An tUachtarán le hómós a léiriú don Bhreitheamh Hardiman ag Comhdháil na gCoimisinéirí Teanga anocht

Cailleadh go tobann moch maidin inniu an Breitheamh Adrian Hardiman a bhí le hóráid a thabhairt uaidh ag an gComhdháil anocht

File Photo: Mr. Justice Adrian Hardiman has died suddenly. End.8/12/2007. Defamation Bill. Justice Adrian Hardiman of the Supreme Court, speaking during a Bar Council Conference entitled Protection of the Good Name vs Freedom of Speech, on the proposed reforms in the Defamation Bill 2006 in the Distillery building in Dublin.Photo: Eamonn Farrell/RollingNews.ie
Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Léireoidh an tUachtarán Michael D Higgins ómós don Bhreitheamh Adrian Hardiman ag seoladh Chomhdháil Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Cailleadh go tobann aréir an Breitheamh Hardiman a bhí le ina aoichainteoir ag seoladh na hoíche anocht. Dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, tráthnóna gur cara mór leis an nGaeilge ab ea an Breitheamh Hardiman a raibh tuiscint dhomhain aige ar chás na teanga agus ar chearta teanga.

Bhí sé i gceist ag Hardiman óráid a thabhairt uaidh anocht a chaithfeadh amhras ar a thiomanta is atá an stát don Ghaeilge agus do chosaint cearta teanga phobal na Gaeilge.

Tá sé i gceist ag an Uachtarán labhairt anocht faoi shaol agus faoi shaothar Hardiman.

Bhí baint mhór ag an mBreitheamh Hardiman le cuid de na cásanna dlí is tábhachtaí ó thaobh cearta teanga de.

Sa bhreithiúnas a thug sé sa Chúirt Uachtarach i gcás ‘Ó Beoláin v Fahy’, rialaigh Hardiman go raibh ceart bunreachtúil ag an té a bheadh os comhair na cúirte aistriúchán oifigiúil a bheith aige ar achtanna an Oireachtais.

Ba é an Breitheamh Hardiman an t-aon duine de chúigear breithiúna a sheas le hiarratas ar ghiúiré a mbeadh Gaeilge acu i gcás ‘Ó Maicín v Ireland’.

Sa bhreithiúnas sin, dúirt an Breitheamh Hardiman:

“Ar na cúiseanna atá leagtha amach thíos, is é is éifeacht le hAirteagal 8 den Bhunreacht Éire a bhunú mar Stát dátheangach i gcomhthéacs an Bhunreachta agus na ndlíthe. Is léireasc stairiúil é go raibh drogall ar Éire oifigiúil feidhmiú amhail is gur Stát dátheangach é an Stát go deimhin, sa dlí agus i ngníomh agus i dteoiric bhunreachta chomh maith. Ach ní bhaineann sé sin den fhíric gur Stát dátheangach, lena Bunreacht, í Éire. Tá na Breithiúna, ar ndóigh, faoi cheangal seasamh leis an mBunreacht.”

Dúirt an Príomh-Bhreitheamh Susan Denham inniu go ndearna Hardiman iarracht chróga i gcónaí ar a son siúd a raibh a gceart á éileamh acu.

Dúirt an tUachtarán Michael D Higgins féin go raibh Hardiman ar dhuine de na daoine ab éirimiúla in Éirinn ó thaobh an dlí de agus gur thírghráthóir go smior é.

Fág freagra ar 'An tUachtarán le hómós a léiriú don Bhreitheamh Hardiman ag Comhdháil na gCoimisinéirí Teanga anocht'