Asail déanta de na saineolaithe agus iad ag grágaíl leo…

‘The year when donkeys were made of seers’ ba cheannteideal do scéal nuachtáin faoi 2016. Ach tá stádas anois ag an asal féin nach raibh cheana aige…

Asail déanta de na saineolaithe agus iad ag grágaíl leo…

Ní rachadh Poblachtánach thar thairseach an Tí Bháin arís nó go mbeadh dath geal ar an lon dubh; sin é a dúirt fear a bhí sinsearach go maith i bPáirtí an ‘Asail’ liom go gairid tar éis do Barack Obama an dara téarma a bhuachan mar Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá.   Tharla sin in 2012.  Is é an t-asal íomhá an Pháirtí Dhaonlathaigh i Meiriceá agus de réir an fhir seo bheadh a chluasa crochta go péacach aige ar feadh i bhfad.  D’fhéadfadh, a dúirt an saoi seo, go mbeadh cúlú gan stad i ndán do na Poblachtánaigh.

Bheadh Páirtí an ‘Asail’ sna cosa in airde, arsa an saoi seo mar go raibh an pobal Laidineach as Meiriceá Theas ag neartú as éadan ó dheas agus soir faoin tír i Meiriceá.  Bhainfidís croitheadh ar an ngreim a bhí ag na Poblachtánaigh go traidisiúnta sna Stáit seo, dar leis.  Is beag nach ngéillfeá dó ach gur thuig tú gur minic le saoithe agus saineolaithe dul amú a bheith orthu.

Chuimhnigh mé ar an saoi áirithe seo nuair a chroch Donald Trump, a bhí ceaptha a bheith ina iarrthóir tubaisteach ag na Poblachtánaigh, Uachtaránacht Mheiriceá leis le gairid.  Ní hé amháin sin ach tar éis réimeas Obama a mhair ocht mbliana, d’fhan na Poblachtánaigh i gceannas ar an Seanad agus ar Theach na nIonadaithe i Washington. Tá Páirtí an Asail ar féarach.

Ar féarach a cuireadh go leor de na saoithe freisin in 2016 de réir cheannlíne san nuachtán The Boston Globe an lá cheana. Cén bhrí ach cuirfear na saoithe ar féarach arís in 2017, a dúradh.  ‘The year when donkeys were made of seers’ ba cheannteideal don scéal seo.  Bhí dul amú ar na saoithe faoin vótáil a rinne muintir na Breataine i bhfabhar imeacht ar an Aontas Eorpach. Bhí dul amú orthu faoi thoradh an toghcháin i Meiriceá agus tuilleadh lena chois sin sa saol mór idirnáisiúnta.  Rinneadh asail as na saineolaithe.   

Ar cheart go dtabharfaí ‘asail’ ar dhaoine chomh heolasach agus chomh cliste le saineolaithe agus lucht tairngreachta – fiú agus go bhfuil mearbhall éigin orthu?  Ná an ceart go dtabharfaí asal ar dhuine ar bith?

Tháinig ceist mar seo chun cinn i gCúirt i gCorcaigh roimh an Nollaig.  Caismirt i gclós páirceála a bhí i gceist.  De réir na dtuairiscí nuachtáin ní maith a thaitin cor nó casadh éigin a rinne fear amháin – eachtrannach – lena charr le tiománaí eile.  Spréach an tiománaí seo agus dúirt leis an eachtrannach gur asal a bhí ann.  Chuir an chaint seo olc ar an bhfear ar tugadh asal air agus de réir na fianaise a cuireadh os comhair na cúirte bhuail sé iarrraidh ar an bhfear eile.

“Anois, thug tú asal ar an bhfear seo,” a deir dlíodóir an chosantóra leis an bhfear a buaileadh sa gCúirt, “agus, ar ndóigh níor cheart a leithéid d’ainm a thabhairt ar dhuine ar bith?”

Bhí an fear a buaileadh ar na maidí.  “Ní údar sách maith é le go ndéanfaí ionsaí fisiciúil ort,” arsa seisean.  “Ar aon nós, b’fhéidir go raibh na hasail maslaithe.”

Shocraigh an Breitheamh go raibh an fear a bhuail an lasc as bealach, bíodh agus gur tugadh asal air.

Ach i bhfad ó na háiteanna  ina gcraobhscaoileann na saoithe a gcuid tuairimí – agus i bhfad ó charrchlósanna na cathrach – tá dream ann a thuigeann nach bhfuil neamhshuim le déanamh den asal.  Ní hé fearacht na seanaimsire é, tá stádas ag an asal i  gcóras talmhaíochta na hEorpa anois, stádas atá daingnithe go láidir, níos láidre ná mórán ainmhí ar bith eile sa gcóras sin.

Idir bheithígh, ghabhair, chaoirigh,  chapaill agus asail is mar ‘aonaid’ a chomhairtear iad uilig san Eoraip sa gcóras talmhaíochta.  Ní bó í do bhó feasta – is ‘aonad’ amháin í.  Ní colpa é do cholpa feasta – is 0.5 ‘d’aonad’ talmhaíochta é.  Níl ‘aonad’ amháin sa mbeithíoch nó go mbeidh dhá  bhliain slánaithe aige no aicí.  Ach, an t-asal; tá stádas aon ‘aonad’ amháin aige an lá a dtiocfaidh a chrúba ar an saol.  Agus, a deir tú, cén tábhacht atá leis seo?

Bheadh na saoithe a ndearnadh asail díobh in 2016 – agus an rud céanna geallta dóibh in 2017 – rófhada ón talamh le freagra a thabhairt ar an gceist seo.

I dtús na hathbhliana a dhéantar comhaireamh ar go leor de na “haonaid” talmhaíochta sa gcóras tacaíochta Eorpach don fheirmeoireacht – ag an tráth sin den bhliain a dteastaíonn na haonaid sin ar mhaithe le híocaíochtaí feirme.

Tá sé feiceálach i gcuid mhaith ceantar tuaithe anois go bhfuil asail á gcoinneáil i measc stoc eile; bíonn rith orthu ag teannadh le deireadh na  bliana.   Níl an t-anró ná an t-anó a bhíodh ar asail san aimsir a caitheadh in Éirinn ar an mbeithíoch bocht seo anois; go hiondúil táthar á gcoinneáil go maith agus beathaithe go maith agus is rud iontach é sin le hais an drochíde a thugtaí do chuid acu sa tseanaimsir.   

Agus tá rud amháin cinnte – tá ‘aonad’ agus deontas san áit a bhfuil grág an asail. Is féidir brath air sin, ní hé fearacht glór na saoithe é.   

Nach iontach an t-aitheantas atá tugtha do na saoithe agus iad curtha sa scioból céanna leis an asal?