An dtiocfaidh tú nó an bhfanfaidh tú? Tuairimí aduaidh faoi Bhreatimeacht

Labhair Tuairisc.ie le cainteoirí aitheanta Gaeilge i dTuaisceart Éireann faoi reifreann na seachtaine seo chugainn agus an vóta a chaithfidh siad

Brexit

Idir dhá chomhairle faoi vótáil ar son imeachta nó fanacht san Aontas Eorpach i reifreann na seachtaine seo chugainn a bhí formhór na ndaoine ar labhair le Tuairisc.ie leo le laethanta anuas.

Tá an feachtas ar an dá thaobh de reifreann Brexit faoi lánseol agus lá na cinniúna ag druidim linn. Roghnóidh pobal na Breataine agus Thuaisceart Éireann ar an 23 Meitheamh, seachtain ón lá inniu, cé acu ab fhearr leo, fanacht san Aontas Eorpach nó é a fhágáil.

Cainteoirí aitheanta Gaeilge ó thuaidh a bheidh a caitheamh a gcuid vótaí i gceann seachtaine ar cheist an Aontais a labhair le Tuairisc.ie lena mbarúlacha a thabhairt faoin gcás.

Ní raibh ach aon duine amháin acu, Conchúr Mac Siacais, oibrí óige agus ball den ghluaiseacht ‘Saol Trí Ghaeilge atá Uainn’, cinnte go gcaithfeadh sé a vóta ar son fanacht san Aontas.

Dúirt Mac Siacais go mbeifear in ann “tús a chur le comhrá faoin Aontas Eorpach agus ar an dóigh lena fheabhsú” má fhantar ann in áit a bheith taobh amuigh de agus gan a bheith in ann aon athrú a dhéanamh air.

“Níl mé ar son an Aontais Eorpaigh atá againn anois, ach tá mé ar son Aontas Eorpach de chineál éigin. Bheadh sé i bhfad níos fearr mar phobal Gaelach troid a dhéanamh ar son ár gcearta le chéile, le pobail eile san Eoraip, agus bheadh an troid sin i bhfad níos éifeachtaí ar an dóigh sin,” a dúirt sé.

Mar sin féin aithníonn Mac Siacais go bhfuil “go leor Gael ann atá ar son imeachta” ach go bhfuil seisean buartha go ndéanfar dochar do Chomhaontú Aoine an Chéasta, do cheist na teorann agus “barraíocht buarthaí eile” dá bhfágfaí an AE.

Ar dhuine de na Gael sin atá ar son imeachta tá an gníomhaí aitheanta teanga Tomaí Ó Conghaile as Ard Mhacha. Níl aon amhras airsean ach gur fágáil an cinneadh is fearr.

“Is Eorpach an-bhródúil mé, tá roinnt teangacha Eorpacha agam agus chuirfinn síos orm féin mar ‘idirnáisiúnaí’ ach tá mo chinneadh déanta anois agam, agus beidh mé ag vótáil ar son imeachta.

“Cuireann cuid den díospóireacht samhnas orm, tá sí iontach cúng, agus tá go leor daoine atá ar son imeachta, ar a son ar chúinsí ciníocha agus iad ag díriú ar cheist na hinimirce, ach mar sin féin tá argóint fhorásach ann ar son na himeachta,” a dúirt sé.

Tá amhras ar Ó Congaile faoi na grúpaí agus na daoine atá ag iarraidh ar phobal na Ríochta Aontaithe fanacht san Aontas Eorpach – an IMF, Banc Ceannais na hEorpa agus Rialtas Mheiriceá ina measc.

“Tá caint ar chearta oibre agus táthar ag rá nach mbeidh aon chearta ag na hoibrithe má fhágtar an tAontas, agus má éiríonn le polasaithe áirithe i Westminster, ach má bhreathnaítear ar an nGréig agus ar Éirinn, tá fadhbanna ann cheana féin le cearta oibre, le cúrsaí pinsin mar shampla. Cuireann rudaí ar nós an TTIP amhras orm fosta,” a dúirt sé.

Tá cearta na n-oibrithe agus cearta eile an duine ina gcúis imní do Janet Muller, atá idir dhá chomhairle faoin reifreann i láthair na huaire. Bheadh imní uirthi go bhféadfadh rialtas na Breataine “dul siar ar dhaingniú ionstraimí cearta daonna na hEorpa”.

“Bheinn imníoch go gcuideodh an Brexit leis na Coimeádaigh Acht Chearta an Duine a aisghairm,” a dúirt sí.

