DIALANN TUAIRISC: Na Gaeil ag déanamh ar Bhéal Feirste, Oíche Shamhna agus na púcaí ina suí, ní hé lá na gaoithe lá na scolb

Gach seachtain cuireann scríbhneoirí éagsúla ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc…

DIALANN TUAIRISC: Na Gaeil ag déanamh ar Bhéal Feirste, Oíche Shamhna agus na púcaí ina suí, ní hé lá na gaoithe lá na scolb

Na Gaeil ag déanamh ar Bhéal Feirste

Tá na Gaeil ag déanamh ar Bhéal Feirste d’Oireachtas na Samhna agus féile mhór na nGael ar siúl an tseachtain seo. Seachtain mhór don Ghaeilge a bhí inti thuaidh agus theas. Rinne an tUachtarán tofa Catherine Connolly beart de réir a briathar i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine agus a hóráid tugtha i nGaeilge aici. Ní hamháin sin ach bhí sí ag seoladh an Oireachtais cois cuain inné, a céad ócáid mhór mar uachtarán tofa.

Táthar ag tuar go mbeidh deich míle duine ag freastal ar imeachtaí an Oireachtais i gcaitheamh na seachtaine agus os cionn 1,000 iomaitheoir sna comórtais i mbliana den chéad uair riamh.

Bhí údar eile ceiliúrtha ag muintir na Gaeilge i mBéal Feirste an tseachtain seo agus é fógartha sa deireadh thiar go bhfuil an chéad Choimisinéir Gaeilge ceaptha ó thuaidh. Fógraíodh go bhfuil Dr Pól Deeds, Leas-phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge ceaptha mar choimisinéir don Ghaeilge ó thuaidh. Bí ag caint ar Sheachtain na Gaeilge!

**

Oíche Shamhna agus na púcaí ina suí

Anois agus Oíche Shamhna ag teannadh linn agus an cuirtín idir an saol seo agus an saol eile ag éirí níos tanaí, ní mór do dhuine a bheith ar an airdeall le faitíos go dtiocfadh aon neach anonn nó anall ón taobh eile. Tá an teach maisithe d’Oíche Shamhna againn agus púcaí is cailleachaí crochta ar na ballaí taobh amuigh, cnámharlach fhíochmhar ag éirí aníos as an bhfraoch sa mbosca fuinneoige, agus caitíní dubha ag rince trasna na fuinneoige.

Ar ndóigh, baineann na gasúir spraoi as na maisiúcháin, ach is í an chúis atá leo dáiríre ná na púcaí a dhíbirt. Iadsan agus bhí súil agam freisin go mb’fhéidir go ndíbreoidís na fir atá ar ais ag cartadh an bhóthair an tseachtain seo. Ní éirigh leo aon ruaig a chur ar na fir oibre faraor, agus fuaimrian an tí imithe ar ais anois go dtí tafann na ngadhar agus torann an druilire amuigh ar an mbóthar. An bhfaca tú riamh aon cheann de na físeáin ASMR? Fuaimeanna deasa réidhe a bhíonn ann agus é d’aidhm acu thú a cheansú is a shuaimhniú. Pébí céard é a mhalairt den ASMR, sin é atá againne.

Seans go raibh mé ar an airdeall cheana féin nuair a baineadh geit asam san oíche aréir. D’oscail mo shúile de phreab nuair a chuala mé ‘rat-a-tat-tat, rat-a-tat-tat’ ar an bhfuinneog in uair mharbh na hoíche. Bhreathnaigh mé anonn ar an bhfuinneog agus chonaic mé scáth dorcha taobh amuigh ag luascadh anonn is anall. Ansin chonaic mé cruth láimhe, lámh fhada chnámhach is an chorrmhéar sínte amach i mo threo, ‘rat-a-tat-tat, rat-a-tat-tat’. Sin é anois é, is dóigh, a chuimhnigh mé, tá mo rás rite, tá an bás tagtha do m’iarraidh. Ná breathnaigh sa tsúil air, agus b’fhéidir go n-imeodh sé leis arís. Nó b’fhéidir gur duine éigin atá ar a bhealach abhaile ón ragairne atá ann agus é ag an teach mícheart… Ná habair tada. D’airigh mé mo chroí ag preabadh.

Chaithfinn seiceáil. Anonn liom go dtí an fhuinneog, mo chroí i mo bhéal. Rug mé ar an sreangán ar na dallóga agus tharraing mé ar éigean é. Is ansin a chonaic mé é. Bhí an ghaoth tar éis breith ar cheann de na taibhsí bréige agus bhí sé tite síos in aice leis an bhfuinneog agus bhí an lámh phlaisteach ag bualadh in aghaidh na fuinneoige. Ní raibh ann ach an ghaoth. Tá súil agam.

***

Ní hé lá na gaoithe lá na scolb

Bhí muid sa gcistineach agus mé ag caint leis an mBeainín faoi na crainnte a bhí á mbaint sa gceantar le deireanas. Is uaigneach an rud é crann a fheiceáil á ghearradh siar nó á bhaint anuas, ach is beag rogha atá ag daoine anois ach é a dhéanamh ó tháinig an scrios mór anuraidh le Stoirm Éowyn. Tá fíbín ar dhaoine ar fud na tíre anois ag iarraidh crainnte agus géaga a ghearradh siar ó fhoirgnimh agus cáblaí in iarracht réiteach don gheimhreadh.

Tá muintir Iamáice ag breathnú ar an damáiste anois i ndiaidh Spéirling Melissa i rith na seachtaine agus iad buailte go dona ina diaidh. Ba í an stoirm ba láidre riamh é ó thosaigh taifeadtaí á gcoinneáil agus gaoth ag séideadh ag beagnach 300km san uair.

‘Céard é scolb?’ a d’fhiafraigh an Bheainín díom. Bhuel anois, agus mé ag iarraidh cuma an eolais a chur orm féin, thuig mé nach raibh a fhios agam céard é scolb. Ní dhearna mé ach glacadh leis an seanfhocal, mar a bhí.

‘Rud éigin a bhaineann le tuí,’ a dúirt mé.

‘Like, féar?’ arsa an Bheainín, ní raibh sí ag scaoileadh leis.

Ní raibh mé ag iarraidh a ghabháil i muinín an fhoclóra ansin díreach i lár na cistine.

‘Em, sea, ceapaim na meáchain a leagtar anuas ar an tuí, nó rud éigin mar sin.’

‘Ní fhaca mé aon mheáchan leagtha anuas ar thuí riamh,’ ar sí.

‘Is dóigh, ní hé an meáchan é, ná bac, ná bac, go bunúsach, séard atá mé ag rá ach – déan an rud nuair atá an deis agat agus ná bí ag fanacht go mbeidh sé ródheireanach.’

‘Níl a fhios agat céard é ‘scolb’, an bhfuil a fhios?’ a deir sí.

****

Fág freagra ar 'DIALANN TUAIRISC: Na Gaeil ag déanamh ar Bhéal Feirste, Oíche Shamhna agus na púcaí ina suí, ní hé lá na gaoithe lá na scolb'