Athrú stíle ag teastáil ó Éirinn más fúthu áit sa Rúis a bhaint amach

Martin O'Neill inné. Pictiúr: INPHO/Lorraine O'Sullivan

Athrú stíle ag teastáil ó Éirinn más fúthu áit sa Rúis a bhaint amach

Amárach, imreoidh foireann sacair na hÉireann an chéad cheann de dhá chluiche chinniúnacha ina bhfeachtas chun áit ag Craobh an Domhain 2018 a bhaint amach. Is i Staid Aviva amárach a thabharfaidh foireann Martin O’Neill aghaidh ar an Moldóiv, sula dtabharfaidh siad aghaidh ar an mBreatain Bheag in Caerdydd ar an Luan.

Má tá seans le bheith acu áit a bhaint amach sa Rúis an samhradh seo chugainn, caithfidh Éire an dá chluiche sin a bhuachan, ach fiú má éiríonn leo é sin a dhéanamh, beidh siad fós ag brath ar thorthaí ó chluichí eile.

Is mór an t-athrú atá tagtha ar an scéal le roinnt míonna anuas. Ag tús 2017, bhí Éire ar bharr Ghrúpa D agus deich bpointe aimsithe ina gcéad cheithre chluiche. Faraor, ceithre chluiche eile atá imeartha ó shin agus gan aon cheann díobh buaite acu.

Ba é an cluiche comhscóir in aghaidh na Seoirsia ag tús na míosa seo caite an toradh is mó a ghoill ar lucht tacaíochta na tíre, áfach. Léiríodh laigí na hÉireann go soiléir an oíche sin. Ní raibh an liathróid ina seilbh acu ach ar feadh 31% den chluiche agus d’imir na Seoirsigh a cheithre oiread pasanna agus a d’imir foireann na hÉireann.

Tá bua ag teastáil go géar ó fhoireann na hÉireann agus is léir anois go bhfuil athrú stíle ag teastáil freisin.

Má bhreathnaíonn tú ar na trí thoradh is fearr a bhí ag Éirinn le cúpla bliain, i gcoinne na Gearmáine, na hIodáile agus na hOstaire, feicfidh tú gur d’uireasa Glenn Whelan a tharla siad. Thosaigh Whelan sa chluiche in aghaidh na hOstaire ach gortaíodh go luath sa chluiche é.

Is minic Whelan á cháineadh ag lucht leanúna na hÉireann agus cé go mbeadh trua agat d’imreoir a dhéanann a dhícheall i gcónaí, léiríonn a chuid imeartha na fadhbanna uile atá ag cur as don fhoireann le roinnt blianta anuas. Tá sé mall, cosantach agus tá easpa cruthaitheachta ag baint leis.

Tá an fear is fearr a d’fhéadfaí a chur in áit Whelan, James McCarthy, gortaithe arí, faraor, ach idir Jeff Hendrick, Harry Arter, David Meyler agus Wes Hoolahan, tá imreoirí ag O’Neill a bhfuil an díocas sin a thaitníonn leis iontu ach atá ábalta deiseanna a chruthú freisin.

Fiú má chinntear foireann níos cruthaithí a roghnú, beidh orthu na deiseanna a thapú, rud nach bhfuil déanta ag foireann na hÉireann ó thús an fheachtais.

Agus ocht gcluiche imeartha go dtí seo acu, níl ach naoi gcúl scóráilte ag foireann na hÉireann, ráta scórála atá níos measa ná beagnach chuile fhoireann eile atá sa tríú háit nó níos airde ina ngrúpa cáilithe. Is í an Asarbaiseáin an t-aon fhoireann eile a bhfuil níos lú scóráilte acu ná mar atá ag Éirinn.

Thosaigh Shane Long sé cinn de na cluichí cáilithe ach níl cúl amháin féin aimsithe aige agus fuair sé an ceann sin in aghaidh na Moldóive an t-am seo anuraidh, cluiche ar buadh go bog é, Is léir go dtuigeann O’Neill go bhfuil fadhb ann mar tá triúr tosaithe nua tugtha isteach sa scuad aige – Scott Hogan, Seán Maguire agus Aiden O’Brien.

Lena cheart a thabhairt do Long, bíonn air níos mó ama ná mar is ceart dó a chaitheamh ag rith i ndiaidh drochphasanna. Ach, arís, leigheasfaí é sin ach an stíl a athrú.

Fir iad Hendrick, Hoolohan agus Arter a théann sa tóir ar an liathróid níos minice ná Whelan i lár na páirce. Bíonn siad níos compordaí agus seilbh na liathróide acu freisin agus thabharfadh aon duine acu rogha eile do chosantóirí na hÉireann seachas an liathróid a lascadh suas an pháirc.

Drochbhliain a bhí in 2017 ó thaobh torthaí de agus tá ag trá ar an dea-thoil a bhí ann do Martin O’Neill. Thug stíl chosantach fhoireann na hÉireann go dtí Craobhacha na hEorpa in 2012 agus 2016, ach tá athrú stíle ag teastáil faoin tráth seo.