Feictear do Shinéad Ní Mhearnóg, atá ina cathaoirleach ar chumann Gaeilge i dTír Eoghain, go bhfaighfear réidh leis na cearta sin is cuma cé acu amuigh nó istigh a bheidh an Ríocht Aontaithe. Cé go ndúirt sí nach bhfuil sí “iomlán cinnte go fóill” faoina vóta, ba maith léi imeacht ón Eoraip “ina croí istigh”.

“Tá mo chairde uilig ag iarraidh fanacht istigh, ach tá mise ag rá go mb’fhéidir go mb’fhearr dul sa seans. Ní fheicim go bhfuil rud ar bith le cailleadh agamsa, agus tá na Sasanaigh ag fáil réidh le cearta an duine trí reachtaíocht nua cibé.

“Tá mé sásta dul sa seans anois, ach níl a fhios agam an mbeidh mé cróga go leor lena dhéanamh ar an lá! Dá mbeadh sé cinnte go mbeadh Éire Aontaithe ann i gceann deich mbliana mar gheall air, is cinnte go vótálfainn ar a shon. Is ag an DUP atá an aireacht oideachais agus cultúir cheana féin, mar sin ní fhéadfadh sé a bheith níos measa do chultúr na hÉireann dá bhfágfadh muid,” a dúirt sí.

Bhí ceist an náisiúnachais, athaontú Éireann agus saoirse na hAlban ar intinn ag go leor ar labhair Tuairisc.ie leo.

Chuir sé iontas ar Phádraig Ó Tiarnaigh, gníomhaí teanga as Ard Mhacha gur thacaigh Sinn Féin le lucht fanachta. Dúirt sé go mb’fhéidir go mbeifí ag iarraidh pobalbhreith ar cheist na teorann dá dtarlódh an Brexit.

“An rud a chuirfeadh deireadh leis an Ríocht Aontaithe ná dá bhfágfadh Alba, ciallaíonn ‘An Ríocht Aontaithe’ Ríocht Shasana agus Ríocht na hAlban le chéile.

“Dá vótálfadh Sasana ar son imeachta agus Albain ar son fanachta, chaithfeadh reifreann neamhspleáchais eile a bheith ann, agus b’fhéidir an phobalbhreith ó thuaidh ina dhiaidh sin. Ní athróidh aon rud má fhanann muid mar atá muid,” a dúirt sé.

Thug ceist na teorann ó thuaidh lón machnaimh do Thomaí Ó Conghaile, a rugadh agus a tógadh ina haice, freisin. “Is fear teorann mé, agus tá go leor de na náisiúnaithe ag vótáil ar son fanachta, mar deirtear go mbeidh seicphointí ann arís, ach níl mé cinnte faoi sin. Tá samplaí ann i dtíortha eile nach dteastaíonn seicphointí uathu – idir an tSualainn agus an Iorua, cuir i gcás. Bhí cogadh ag dul ar aghaidh an uair dheiridh ach tá cúrsaí athraithe anois,” a dúirt sé.

Creideann Ciarán Mac Giolla Bhéin, a tógadh i gCathair Bhéal Feirste go ndéanfadh an Brexit “níos mó sochair ná dochar do cheist an neamhspleáchais” in Éirinn agus in Albain.

“Is náisiúnaí mé agus creidim in Éirinn Aontaithe. Ní dhéanfadh Brexit aon dochar dó sin. Dhéanfadh sé níos mó sochair ná dochar déanta na fírinne. Ní drochrud é go mbeadh athrú mór polaitiúil ann agus tá go leor daoine dubh dóite den staid reatha. Tá rudaí ag éirí níos measa de réir a chéile anseo agus d’fháilteoinn roimh aon rud a d’athródh an staid reatha,” a dúirt sé.

Fuair roinnt mhaith daoine locht ar an díospóireacht, nó ar an easpa díospóireachta, faoin reifreann ó thuaidh. Tá an DUP ag iarraidh ar lucht a leanta vótáil ar son imeachta agus tá Sinn Féin ag moladh dá leantóirí siúd fanacht san Aontas Eorpach. Tá Pádraig Ó Tiarnaigh den tuairim nár cheart claonadh na bpáirtithe a chur san áireamh agus an cinneadh á dhéanamh, áfach.

“Táthar ag déanamh ceist ‘glas agus oráiste’ as an bplé seo freisin ach tá sé níos leithne ná sin. Déarfainn go bhfuil coimhlintí taobh istigh de na páirtithe ar an dá thaobh, taobh istigh de Shinn Féin agus taobh istigh den DUP. Déarfainn go bhfuil go leor daoine ann nach mbacfaidh le vóta a chaitheamh toisc iad a bheith bréan den phlé,” a dúirt sé.