Beidh sé ina ‘Shiamsa Cois Laoi’ i bPáirc Uí Chaoimh, agus tá go leor cluichí móra eile á n-imirt an deireadh seachtaine seo

Caitheann ár gcolúnaí súil chun cinn ar na cluichí móra CLG atá ar siúl sna contaetha Gaeltachta inniu agus amárach

Beidh sé ina ‘Shiamsa Cois Laoi’ i bPáirc Uí Chaoimh, agus tá go leor cluichí móra eile á n-imirt an deireadh seachtaine seo

Paírc Uí Chaoimh

Beidh sé ina ‘Shiamsa Cois Laoi’ i gCorcaigh Dé Domhnaigh nuair a osclófar go hoifigiúil Páirc athchóirithe Uí Chaoimh agus nuair a imreofar ansiúd Cluiche Ceannais athimeartha sinsir peile an Chontae idir Raonaithe Nemo agus Cumann Barra Naofa (1.00pm) agus cluiche ceannais sinsir na hiomána idir an Charraig Dhubh agus Uí Mhic Coille (4pm).

San Aibreán seo caite nuair a cuireadh tús leis an gcraobh peile, ba bheag a cheap go mbeadh Cumann Barra fós sa tóir ar Chorn an Evening Echo tar éis do Bhaile an Chollaigh bua 13 cúilín a fháil orthu. Nó gur chríochnaigh siad féin agus Nemo ar chomhscór Dé Domhnaigh seo caite, bhí leathdhosaen cluiche as a chéile buaite ag Cumann Barra agus díoltas bainte amach acu ar Bhaile an Chollaigh faoi bhealach.

Bhí siad i bpoll sa gcluiche comhscóir sin freisin – 7 gcúilín le fána isteach sa dara leath, ach níor cheadaigh siad ach 3 scór eile do Nemo sna 30 nóiméad dheireanacha.

Bhí Uí Mhic Coille taobh le hathimirt iad féin sa mbabhta leathcheannais inar bhuaigh siad ar na Sáirséalaigh. Faoi dhó a bhuaigh an fhoireann dúiche seo as oirthear an chontae an chraobh shinsir riamh (1997 agus 1998) agus cé gur ag a gcéilí comhraic Dé Domhnaigh is minic an chraobh chéanna buaite, tá sé 15 bliain ó thug an Charraig Dhubh leo an ceann is deireanaí acu sin.

Colm Cooper. Pictiur: INPHO/Tommy Dickson

CIARRAÍ

Tabharfaidh Crócaigh Chill Airne faoi Chorn an Easpaig Uí Mhuimhneacháin a bhreith leo don 6ú huair le hocht mbliana nuair a imreoidh siad féin agus Deisceart Chiarraí a chéile i gcluiche ceannais sinsir peile an chontae sin ar Pháirc an Stacaigh Dé Domhnaigh (3.00pm)

Arú anuraidh a bhuaigh peileadóirí Uíbh Ráthaigh an chraobh go deireanach agus cé gurbh iad an Léigiún a sháraigh siad sa gcluiche sin, tá an-stair ag baint le babhtaí ceannais idir iad féin agus na Crócaigh.

Faoi thrí in imeacht chúig bliana a bhuaigh na Deisceartaigh ar mhuintir Chill Airne idir 2005 – 2009. Maurice Fitzgerald a chuir ó rath iad an bhliain ba thúisce acu sin agus ní raibh eatarthu ach na cúilíní a scóráil Bryan Sheehan agus Declan O’ Sullivan in 2006 agus 2009.

Fágann gortú nach mbeidh Killian Young in ann imirt don fhoireann dúiche.

Roimhe sin ag a 1.00pm, imreoidh na Rathallaigh agus Cill Chuimín a chéile i gcluiche dícháilithe agus is sa ngrád idirmheánach a bheidh na caillteoirí an séasúr seo chugainn.

Dé Domhnaigh seo chugainn (29ú) a imreofar Cluiche Ceannais Idirmheánach Peile Chiarraí idir an Ghaeltacht agus an Teampall Nua.

PORT LÁIRGE

Cathair dheighilte a bheidh i bPort Láirge Dé Domhnaigh mar is péire de phríomhfhoirne iomána na cathrach sin a imreoidh a chéile i gcluiche ceannais sinsir an chontae – beidh sin amhlaidh de bharr an bhua aon chúilín amháin a bhí ag De La Salle ar an bPasáiste Dé Domhnaigh seo caite agus an péire d’fharasbarr a bhí ag Baile Gunnair ar an Lios Mór.

