Ba é ‘Tweet’ féin an focal ba chonspóidí in aistriúchán Twitter go Gaeilge

Bhí 200 duine páirteach in aistriú an tsuímh sóisialta ach ba é ‘tweet', ‘tweetanna' agus ‘tweetáil’ in áit an fhocail Gaeilge ‘giolc’ nó an fhocail Ghaelaithe ‘tvuít’ an rogha ba chonspóidí a deir an tOllamh Kevin Scannell faoi aistriú an tsuímh sóisialta Twitter. Tá súil ag lucht a aistrithe leagan aipe a chur ar fáil amach anseo

Tweet

Beidh an leagan Gaeilge de Twitter atá curtha ar fáil le gairid le soláthar freisin ar aipeanna an tsuímh ach beannacht an lucht bainistíochta a bheith ag na haistritheoirí, dar le duine acu, an tOllamh Kevin Scannell.

“Beidh sé ar fáil ar na haipeanna le cúnamh Dé, ach níl sceideal leagtha amach don obair sin. Braitheann sé ar thacaíocht innealtóireachta ó lucht Twitter, mar aon leis an obair aistriúcháin,” a dúirt an tOllamh Scannell le Tuairisc.ie.

Sceitheadh an leagan Gaeilge den suíomh sóisialta Twitter trí thimpiste an tseachtain seo caite. Slua-aistriú a chuir tús leis an togra trí bliana ó shin agus bhí 200 duine páirteach ann ach roghnaíodh ceathrar ag deireadh na bliana seo caite chun a bheith ina n-eagarthóirí ar an aistriúchán.

Ba iad Eoin P. Ó Murchú agus Marcas Ó Loinneacháin, ar as Éirinn iad, agus Kevin Scannell agus Brian Boll, ar Meiriceánaigh iad, a roghnaíodh chun an eagarthóireacht a dhéanamh i mí na Nollag.

“Sular roghnaíodh muid, ní raibh aon údarás ar leith againn san ionad aistriúcháin – bhíomar in ann teachtaireachtaí a aistriú agus vótaí a chaitheamh cosúil le gach duine eile,” a mhínigh an tOllamh Scannell.

Bhí an córas sin lochtach, dar leis an ollamh, agus bhí fadhbanna ann ó thaobh leanúnachas na téarmaíochta de. Nuair a ceapadh an ceathrar ina n-eagarthóirí, bhí an deis acu na fadhbanna sin a réiteach.

“Bhí go leor fadhbanna ann. Mar shampla bhí téarmaí éagsúla in úsáid ag na haistritheoirí difriúla: fón agus guthán; focal faire agus pasfhocal. Bhí botúin litrithe agus botúin ghramadaí ann agus go leor leor aistriúchán ó Google Translate a mhol daoine nach bhfuil mórán Gaeilge acu, nó raibh raibh Gaeilge ar bith acu.

“Mar eagarthóirí, bhíomar in ann na fadhbanna sin a réiteach go han-tapaidh ar fad, agus díriú ar na teachtaireachtaí a bhí fós gan aistriú – níos mó ná 20,000 ag an am sin,” a dúirt an tOllamh Scannell.

D’oibrigh Eoin Ó Murchú agus Kevin Scannell ar aistriú Gmail anuraidh freisin agus fuair an ceathrar eagarthóirí cúnamh ó bhaill eile na foirne a d’oibrigh ar an tiontú sin – Ciarán Bréartúin, Mícheál Ó Meachair agus Cormac Breathnach. Ceapadh an triúr sin ina n-eagarthóirí freisin ó cuireadh an leagan beta de Twitter ar fáil.

Ar na fadhbanna ba mhó leis an aistriúchán, dar le Kevin Scannell, bhí an córas é féin.

“Ní an raibh an córas aistriúcháin róchairdiúil. Bhí neart HTML agus míreanna teicniúla eile sna teachtaireachtaí a bhí le haistriú agus uaireanta ní raibh sé ró-éasca déileáil leis sin.

“Agus ar ndóigh bhí sé deacair roinnt téarmaí a roghnú. Is dócha gurb iad ‘tweet’, ‘tweetanna’ agus ‘tweetáil’ in áit an fhocail Gaeilge ‘giolc’ nó an fhocail Ghaelaithe ‘tvuít’ an rogha is conspóidí. Ach ba é sin rogha an phobail agus tá mise sásta leis,” a dúirt sé.

Anois agus an córas ar fáil tá achainí déanta ag duine de na haistritheoirí, Eoin Ó Murchú, ar Ghaelphobal Twitter úsáid as.

“Iarraim ar dhaoine úsáid a bhaint as. Chaith scata againn an-dua leis go dtí seo agus b’obair in aisce é mura mbainfear úsáid as,” a dúirt Ó Murchú le Tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'Ba é ‘Tweet’ féin an focal ba chonspóidí in aistriúchán Twitter go Gaeilge'

  • Seán Mag Leannáin

    Seachtar ag saothrú ar son na Gaeilge i réimse seo na nua-theicneolaíochta. Kevin Scannell agus Brian Boll, ar Meiriceánaigh iad, agus Eoin P. Ó Murchú, Marcas Ó Loinneacháin, Ciarán Bréartúin, Mícheál Ó Meachair agus Cormac Breathnach ina dteannta. Caithfear an t-Ollamh Kevin Scannell a áireamh i measc laochra na Gaeilge ár linne féin. An bhfuil aon teorann lena chuid gaiscíochta i saothrú agus i slánú na teanga? Is mór idir é agus cuid den lucht acadúil Gaeilge anseo nach léir go ndéanann siad mórán taobh amuigh de mhion-anailís ar thrá na Gaeilge sa Ghaeltacht.

  • Tuigim

    Iontach ar fad an obair a rinne siad.
    Moladh go deo leo.
    Súil agam go mbeidh bean ar an bhfoireann as seo amach.