AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: Ná bac ‘Bás na bpuisíní ort’, is measa mallacht Maigh Woe…

Tá mallacht nua ag an Saighdiúir dúinn, ach ná bain úsáid aisti gan tromchúis bheith agat léi...

AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: Ná bac ‘Bás na bpuisíní ort’, is measa mallacht Maigh Woe…

Ceann de na maslaí ab fhearr a d’fhoghlaim mé riamh an nath beag – ‘Bás na bpuisíní ort’. Tá tú ag smaointeamh gur rud deas é puisín agus is doiligh duit a shamhlú go mbeadh rud ar bith gránna ag baint lena bhás? Ní thuigeann tú i gceart. Is é an míniú a thug fear eolach maslach Conallach air gur ghnách le daoine fáil réidh le puisíní nach raibh de dhíth orthu ach iad a chur i mála agus a gcaitheamh san abhainn. (Tá neart uisce i dTír Chonaill!)

Is maith liom an mhallacht seo go mór. Is í atá filiúnta mar mhallacht agus is iomaí sin uair a ghuígh mé “bás na bpuisíní” – faoi m’anáil – ar Sheoiníní d’iriseoirí, ar Sheoininí ar líne, ar Sheoiníní de réiteoirí nár réitigh mar ba cheart, ar Sheoiníní de pholaiteoirí, thuaidh, theas, thiar agus thoir.

Sea, tá a fhios agam gur beag seans go gceanglófar daoine i mála agus go gcaithfear in abhainn iad – níor mhaith liom go ndéanfaí sin i ndáiríre – ach is mallacht í agus b’fhéidir go ngreamódh rian beag den mhí-ádh leis an duine faoi mhallacht. B’fhéidir go n-íosfadh sé droch-churaí agus seal a chaitheamh tigh an asail, a phutóga ag réabadh as a thóin! (Sea, sea, sea, tá an ceart agat, tá barraíocht machnaimh déanta agam air seo.)

Baineann an mhallacht sin leis na seanlaethanta, gan amhras, nuair a bhí muid millteanach cruálach mar phobal – de réir nuachtáin Bhaile Átha Cliath cibé ar bith. Buíochas do Dhia, is dream ceart sibhialta anois muid agus oideachas orainn agus ní dhéanfaí rud ar bith chomh cruálach ar phuisín beag bídeach go deo arís. Dá réir sin, tá an nath ag imeacht as úsáid – mura bhfuil sé imithe as úsáid cheana féin. Is ceann de na nathanna sin é – ní hé lá na gaoithe lá na scolb – nach dtuigeann daoine mura scríobhann tú tráchtas air dóibh. Agus má chaitheann tú mallacht a mhíniú, ní fiú mórán mar mhallacht í. (Ní chaithfidh mé ‘facaf’ a mhíniú, an gcaithfidh?)

Tá an t-am ann, mar sin, mallacht nua a chumadh, masla lena dtuigfidh gach duine láithreach gur ag guí mí-ádh ar dhuine atá tú. Tuigfidh siad láithreach nach ar a son atá tú, gur ag guí crá croí agus tubaiste agus droch-chríoch agus anbhás orthu atá tú.

Molaim rud thar a bheith simplí – ‘Geansaí Mhaigh Eo ort!’.

Níl fiacha orm sin a mhíniú. An chéad uair eile go gcuireann amadán isteach ort, scairt amach é – ‘Geansaí Mhaigh Eo ort!’.

Más de shliocht na nGael é, tuigfidh sé láithreach a bhfuil ráite agat leis. Tuigfidh sé an mí-ádh agus an briseadh croí atá i ndán dó go ceann na mblianta. Tuigfidh sé an fuath atá agat dó. Tuigfidh sé nach mbeidh roimhe ach sciúrsáil agus drochrath; nach mbeidh sé sona go deo; nach mbeidh an t-ádh ina rith leis nó ag siúl leis nó ag bogshodar leis; go mbeidh trua ag daoine truacánta dó; nach mbeidh i ndán dó ach teip agus teip agus teip agus teip agus teip agus teip agus teip agus teip agus teip agus teip.

Ach, impím ort, ná bain úsáid as an mhallacht gan tromchúis bheith agat léi. Tuigeann tusa i do chroí istigh agus i d’anam amuigh an dochar atá lena leithéid, an phian a chuirfidh do bheannacht cham i gcnámha an té atá maslaithe agat. Sea, bí cúramach sula scairteann tú “Geansaí Mhaigh Eo ort!”

Cé hé an duine againn a dhamnódh duine ar bith le cónaí a dhéanamh idir Maigh Woe agus Mallacht Eo?