ASNC: Lucht na gCaighdeán Oifigiúil in adharca a chéile faoin ‘urú Gréine’

‘Séimhiú na gréine’ ba cheart a thabhairt ar an bhfeiniméan neamhaí, a deir Ultaigh

Solar_annular_eclipse_of_January_15,_2010_in_Bangui,_Central_African_Republic

Tá lucht na gCaighdeán Oifigiúil agus na canúineolaíochta i bpíobán a chéile ó mhaidin agus raic ann faoi ‘urú na Gréine’.

Cuireadh an lasóg sa bharrach nuair a dúirt gúrú gramadaí Tuaisceartach amháin ar Scéalta i mBarr Bata ar RnaG go raibh ‘leatrom’ á dhéanamh arís ar Ghaeilge Uladh agus gur ‘séimhiú na gréine’ ba cheart a thabhairt ar an bhfeiniméan neamhaí.

Dúirt urlabhraí ó Rannóg an Aistriúcháin “go bhféadfadh beirt gan beann ar a gcanúint a bheith mícheart sa chás seo mar gur ag Rannóg an Aistriúcháin amháin a bhí fios a cúraim sna cúrsaí seo”.

Dúirt fear ó Mhúscraí go dtarlódh go gcuirfeadh sé féin urú agus séimhiú ag obair “le bheith siúráilte faoi”.

Dúirt iarbhall den Continuity Caighdeán Oifigiúil, a bhunaigh Éamó roinnt blianta ó shin, rud éigin nár thug éinne aon aird air.

Mhol duine den lucht léinn go gcuirfí an scéal faoi bhráid fochoiste den choiste sainghramadóirí ginideach-shiúráilte atá ag ullmhú An Chaighdeáin Úr-Oifigiúil Dáiríre Píre mar chuid den chomóradh ar chogadh na gcanúintí a bhí faoi bhláth sa (g)C(h)laidheamh Soluis i 1916 agus nár tháinig aon mheath ó shin air.

Fág freagra ar 'ASNC: Lucht na gCaighdeán Oifigiúil in adharca a chéile faoin ‘urú Gréine’'

  • Aodán Ó Sé

    Bíodh do rogha féin agat, ach eascraíonn urú ó urdhubhadh. Nach aoibhinn an focal é!

  • Mise Áine

    Fórsaí, ahem, smúitiúla ar fud na háite, shílfeá..;-)

  • Eoghan ONeill

    Aodán, féar plé dhuit tá mé díreach i ndiaidh amharc ar fhoclóir Dinneen agus voilá tá’n ceart agat urdhubhadh = urú