Tá an Seanadóir neamhspleách as Conamara Pádraig Ó Céidigh éirithe as mar bhall de Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán.
Dúirt an Seanadóir Ó Céidigh le Tuairisc.ie tráthnóna go raibh sé ag éirí as mar go bhféadfadh “ábhar teacht aníos ag an gcoiste amach anseo a mbeadh baint aige leis” ina shaol lasmuigh de Thithe an Oireachtais.
Dúirt an fear gnó a bhunaigh Aer Arann go leanfadh sé air ag comhoibriú leis an gCoiste Gaeilge aon uair go gceapfadh sé go bhféadfadh sé tionchar a bheith aige ar pholasaí nó plé a rachadh chun leas na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Dúirt sé go raibh “go leor bealaí eile ann” go bhféadfadh sé obair a dhéanamh i dTithe an Oireachtais ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta.
“Ní chreidim go mbeidh mé ag cailleadh amach ar dheiseanna an Ghaeilge ná an Ghaeltacht a chur chun cinn. Tá go leor bealaí eile ann chun sin a dhéanamh. Thug mé píosa cainte uaim faoi chás na teanga sa Seanad le déanaí agus níor chreid mé an méid spéis a chuir daoine ann agus an méid aiseolais a fuair mé faoi.
“Tá iarrtha agam go dtiocfadh Aire na Gaeltachta os comhair an tSeanaid chun ceisteanna a fhreagairt faoi pholasaí an Stáit i leith na Gaeilge agus beidh mé á iarraidh sin arís. Tá neart ceisteanna le cur faoi cá seasann an Ghaeilge agus an Ghaeltacht anois.”
Dar leis an Seanadóir Ó Céidigh nach bhfuil sa Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge ach ‘ticeáil boscaí ar mhaithe le ticeáil boscaí’.
D’iarr Ó Céidigh ar cheannaire an tSeanaid, Jerry Buttimer an tseachtain seo caite cuireadh a thabhairt don Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Seán Kyne teacht os comhair an tSeanaid “chomh luath agus is féidir” mar gheall ar an “easpa suime” a léiríodh sa Ghaeilge i mBuiséad 2017.
Mhaígh an Seanadóir Ó Céidigh go bhfuil an Rialtas “ag déanamh neamhaird ar chainteoirí Gaeilge” agus ag caitheamh leo amhail is go raibh cónaí orthu “ar thearmann Indiach [i Meiriceá]”.
Dúirt sé go gcaitear le cainteoirí Gaeilge “mar a chaithfí le saoránaigh den dara nó den tríú haicme”.
Clean Sceach
Fear maith!