‘An Ghaeilge chomh lárnach dár bhféiniúlacht inniu is a bhí le linn ré an Phiarsaigh’ – An Taoiseach

Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh oscailte go hoifigiúil ag an Taoiseach i Ros Muc ar lá breithe an Phiarsaigh

‘An Ghaeilge chomh lárnach dár bhféiniúlacht inniu is a bhí le linn ré an Phiarsaigh’ – An Taoiseach

Tá Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh oscailte go hoifigiúil ag an Taoiseach Enda Kenny i Ros Muc i gConamara inniu.

Ag labhairt dó ag an oscailt, dúirt an Taoiseach go raibh sé “oiriúnach” go n-osclófaí an t-ionad inniu an 10 Samhain, lá breithe an Phairsaigh.

“Ní fhéadfá theacht ar bhealach níos fearr lena bhreithlá a cheiliúradh nó le hómós a thabhairt dó ná ionad cultúrtha nua a oscailt ina ainm ag an láthair seo, ag Teach an Phiarsaigh.

“Ní haon rún é go ndeachaigh teanga agus cultúr an cheantair i bhfeidhm go mór ar an bPiarsach nuair a tháinig sé anseo ar dtús i 1903 chun scrúdú Gaeilge a chur ar dhaltaí do Chonradh na Gaeilge. Chomh mór sin, go deimhin, gur shocraigh sé a chuid laethanta saoire gach samhradh, ó 1909 go dtí 1915, a chaitheamh anseo ag Teach an Phiarsaigh,” a dúirt an Taoiseach.

Dúirt an Taoiseach go dtabhairfadh an tIonad nua léargas do chuairteoirí “ar thábhacht na Gaeilge agus ar thábhacht chultúr na Gaeltachta mar thobar ár n-oidhreachta” agus dúirt sé go raibh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht “chomh lárnach dár bhféiniúlacht sa lá atá inniu ann is a bhí le linn ré an Phiarsaigh”.


‘Bheadh imní ar an bPiarsach faoin mbail atá ar an nGaeilge’ – An Taoiseach i Ros Muc


Ag labhairt dó i Ros Muc tráthnóna, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne gur “chúis mhór ceiliúrtha” a bhí ann.

“Ní deacair an rud é tuiscint a fháil ar na nithe ar fad a thug inspioráid don Phiarsach ina chuid scríbhneoireachta agus é ag teacht anseo – an tírdhreach sceirdiúil, an talamh portaigh, na lochanna, na sléibhte agus an fharraige, gan trácht ar theanga agus ar chultúr na ndaoine,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne.

Tá an t-ionad nua ar cheann de mhórthionscadal caipitil an Rialtais do Chlár Comórtha Céad Bliain Éire 2016. Tá Teach an Phiarsaigh i Ros Muc, áit ar chaith Pádraig Mac Piarais, duine de cheannairí Éirí Amach 1916, samhraí na mblianta 1909-1915.

Tugtar léargas in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh  ar scéal an Phiarsaigh agus ar an nGaeilge agus ar chultúr na Gaeltachta a mheall go Ros Muc é.

Tá an togra comórtha i gConamara roinnte ina cheithre chuid: Ionad an Phiarsaigh; Cosán Chonamara (ina bhfuil 10 n-acra agus lúb siúlóidí); Slí na Coille (ina ndíreofar ar Phádraig Mac Piarais féin) agus Teach an Phiarsaigh.

Faoi chúram Údarás na Gaeltachta atá an fhorbairt agus iad i bhfeighil ar ghrúpa stiúrtha ina bhfuil Comhairle Chontae na Gaillimhe, Oifig na nOibreacha Poiblí, Fáilte Éireann agus an An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.

Fág freagra ar '‘An Ghaeilge chomh lárnach dár bhféiniúlacht inniu is a bhí le linn ré an Phiarsaigh’ – An Taoiseach'

  • Darragh Ó Caoimh

    Is iontach an scéal é seo agus tá súil agam go meallfaidh an tIonad nua seo na sluaite chuige.

    Ach i bhfírinne, is deacair dom caint an Taoisigh inniu a shlogadh. Tá an Ghaeilge “chomh lárnach dár bhféiniúlacht sa lá atá inniu ann is a bhí le linn ré an Phiarsaigh”, a deir sé. An bhfuil, a Thaoisigh? Cad ina thaobh, mar sin, go bhfuil rialtas na tíre ag déanamh neamhaird uithi agus gan faic á dhéanamh agaibh chun í a fhuascailt ón bpráinn ina bhfuil sí faoi láthair?

    Tá milliún suarach amháin curtha ar fáil don pholasaí oideachis don Ghaeltacht, tá seirbhísí poiblí á séanadh ar an bpobal agus táthar tar éis beag is fiú a dhéanamh den teanga ar mhorán slite eile: praiseach á dhéanamh den Ghaeilge ar shuíomhanna idirlín do 1916, airí rialtais á gceapadh ar bheagán nó fiú gan Ghaeilge, siollabas Ardteiste ann ar masla é d’éinne a bhfuil Gaeilge acu, agus a thuilleadh nach iad.

    Mar sin, a Thaoisigh, is amhlaidh go bhfuil dallamullóg ort. Má chreideann tú do chuid cainte inniu, is amadán thú, agusa mura gcreideann, is fimíneach uafásach thú.

    Tá géarchéim sa Ghaeltacht. Éirigh is dein rud éigin faoi. B’fhearr linn uilig gníomh seachas caint!

  • Liam

    Aontaím le chuile rud a luaigh tú Darragh. Táim ag ceapadh go chóir do lucht labhartha na Gaeilge cinneadh a dhéanamh ár mbealach fhéin a stiúrú anois beag beann ar thacaíocht Rialtas. Níl siad sásta déiléail leis an mbánú tuaithe atá ag dhul ar aghaidh lá i ndiaidh lae a bhfuil ceangal díreach leis an teanga ós rud é gur iad na ceantracha Gaeltachta is mó atá thíos leis an córas mar atá sé anois tabhair Ros Muc mar shampla. Smaoinigh ar seo aon rud dearfach a thit amach sna blianta roimhe seo tharla sé gan tacaíocht Rialtais ach ón mbun aníos. An chéad céim eile ná an fócas ollmhór a athrú ón nGaelscolaíocht go dtí 1 an seachadhadh idirghlúine agus 2 fiontraithe gnó trí Ghaeilge a spreagadh