An Ghaeilge níos deacra a fhoghlaim ná an Mhalaeis ach níos éasca ná an Mhandairínis – staidéar

Tá an Ghaeilge ar cheann de na teangacha Eorpacha is deacra ag an gcainteoir Béarla a fhoghlaim, de réir staidéir nua a rinneadh sa Bhreatain

An Ghaeilge níos deacra a fhoghlaim ná an Mhalaeis ach níos éasca ná an Mhandairínis – staidéar

Tá an Ghaeilge ar cheann de na teangacha Eorpacha is deacra ag an gcainteoir Béarla a fhoghlaim, dar le staidéar nua a rinneadh sa Bhreatain. Bheadh sé níos deacra ag an gcainteoir Béarla an Ghaeilge a shealbhú ná mar a bheadh sé an Mhalaeis a fhoghlaim, dar le LanguageLine, comhlacht aistriúcháin atá lonnaithe i Sasana.

Tá briseadh síos déanta ag LanguageLine ar an deacracht a bhaineann le teangacha éagsúla a fhoghlaim trí líon na n-uaireanta an chloig staidéir a thógann sé ar an ngnáthchainteoir Béarla iad a shealbhú

De réir an staidéir, tógann sé 1,040 uair an chloig an Ghaeilge a shealbhú – beagnach a dhá oiread ama agus a thógann sé ar chainteoirí Béarla an Fhraincis a fhoghlaim. Is í an Fhraincis an teanga is “éasca” don chainteoir Béarla, dar le taighde LanguageLine, agus gan ach 550 uair an chloig ag teastáil lena foghlaim, dar leo.

Mar sin féin, tá sé i bhfad níos éasca an Ghaeilge a fhoghlaim ná cuid de theangacha an oirthir, an Chóiréis agus an Mhandairínis cuir i gcás. Theastódh 2,200 uair an chloig ón ngnáthchainteoir Béarla chun na teangacha sin a fhoghlaim.

Rinneadh an taighde sa Bhreatain agus mar sin baineann na torthaí go sonrach le cainteoirí dúchais Béarla na tíre sin. Ní mar a chéile cás an fhoghlaimeora Shasanaigh, nach bhfaca ná nár chuala focal Gaeilge ina shaol, agus cás an fhoghlaimeora Éireannaigh, a d’fhás aníos agus an Ghaeilge le feiceáil agus le cloisteáil ina thimpeall.

Tá costas fhoghlaim na dteangacha measta ag LanguageLine freisin agus de réir na bhfigiúirí sin, chosnódh sé £27,000 (€32,000) ar Bhéarlóir an Ghaeilge a fhoghlaim bunaithe ar meánphraghas a luaitear le ranganna Gaeilge sa Bhreatain – £27 san uair.

Is teangacha de chuid na hEorpa uilig iad na cúig theanga “is éasca” le foghlaim: an Fhraincis, an Phortaingéilis, an Spáinnis, an Iodáilis agus an Ghearmáinis.

Tá an Svahaílis féin, a labhraítear in áiteanna éagsúla san Afraic, ‘níos éasca’ agus ‘níos saoire’ ná an Ghaeilge – ní thógfadh sé ach 900 uair an chloig ar chainteoir Béarla í a fhoghlaim agus ní chosnódh na ranganna chuige sin ach £18,000 (€21,000) sa Bhreatain, a deir lucht LanguagLine.

Tá an Rúisis agus na teangacha Indiacha – an Hiondúis, an Urdúis agus an Phuinseáibis – beagáinín níos deacra ná an Ghaeilge de réir an taighde agus 1,100 uair an chloig ag teastáil lena bhfoghlaim.

Tá modh oibre LanguageLine cáinte, áfach, ag léachtóir le Breatnais in Ollscoil Wrexham Glyndwr. Bhain na figiúirí céanna leis an mBreatnais do chainteoirí Béarla taobh amuigh den Bhreatain Bheag agus a bhaineann leis an nGaeilge. Dúirt Julie Blake nach féidir teanga a rangú de réir deacrachta.

“Ní dóigh liom gur féidir teanga a rangú mar ‘theanga dheacair’ nó ‘teanga éasca’ ach is cinnte go bhfuil sé i bhfad níos éasca líofacht a bhaint amach i dteanga atá cosúil le do theanga dhúchais. Tá sé níos éasca freisin teanga a shealbhú nuair atá tú timpeallaithe ag cainteoirí líofa na teanga sin.

“Ní bhíonn ceangal díreach ag foghlaimeoirí Breatnaise, go háirithe iadsan atá ina gcónaí i gceantair Bhéarla sa Bhreatain Bheag, le cainteoirí líofa a chabhródh leo an teanga a fhoghlaim,” a dúirt Blake.

Created by LanguageLine Solutions® • View larger version