaí na Gaeilge i Stormont ó thosaigh an DUP agus Sinn Féin ag roinnt na cumhachta in 2007. Bhí a chinneadh tútach an sparánacht £50,000 do scoláireachtaí Gaeltachta a chur ar ceal ag teacht le cur chuige a chomhghleacaithe ón DUP san aireacht chéanna. Tháinig sé i gcomharbacht ar Charal Ní Chuilín ó Shinn Féin ach ba ise an t-aon aire cultúir nár bhall den DUP í. Ba é Edwin Poots an chéad duine a bhí sa phost i ndiaidh chomhaontú Chill Rímhinn. Tháinig Gregory Campbell i gcomharbacht airsean in 2008 agus i mí Iúil 2009 ceapadh Nelson McCausland sa phost. Ba é an port céanna i leith na Gaeilge a bhí ag na hairí sin uilig ón DUP, iad lánchinnte nár ghlacadar le hAcht na Gaeilge agus nach nglacfadh.

Bhí amhras riamh faoi stádas na forála in iarscríbhinn B den chomhaontú, a deir:

  • The Government will introduce an Irish Language Act reflecting on the experience of Wales and Ireland and work with the incoming Executive  to enhance and protect the development of the Irish language.
  • The Government firmly believes in the need to enhance and develop the  Ulster Scots language, heritage and culture and will support the incoming Executive in taking this forward.

Is é an ‘Government’ sin rialtas na Breataine faoi cheannas Tony Blair. Níor léir go raibh freagracht á cur, go beacht, ar Fheidhmeannas Stormont an tAcht a rith. Ní raibh an reachtaíocht a ritheadh chun feidhm a thabhairt don Chomhaontú láidir, ach an oiread. Seo leanas é.

Strategies relating to Irish language and Ulster Scots language etc

  1. The Executive Committee shall adopt a strategy setting out how it proposes to enhance and protect the development of the Irish language.
  2. The Executive Committee shall adopt a strategy setting out how it proposes to enhance and develop the Ulster Scots language, heritage and culture.
  3. The Executive Committee—
    a) must keep under review each of the strategies; and
    b) may from time to time adopt a new strategy or revise a strategy.

Níorbh fhada tar éis bhunú an fheidhmeannais le Ian Paisley agus Martin McGuinness mar Chéad-Aire agus LeasChéad-Aire gur éirigh idir náisiúnaithe agus an DUP faoin nGaeilge. Bhain comhaltaí ó Shinn Fein agus an SDLP leas as achainí chásmhaireachta chun bac a chur ar bheartais fhrith-Ghaeilge an DUP. Ní hamháin go raibh Edwin Poots meáite nach nglacfadh sé le hAcht Gaeilge ach d’fhéach aontachtaithe le stop a chur le húsáid na teanga i ndíospóireachtaí Tionóil. Ba shaothar in aisce acu sin.

Nuair a tháinig Gregory Campbell i gcomharbacht ar Poots in 2008, thacaigh sé go daingean le diúltú a chomhbhádóra. “Bhí daoine ag tathant orm athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh Edwin Poots,” a dúirt sé in agallamh ag an am, “ ach bhí mé soiléir gur straitéis le haghaidh mionteangacha dúchasacha atá riachtanach.” Leag Campbell béim go seasta ar an uimhir iolra – teangacha dúchasacha agus ba mhinic a thagair sé don ‘bhearna mhíchothrom’ idir maoiniú don Ghaeilge agus don Ultais. Theastaigh uaidh an dá theanga a chur ar chomhchéim, cé nach raibh scéimeanna ná oideachas san Ultais chomh forbartha leis an nGaeilge ná lion na gcainteoirí inchomparáide in aon chor.

Lean Nelson McCausland, díograiseoir Ultaise, an cúrsa céanna. Sceith bhéil ab ea Gregory Campbell as a mhasla do Ghaeilgeoirí lena ‘curry my yoghurt, can coca kolyer’ (go raibh maith agat, a cheann comhairle). Ach anois tá sé féin agus Paul Givan ag maíomh gur ag cosaint na Gaeilge a bhíodar nuair a tharraing siad conspóid. Ar mhaithe leis an teanga a bhí siad agus mí-úsáid á baint aisti ag Sinn Féin san Tionól, arsa Campbell ar chlár raidió le gairid. Agus d’fhógair Givan nár chinneadh polaitiúil é an £50,000 a chealú. Ní raibh leisce air an pholaitíocht a tharraingt chuige nuair a chuaigh sé siar ar a chinneadh faoin deontas – rinne sé sin, ar seisean, ionas nach mbeadh deis ag Sinn Féin mí-úsáid a bhaint as an nGaeilge i bhfeachtas an toghcháin. Shílfeá ag éisteacht leis an DUP nár labhair aon duine i dTuaisceart Éireann focal Gaeilge riamh ach Sinn Féin. Bíonn siad go síoraí ag caint ar “pholaitiú” na Gaeilge mar armlón Shinn Féin, cé gur iomaí Gaeilgeoir a mheasann go raibh cur chuige Shinn Féin easnamhach, bearnach.

Tá Sinn Féin an-chorraithe faoin nGaeilge agus faoin Acht faoi láthair. Ní raibh sé soiléir riamh cén fáth gur mheas Sinn Féin go rithfí acht i Stormont. B’fhéidir go raibh sé bunaithe ar chomhráite le Tony Blair ach tháinig deireadh le ré Blair mar Phríomh-Aire i Meitheamh 2007. Is léir ó Peter Hain, Státrúnaí na linne, go raibh blas den débhrí traidisiúnta ag baint le Comhaontú Chill Rímhinn agus dóthain ann chun na caoirigh a chur thar abhainn.

Lig an doiléire don DUP an cheist a sheachaint, cé nach ndearna siad iarracht ar bith chun a naimhdeas don teanga a cheilt. Lig an débhrí agus athruithe rialtais don Bhreatain neamhshuim a dhéanamh dá geallúint agus theip ar Shinn Féin iad a bhogadh.

Tá gá le cur chuige nua ó gach éinne.

Fág freagra ar 'An Ghaeilge agus Cill Rímhinn – cuid den cheart ag an DUP ach…'