Ar amhlaidh gur chomharthaí dollair a chonaic mo dhlúthchara i mo shúile?

An láidre réamhchlaontaí ná cairdeas, ag deireadh an lae? Sin í an cheist atá ar aigne ár gcolúnaí

Ar amhlaidh gur chomharthaí dollair a chonaic mo dhlúthchara i mo shúile?

Ag an deireadh seachtaine, bhí argóint agam le dlúthchara de mo chuid a d’fhág drochbhlas i mo bhéal, blas chomh géar sin nach bhfuil ag éirí liom suim a chur i scéalta nuachta a spreagfadh colún faoi chúrsaí idirnáisiúnta.

Ach ar ámharaí an tsaoil, bhí gné idirnáisiúnta ag baint leis an argóint a bhí agam le mo chara.

Réamhchlaontaí a bhí againn faoina chéile, agus faoi dhaoine eile, ba chúis leis an achrann.

Cá bhfios nach ndéanfaidh sé colún. Seo linn.

Fear slándála é mo chara. Tugann sé aire do stráice bóthair a mbíonn orm a shiúl go minic. Óna seacht a chlog san oíche go dtí a seacht a chlog ar maidin a bhíonn sé ag obair, sé oíche sa tseachtain. Íoctar isteach is amach le trí chéad euro sa mhí leis as an gcúram sin. Fear gorm é mo chara. Tá cónaí air i gceantar bocht gar don áit a bhfuil cónaí orm. Lá amháin, breis is bliain ó shin, bhuail sé bleid orm. Tá ceisteanna móra agus beaga an tsaoil á bplé againn ó shin.

Ní aimseodh duine dream níos cairdiúla (ná níos caintí) ar chlár na cruinne ná muintir Salvador, an chathair Bhrasaíleach mar a bhfuil cónaí orm. Ach lá amháin, i bhfad sular casadh an cara áirithe seo orm ar chor ar bith, chuir bean a rugadh agus a tógadh in Salvador comhairle mo leasa orm faoi chairdis a thagann chun cinn gan choinne. 

‘Nuair a fheicfidh daoine áirithe na súile gorma sin agat,’ a dúirt sí, ‘lasfaidh comharthaí dollair ina súile féin.’ 

Agus b’amhlaidh a tharla i roinnt cásanna – minic go leor le go mbím ar m’airdeall ar ‘chairde’ den chineál sin. Ach níor iarr mo chara, an fear slándála, oiread agus centavo orm ó chuir mé aithne air breis agus bliain ó shin. Ceisteanna fealsúnachta, agus saol grá na beirte againn faoi seach, a bhíodh faoi chaibidil againn. 

Baineadh siar asam go mór, mar sin, nuair a chuir sé glaoch orm ag an deireadh seachtaine ag iarraidh orm iasacht airgid a thabhairt dó.

Briseadh isteach ina theach, a dúirt sé, agus ní raibh airgead aige chun bia a cheannach. Dhéanfadh caoga real cúis. Fiche a cúig real, fiú. 

Ní raibh muid ag caint ach ar chúig euro déag (nó seacht euro caoga, dá dtabharfainn an luach is lú dó.) Ach fágadh gan chaint gan urlabhra mé.

Ar amhlaidh gur chomharthaí dollair a chonaic mo dhlúthchara i mo shúile gorma freisin, tar éis an tsaoil?

Bhain mo chara brí dhiúltach as mo thost.

‘Is léir go bhfuil tú tar éis breith a thabhairt orm cheana féin,’ a dúirt sé.

‘Tar anseo go bpléifimid an cheist aghaidh ar aghaidh,’ a d’fhreagair mé. 

‘Ní féidir liom dul go dtí d’árasán,’ a dúirt sé. ‘Ná ní féidir leat teacht go dtí mo theach ach an oiread. Bhainfeadh daoine an bhrí mhícheart as.’

Amuigh ar an tsráid, ag a láthair oibre siúd, a bhíodh ár gcomhráite fada againn. Bhí a fhios aige siúd ón tús gur fear aerach a bhí ionam agus bhí a fhios agamsa ón tús gur fear díreach a bhí ann féin, agus bhí sé sin uilig togha. Ach ba léir anois go raibh faitíos air faoina ndéarfaí ina thaobh dá bhfeicfí ag dul isteach agus amach i dtithe a chéile muid. 

I bhfocail eile, bhí náire air faoinár gcairdeas.

Anois, bhí an brachán millte ar fad.

Chroch mé suas an fón air.

An oíche sin, nuair a chuaigh mé síos go dtí an áit a mbíonn sé ag faire an bhóthair – bhí mé fós ag iarraidh labhairt leis aghaidh ar aghaidh – d’éalaigh sé uaim le leithscéal éigin.

Ach chuir sé glaoch orm an mhaidin dár gcionn.

Bhí ocras air.

Ba láidre an cairdeas – agus, cá bhfios, ualach an fhir ghil agus an chraic sin ar fad – ná an meas a bhí agam orm féin.

Dúirt mé leis go mbuailfinn leis ag páircín spraoi cúpla céad slat síos an bóthar agus go dtabharfainn caoga real dó. 

Sa pháircín spraoi, casadh seanfhear orainn a bhí ag dul an bealach agus a d’fhiafraigh de mo chara faoin gcreach a rinneadh ar a theach. Ní ag cumadh bréag a bhí mo chara, mar sin, agus bhí náire orm gur fhág mé ar an trá fholamh é an lá roimhe sin. 

Fágadh an chuid eile den scéal – an míchompord a chuireann ár gcairdeas air, de réir cosúlachta – gan réiteach: bhí deifir air chun an tsiopa grósaera.

Lig mé dó.

Ní foláir nó tá sé deacair réamhchlaontaí, cairdeas ná go deimhin ceist chasta ar bith a phlé nuair a bhíonn tú ar bholg folamh.