Is iad Baile Gunnair a bhuaigh an chraobh le trí bliana ach ba le De La Salle a bhí an lá nuair a d’imir na clubanna a chéile go deireadh sa mbabhta ceannais in 2010.

Beidh dornán maith de na hiománaithe a thug Port Láirge chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann le feiceáil ag imirt sa gcluiche seo a thosóidh ar Pháirc an Bhreathnaigh ag 3.00pm. Stephen O’ Keefe, Barry Coughlan, Philip Mahony, Kieran Bennett, Ian Kenny agus Peter Hogan ag Baile Gunnair. Is le De La Salle a imríonn captaen na nDéiseach, Kevin Moran mar aon le Jake Dillon, Shane McNulty agus Steven Daniels.

Ar an Satharn (3.00pm) ar Pháirc na Sceach, imreoidh an Seanphobal agus Áth Mheáin a chéile i mbabhta leathcheannais i gCraobh Shóisir Peile an Iarthair.

GAILLIMH

Tá ceann scríbe sroichte faoi seo i bhformhór na gcomórtas peile a imrítear i gcraobhacha na Gaillimhe, cé is moite den cheann idirmheánach a chuir cluiche comhscóir leathcheannais idir Cill Chonla agus Cill Choirín Cluain Bheirn a mbeidh a athimirt ag tosú i dTuaim ag 4.00pm ar an Satharn. Baile Liam atá ag fanacht ar na buaiteoirí.

Tá an t-ísliú céime go dtí an grád idirmheánach ag bagairt i gcónaí ar chúpla ceann de na foirne Gaeltachta. Is iad Bearna is gaire den tubaiste agus mura mbuafaidh siad ar Chill Chonla ar Pháirc an Phiarsaigh Dé Domhnaigh (3.45) ní bheidh acu ach seans amháin eile le hiad féin a shlánú.

Beidh na babhtaí ceathrú ceannais ar bun i gCraobh Shinsir Iomána na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo ar Pháirc Uí Chionnaith i mBaile Átha an Rí. Ar an Satharn Na Sáirséalaigh v Ceapaigh an tSeagail (2.00pm) agus Gort Inse Guaire v Chill Íomair Uí Dhálaigh (3.30). Ar an Domhnach Creachmhaoil v Port Omna (1.00pm) agus Cumann Liam Uí Mhaoilíosa v Droichead an Chláirín (2.30).

Cillian O’Connor. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

MAIGH EO

Beidh Mistéalaigh Chaisleáin an Bharraigh ag iarraidh Craobh Shinsir Peile Mhaigh Eo agus Corn Paddy Moclair a thabhairt leo don tríú huair as a chéile nuair a imreoidh siad Baile an Tobair i gcluiche ceannais na bliana seo ar Pháirc Mhic Éil ar an Domhnach (3.30pm).

Ní chun sochar na Mistéalach a thiocfaidh sé nach bhfuil ann ach cúpla lá ó chinntigh siadsan a n-áit sa gcluiche sin – san oíche Dé Céadaoin a bhuaigh siad ar an nGarraí Mór in athimirt an bhabhta leathcheannais.

Is iad an Tuairín nó Béal Átha hAmhnais a bhuaigh an Chraobh Shinsir Iomána i gCo. Mhaigh Eo chuile bhliain ó 1988 ar aghaidh, seachas péire a bhuaigh Béal an Mhuirthead (2001) agus Béal an Átha (2007) agus tabharfaidh na comharsana aghaidh ar a chéile arís i gcluiche ceannais na bliana seo Dé Sathairn ar an Tuairín (4pm). Má bhuann Béal Átha hAmhnais beidh an chraobh crochta leo acu den 4ú bliain as a chéile. D’fhágfadh sin 13 craobh ar fad acu, cé nár bhuaigh siad an ceann ba thúisce acu sin go dtí 2002.

Tá peileadóir Mhaigh Eo Keith Higgins ar an bhfoireann acu mar aon le peileadóir an Chláir Eoin Collins.

Fág freagra ar 'Beidh sé ina ‘Shiamsa Cois Laoi’ i bPáirc Uí Chaoimh, agus tá go leor cluichí móra eile á n-imirt an deireadh seachtaine seo'