Tá an geimhreadh ag teacht agus beidh dalladh ama ag an aos polaitiúil a marana a dhéanamh faoi thoradh an toghcháin le linn an dúluachair. Léiriú gléineach iad na vótaí millte ar an gcoimhthíos atá tagtha chun cinn idir an pobal agus scothaicmí ceannais an stáit, idir rialtas tofa agus buan, nó ‘an córas’ mar is fearr aithne air. Seo sé cheacht ón toghchán nár mhiste gníomhú orthu.
- Ní leor ciúnas ar Shráid Mhuirfean nó i dTeach Uíbh Eathach amach anseo nuair a labhróidh an tUachtarán Connolly ar cheisteanna gnóthaí idirnáisiúnta. Ghéilltí slí don Uachtarán Ó hUigínn nuair a labhraíodh sé gan chuireadh gan iarraidh ar cheisteanna idirnáisiúnta mar tuigeadh go raibh bá an phobail leis an nós tríd is tríd mura raibh bá i gcónaí leis na tuairimí féin in amanta. Ach ní réiteach ar easaontas tuairmíochta tost stuacach feasta. Patrún socraithe go maith ó 1990 i leith go mbeadh féiniúlacht láidir phearsanta, neamhspleáchas tuairimíochta agus stuaim pholaitiúil ag an Uachtarán. Ní dochar go mbeadh cluiche cothromaíochta ann idir na poirt Oireachtais i lár cathrach agus Páirc an Fhionnuisce. Maolóidh caibidil coimhthíos.
- Tiocfaidh cuspóirí polasaí slándála salach ar an neodracht mar bharrshamhail náisiúnta. Cé gur dea-shaoránaigh Eorpacha muid den chuid is mó, is cairde criticiúla muid nuair is gá. Ní call ach torthaí iomadúla reifrinn a lua. Tá sé follasach nach mian le móramh an phobail a bheith páirteach i gcomhghuaillíocht mhíleata ECAT nó NATO. San am céanna, tá forneart na Rúise ina bhagairt shoiléir ar shíocháin san Eoraip. Tuigtear nach seasfaidh polasaí cosanta atá bunaithe ar ghuibhe agus comhar comharsan an RAF a thuilleadh. Beidh ar an rialtas a bheith críonna oscailte maidir le mórathruithe a mholadh ar an neodracht (m.sh. an glas triarach) agus aon pháirtíocht a bheadh ag na Fórsaí Cosanta in oibríochtaí míleata i gcomhar le ballstáit eile ar mhórchríoch na hEorpa. Méadóidh ar an gcoimhthíos roimh an ábhar má fhéachtar le díospóireacht faoin gceist a sheachaint.
- Is cás leis an bpobal mór an Ghaeilge agus is mithid do ranna rialtais glacadh leis sin agus gníomhú de réir thoil an phobail. Scríobh Seán Tadhg Ó Gairbhí le gairid go bhféadfaí a dhéanamh amach go raibh builcín 125,000 duine ann go náisiúnta – 3% – a bhí fíordhaingean maidir leis an ábhar seo. Léiríonn an toradh – i measc nithe go leor eile – nach bhfuil an builcín seo astu féin. Agus Straitéis 20 Bliain na Gaeilge ag bordáil i dtreo cheann scríbe 2030, tagann ceisteanna feidhmithe polasaí teanga chun cinn láithreach. Cén uair a dhéanfar infheistíocht bhreise sa bpróiseas pleanála teanga ar an talamh? Cén uair a shocrófar na caighdeáin teanga? Cén uair a chuirfear bonn maoinithe fadtréimhseach faoi Fhoras na Gaeilge? Cén uair a dhéanfaidh comhlachtaí poiblí beart seachas a bheith i mbun breithnithe beartais? Tá am na siléige caite. Tús a bhí sa maoiniú breise cáinaisnéise ach toradh díreach a bheith air go luath.
- Tá an bhréagaisnéis chugainn agus tá an stát ar an gcois deiridh. Bíodh na líomhaintí bréagacha a cuireadh i leith Jim Gavin agus an tuairisc bhréagnuachta a thug le fios go raibh Catherine Connolly ag tarraingt siar ón bhfeachtas ina dtairní sa mbeo nó go dtiocfaimid roimh an mbréagaisnéis ar líne. Is líonmhaire anois ná riamh i stair an stáit comhlachtaí poiblí a bhfuil cúraimí rialála orthu sa bhfearann ar líne. An raibh idirghabhálacha fónta soiléire ó Choimisiún na Meán, ón gCoimisiún Toghcháin, ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí a chothaigh muinín sa gcóras arís? Ní fiú sifín rialtóirí córais mura bhfuil siad inniúil agus in araíocht dúshlán na gcomhlachtaí móra meán sóisialta a thabhairt.
- Tá córas anailíse na meán traidisiúnta thar a bheith uireasach. Déarfainn féin go raibh míshásamh ar bheagnach chuile dhuine leis na modhanna agallóireachta a bhí ar Virgin Media, cainéil raidió agus teilifíse RTÉ, Newstalk, Today FM, srl le linn an fheachtais. Ní comhartha bisiúlachta do na meáin phoiblí é nuair a bhíonn an chuid is spéisiúla den stocaireacht á reáchtáil ar ardáin neamhlíneacha. Bhí fíbín ar na nuachtáin plaic a bhaint as béil a chéile ach ar éigean a choinnigh na mórmheáin chraolta éirim na gníomhaíochta ar an talamh leis an lucht éisteachta agus féachana a bhí acu. Agus a shliocht ar na tráchtairí go dtí Lá an Chomhairimh féin. Lagaíonn bearna ábharthachta muinín an phobail sna meáin phoiblí. An chríoch a bhíonn ar neamhábharthacht mheán ná imeacht as.
- Bunriachtanas atá ann seirbhís bheo téacsbhunaithe ar líne a bheith ar fáil don phobal teanga. Ar laethanta comhairimh agus ar laethanta eile nach iad. Ar an bhfón cliste a fhaigheann 77% den phobal a gcuid nuachta anois de réir Thuarascáil Choimisiún na Meán ar an Nuacht Dhigiteach in Éirinn (2025). Cé go mbaineann fiúntas i gcónaí le hiarrachtaí tuairisceoiri, láithreoirí agus lucht anailíse ar mhórchláir chraolta lá an chomhairimh, tá na múnlaí soláthair ar RTÉ, TG4 agus Raidió na Gaeltachta bunaithe ar ré agus riachtanais atá seanchaite. Tá an t-ábhar á phlé, á scrúdú, á iniúchadh ag ardleibhéal polasaí idir RTÉ agus TG4 le breis is trí bliana. An bhfuil aon bhaol ann go gcuirfidh na meáin phoiblí seirbhís riachtanach phoiblí ar fáil am éigin roimh lár an chéid seo?
Ar ndóigh, is furasta a bheith ag ceasacht agus ag cáineadh. Is iomaí sin cúis a bhí leis an 213,738 vóta millte a caitheadh. Cead agóide, cinnte, ach cuimhnigh gur linn féin ‘an córas’. Cáin s’againne a bhailítear agus a roinntear sa gcáinaisnéis. Is fúinn ar fad é ar deireadh dul i ngleic leis na húdair choimhthís agus féachaint chuige go ndúntar na bearnaí le bearta seachas le briathra.
Fág freagra ar 'Ón neodracht go dtí an Ghaeilge – sé cheacht toghcháin nár mhiste gníomhú orthu'