Ar a laghad 22 duine marbh i bpléascadh ag ceolchoirm sa Manchester Arena

Tharla an pléascadh agus daoine ag fágáil ceolchoirm de chuid Ariane Grande, amhránaí as Meiriceá.

Ar a laghad 22 duine marbh i bpléascadh ag ceolchoirm sa Manchester Arena

Maraíodh ar a laghad 22 duine agus gortaíodh os cionn 50 duine eile nuair a pléascadh buama i ndiaidh ceolchoirm sa Manchester Arena i Manchain Shasana aréir.

Ní fios cad ba chúis leis an bpléascadh ach meastar gur ionsaí sceimhlitheoireachta a rinne buamadóir féinmharaithe a bhí ann.

Tá na póilíní ag caitheamh leis an eachtra mar ionsaí sceimhlitheoireachta “nó go dtugtar a mhalairt le fios”.

Más amhlaidh gur ionsaí dá leithéid a bhí ann, bheadh sé ar an ionsaí sceimhlitheoireachta is measa sa Ríocht Aontaithe ón ionsaí ar an 7 Iúil 2005 inar mharaigh ceathrar buamadóirí féinmharaithe 52 duine, iad féin san áireamh, i Londain.

Tharla an pléascadh agus daoine ag fágáil na ceolchoirme de chuid Ariane Grande, amhránaí as Meiriceá a dúirt go raibh sí féin trína chéile faoin eachtra.

Cuireadh fios ar na póilíní ag timpeall 10.30 aréir agus tuairiscítear gur tharla an pléascadh díreach lasmuigh den ionad siamsaíochta féin.

 

Chuir fear óg amháin, Joe Gregory, a bhí ag fanacht ar a chara lasmuigh den ionad, físeán amach ar na meáin shóisialta a bhfuil an dealramh air go bhfuil radharc ann ar an mbuama ag pléascadh.

Idir an dá linn, tá an feachtas toghchánaíochta do thoghchán Westminster, a bheidh ar siúl ar an 8 Meitheamh, curtha ar fionraí.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine Theresa May:

“We are working to establish the full details of what is being treated by the police as an appalling terrorist attack. All our thoughts are with the victims and the families of those who have been affected.”

Scaip Roinn Gnóthaí Eachtracha na tíre seo sonraí teagmhála ambasáid na hÉireann i Londain ar Twitter ar mhaithe le haon duine a bheadh buartha faoi shaoránaigh Éireannacha atá i Manchain.

Tá an Manchester Arena ar an ionad siamsaíochta faoi dhíon is mó sa chathair agus slí ann do 21,000 duine.

Fág freagra ar 'Ar a laghad 22 duine marbh i bpléascadh ag ceolchoirm sa Manchester Arena'

  • Fearn

    Je suis Manchuin!