An Saighdiúir Samhraidh: Ar chuala tú an cluiche ar Raidió na Gaeltachta?

Ba i muinín RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhí an Saighdiúir don chluiche idir Dún na nGall agus Corcaigh...

An Saighdiúir Samhraidh: Ar chuala tú an cluiche ar Raidió na Gaeltachta?

‘Ar chuala tú an cluiche?’

Is minic a chluineann tú daoine á rá: “An bhfaca tú an cluiche?” Cuid bhunúsach de shaol an phobail é an teilifíseán agus cúrsaí spóirt. Níor chuala mé duine ar bith á rá riamh: “Ar chuala tú an cluiche?” Mar a tharla, ba i muinín RnaG a bhí mise leis an chluiche idir Dún na nGall agus Corgi a éisteacht. Craoladh an cluiche ar SKY agus ní íocaim as cúrsaí spóirt. (Bhí pictiúr truacánta ar na meáin shóisialta de lucht leanúna CLG cruinn faoi theilifiseán agus iad ag éisteacht leis an tráchtaireacht ar Raidió Éireann! An raidió – an scoil scairte nua!!)

Féadaim a rá go raibh an tráchtaireacht ar RnaG thar barr agus is mór an náire dom é go ndéanaim rogha den teilifís Bhéarla thar an raidió Gaelach sna cásanna seo. (An chéad uair eile, cuirfidh mé RnaG ar siúl sa tseomra agus an cluiche ar an teilifís ach múchfaidh mé na tráchtairí Béarla!)

Mar sin féin, dá fheabhas RnaG – ‘You had me at cainteoirí dúchais’ – níor bhraith mé ‘go bhfaca’ mé an cluiche. Ní dóigh liom gur thuig mé an cluiche mar ba cheart gan é a fheiceáil. Bhí mé breá sásta gur cloíodh Corgi agus go raibh an lá le Dún na nGall. Bhí mé ag súil leis an chluiche in éadan na nDubanna. Ní fhaca mé na buaicphointí ar an Sunday Game – cuairt ar an phictiúrlann le Star Trek Beyond a fheiceáil le mo mhac – agus bhí mé ag smaointeamh go mbeadh lá mór eile ag Paddy McBrearty agus Micheal Murphy lá níos faide anonn.

Ach léigh mé nuachtáin an Luain – sea, léim nuachtáin go fóill – agus deirtear liom go mbeidh an-chuid fadhbanna ag Dún na nGall in éadan na nDubanna. Nach aisteach é? Tugann do chluasa rud amháin le fios duit agus do shúile rud eile ar fad. B’fhéidir gurb é sin an chúis nach gcuireann daoine ceist ort: ‘Ar chuala tú an cluiche?’

Pictiúr: ©INPHO/Tommy Grealy
Pictiúr: ©INPHO/Tommy Grealy

An bua nach bua

Seachtain eile agus bua eile ag Tiobraid Árann – sa pheil. Níl cleachtadh agam go fóill ar mhuintir Thiobraid Árann bheith ag rith thart i bPáirc an Chrócaigh gan chamáin. Tiocfaidh sin gan amhras faoin am a mbainfidh siad an cluiche ceannais amach! Go maire na peileadóirí bua eile stairiúil; tá súil agam go mbainfidh a lucht leanúna sult as an chluiche leathcheannais agus go mbeidh lá ar dóigh eile acu uilig go léir ach, ach, ach…

Ba iad focail bhainisteoir pheileadóirí an Chláir, Colm Collins, a chuir mise ag machnamh faoi mo chroí. Ar seisean: “I think the provincials are dinosaurs. They need to be abolished. Attendances are going down and the product needs to be upgraded to create a bit of excitement. The night of the draws for the All-Ireland was a complete anti-climax. It was like watching paint dry. It was the same old scenario.”

Is aige atá an ceart. Níl olc ná olc ar dhuine ar bith go mbeadh an bua ag contae ‘neamhthraidisiúnta’ peile sa chomórtas do Sam. Go raibh buanna den sórt seo ann gach aon bhliain. Ach ní bheidh. Bhuel, ní bheidh ach corrcheann, ábhar cainte dúinn uilig go léir. Mar sin féin, tuigeann muid inár gcroí istigh go bhfuil an pheil imithe ó mhaith mar chomórtas, go bhfuil muid ag tarraingt anois ar an mhúnla chéanna le cúrsaí iomána. Beidh Ciarraí nó Baile Átha Cliath sa chluiche ceannais – agus foireann amháin eile.

Cuirimis i dtéarmaí sacair de. Is maith linn smaoineamh ar an chraobh mar Shraith na Seaimpíní. Is é fírinne an scéil é gur Sraith na hEorpa atá anois againn. Sea, tá sé chomh holc sin.

Fág freagra ar 'An Saighdiúir Samhraidh: Ar chuala tú an cluiche ar Raidió na Gaeltachta?'

  • Pól Ó Braoin

    Togha na dtráchtairí a bhíonn ar RnaG… is breá liom an cluiche a “fheiceáil” tráth is mé ag éisteacht leis ar RnaG… nár laga Dia iad!