Béim síos ab ea an chéad chlár den tsraith is déanaí de ‘The Fall’

Is léir go bhfuil lucht ‘The Fall’ ag tarraingt na gcos mar go dtuigtear cumhacht lonrach na réalta

Béim síos ab ea an chéad chlár den tsraith is déanaí de ‘The Fall’

Gaisce faoi leith do tháirge Éireannach é beirt réalta móra idirnáisiúnta a earcú (The Fall, RTÉ 1, Dé Domhnaigh).

Cinnte tá blianta gafa tharainn ó bhí Gillian Anderson i mbarr a réime leis na X-Files (cé go bhfuil Mulder agus Scully ar ais linn arís) agus níorbh aon réalt é Jamie Dornan nuair a seoladh an chéad ghála de The Fall in 2013.

Mar sin féin is réalta iad agus thuigfeá an drogall a bheadh ar shraith mar seo fáil réidh leo. Ina theannta sin, tá éirithe leo carachtair théagartha, mhealltacha faoi leith a chur ina steillbheatha os ár gcomhair le dhá shraith anuas. An dúnmharfóir mealltach agus an bleachtaire cortha. 

Ina dhiaidh sin féin, tá scéal mhadra na n-ocht gcos á dhéanamh den chúram agus an comhrac beirte anois ag sleamhnú isteach sa tríú sraith, cé go bhfuil an bithiúnach Spector i ngéibheann ó chlár leathdhéanach na bliana seo caite.  Is léir go bhfuiltear ag tarraingt na gcos mar go dtuigtear cumhacht lonrach na réalta.

Anuraidh fágadh sinn ar cipíní. Rose Taylor faighte i mbúit cairte agus Spector sna croití deireanacha.

Sa chomhrac gunnaí gortaíodh Spector go dona, maraíodh James Taylor agus goineadh an póilín Tom Anderson.

Is léir go mairfidh Spector agus dá bharr ba chúis iontais dom go raibh an oiread útamála san ospidéal aréir. Sinn in ainm is a bheith ar tinneall, mar dhea agus beatha an bhithiúnaigh idir dhá cheann na meá. B’fhánach na radharcanna iad.

Cuireadh tús leis an tríú sraith le clár 75 nóiméad, ach ar an drochuair níor tharla an oiread sin. Ba gheall le gála de Casualty, ER nó aon cheann de na táirgí ospidéil eile sin clár na hoíche aréir.

Radharcanna sa seomra éigeandála á raideadh chugainn sula raibh na hothair san ospidéil, fiú. Seatanna glinne d’fhuil agus d’fholracht ar fud na mball. Bhíos buíoch go raibh na prátaí beirithe agam i lár an lae.

Fuaireas blas ait ar an rud ar fad in ainneoin go raibh sé snasta agus gur bhaineas súp as béarlagair an tseomra éigeandála agus na carúlacha a bhí á gcaitheamh.  ‘What is this, the seventies?’ a deir dochtúir deisbhéalach, réchúiseach, tnáite nuair a chloiseann sé go bhfuil beirt tagtha an doras chuige le hurchair iontu.

Ach taibhsíodh dom ná rabhamar ach ag fanacht ar an gcinniúint dhosheachanta; sé sin aiséirí Spector le gur féidir leis cúpla comhrac béil eile a bheith aige le Stella.

Bhí Stella í féin ag spaisteoireacht timpeall an ospidéil fad is a bhí na dochtúirí i lár an aonaigh. Carachtar iontach í; láidir agus goilliúnach, cumasach agus amaideach in éineacht. Níor luigh an radharc leis an tseanbhean sa deireadh leis an gcarachtar in aon chor, áfach, agus mheasas nach rabhthas ach ag meilt ama.

Is cinnte go mbeidh uisce lenár bhfiacla sna radharcanna le Spector atá le teacht. Tá sé thar am an scéal a thabhairt chun críche. Déanfar sin sa tsraith seo cinnte ach sé an gealladh faoi Dornan is cúis leis sin seachas aon ní eile. Go dtí sin bainfimid taitneamh as an táirge, tuarúil, snasta seo.