‘Bheadh polasaí láidir Gaeilge ag Leo Varadkar’ — Seán Kyne

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta gur ‘ceist don Taoiseach nua’ cé acu ar cheart nó nár cheart ról sinsearach a dhéanamh de ról an Aire a mbíonn cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta air

‘Bheadh polasaí láidir Gaeilge ag Leo Varadkar’ — Seán Kyne

 

Dúirt an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Seán Kyne le Tuairisc.ie go mbeadh “polasaí láidir Gaeilge ag Leo Varadkar” sa chás go n-éireodh leis i dtoghchán ceannaireachta Fhine Gael agus go mbainfeadh sé oifig an Taoisigh amach ina dhiaidh sin.

Tá a gcuid tacaíochta geallta ag an Aire Kyne agus a réamhtheachtaí mar Aire Stáit Gaeltachta Joe McHugh, an tAire Stáit don Diaspóra, do Leo Varadkar i dtoghchán ceannaireachta Fhine Gael.

Dúirt an tAire Kyne le Tuairisc.ie aréir go dtuigeann Varadkar tábhacht na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, go bhfuil cúrsaí sa teanga déanta ag an Aire Coimirce Sóisialaí agus go bhfuil “meas aige ar an nGaeilge”.

Dúirt sé gur “ceist don Taoiseach nua” a bheadh ann cé acu ar cheart nó nár cheart ról sinsearach a dhéanamh de ról an Aire a mbíonn cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta air.

“Bíonn muide, Leo, Joe McHugh, agus mé féin, ag labhairt Gaeilge le chéile. Bhí comhrá i nGaeilge againn inné agus muid ag ithe an dinnéir. Tá cúrsaí teanga déanta ag Leo, agus tá meas aige ar an nGaeilge. Beidh polasaí láidir Gaeilge aige, agus beidh mé ag labhairt leis arís faoi sin,” a dúirt Kyne.

Níl aon amhras ar Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, áfach ach go dteastaíonn Aire Sinsearach le dul ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta ag Bord an Rialtais.

“Beimid á éileamh sin, tá sé feicthe againn cheana nuair nach mbíonn duine ag Bord an Rialtais, nach mbíonn dóthain tionchair ag an Aire Sóisearach. Tá roinnt rudaí ann gur gá go mbeadh Aire Sinsearach ann le haire cheart a thabhairt dóibh — laghdú ar an airgead a thugtar d’Fhoras na Gaeilge agus d’Údarás na Gaeltachta, mar shampla.

“Ní hé sin le rá nach bhfuil obair mhaith á déanamh ag Seán Kyne i láthair na huaire, ach d’éireodh níos fearr leis dá mbeadh sé ina Aire Sinsearach. Beidh le feiceáil, pé duine a bheidh i ról an Taoisigh, níl aon chinnteacht nach ina Aire Talmhaíochta a bheadh Seán Kyne má éiríonn le Leo, mar shampla,” a dúirt sé.

Dúirt sé freisin go bhfuil súil ag an gConradh go mbeidh na hiar-airí sóisearacha i Roinn na Gaeltachta, chomh maith le Seán Kyne féin, in ann a chur ina luí ar an Taoiseach nua “cé chomh deacair is atá sé a bheith i d’Aire Sóisearach agus, ag an am céanna, dul chun cinn a dhéanamh”.

Tá cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta, agus na nOileán, Catherine Connolly idir dhá chomhairle fós maidir le cé acu Varadkar nó Coveney a dhéanfadh an beart is fearr ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta, ach dúirt sí le Tuairisc.ie go mbeadh sí “thar a bheith buartha maidir leis an bpolasaí” a bheadh ag ceachtar den bheirt.

“Ní a fhios agam cé mhéad Gaeilge atá ag ceachtar acu, ach bhí Gaeilge ag Enda [Kenny], agus bhí sé deacair go leor dul chun cinn a dhéanamh leis. Ní leor a bheith báúil don Ghaeilge ná líofa sa Ghaeilge, mar a bhí Enda.

“Beidh muid ag coinneáil súil ghéar ar an toghchán ceannaireachta, agus beidh cuireadh á thabhairt don chéad Taoiseach eile teacht inár láthair. Cibé cén ábaltacht atá aige, an bhfuil sé dáiríre faoin straitéis? Sin an cheist. Má tá sé sásta an Ghaeilge a chur chun cinn, beag beann ar a ábaltacht, beidh muid sásta. Ach tá súil agam go mbeidh siad beirt ag foghlaim na Gaeilge ar aon chaoi,” a dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly.

Fág freagra ar '‘Bheadh polasaí láidir Gaeilge ag Leo Varadkar’ — Seán Kyne'

  • Brendan Keane

    Cuireadh muid chun an iarrthóir at laghad ceann polasaí nua: go bhfuil bun-ceart ar aon duine san Stát a dul chun Gaelscoil ar éileamh.