An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (6 Márta 1915)

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris “An Claiḋeaṁ Soluis”

Claidheamh 06

Uimhir 884                         Cláraithe mar pháipéar nuachta                         Márta 6 1915 Pingin

Cúrsaí an tSaoil

Seachtain na Gaeilge

Cóir Catha

Is gnách dúinn a bheith ag moladh éinne a dhéanann aon saothar cuibheasach ar son na Gaeilge. Is baolach go bhfuilimid róthugtha don sórt sin oibre. Níl breis molta tuillte ag puinn dár mbuíon in aon chor. Is beag duine orainn nach bhféadfadh tuilleadh, agus dhá thuilleadh a dhéanamh dá gcuirfeadh sé roimhe é a dhéanamh. Nuair a mhachnaím ar an méid atá á dhéanamh ag na daoine seo atá páirteach sa mhórchogadh, agus ansin, nuair a thugaim faoi deara a shocaire agus a righne atá ár n-arm féin i láthair na huaire, is é a cheapaim ná in ionad sinn a mholadh gur cirte sinn a cháineamh agus a spochadh.

Gach Éireannach

Bhí faobhar orainn tamall, agus bhí fuadar fúinn, agus a fhad a bhí rinneamar obair. Tá inár gcumas a chomhaith d’obair a dhéanamh anois ach sinn féin a bheartú chuige. Beidh triail orainn gan mhoill. Beimid ag bailiú cóir catha i gcomhair na bliana seo chugainn agus mas fiú sin an cúram atá orainn a bheith orainn ba cheart dúinn tabhairt faoin mbailiú sin go cliste agus go fuadrach agus go neamhbhalbh. Ní dúinn aon eagla a bheith orainn ag dul i mbun na hoibre sin.

A fhad agus atá cúram na Gaeilge orainne ba cheart dúinn slí a thbhairt do gach Éireannach cabhrú linn. Is ceart do gach fíor-Éireannach cabhrú linn chun teanga ár gcine a choimeád beo. Na bíodh sé de leithscéal acu nach ndeachthas faoin ndéin ag iarraidh na cabhrach orthu.

Cabhair do lucht na Gaeilge

an oiread sin de chroschaisí ag suaitheadh long na nGael ina cúrsa go Cuan na Saoirse anois, nár mhiste do Ghaeil lámh chúnta a thabhairt dóibh seo atá á stiúradh gan cabhair gan comhairle ón eachtranach agus nár chaill an teagasc ná an fhoghlaim a d’fhág a sinsear calma ina ndiaidh.

“Tar éis a thuigtear gach tuathbheart.” Tiocfaidh an lá nuair a déarfaidh Gaeil léannta gur suarach an chiall a bhí ag éinne dá sinsear nár thuig an neart agus an chumhacht a bhí sa Ghaeilge, agus nach ndearna a gcion dá sábháil. Bliain an taca seo bhíothas ag bailiú airgid i gcomhair na nÓglach, agus bhain sin den méid a gheofaí don Chonradh; ach ba mhaith linn ar fad gur bailíodh an oiread sin ar son na nÓglach.

gunnaí ag cuid mhaith acu sin anois agus is treise dár gcine iad. Ba mhaith an beart airgead a bhailiú ina gcomhair. Ach is féidir seo is siúd a bheith againn, agus ní miste dár dtír ná dár neamhspleáchas iad araon a bheith againn. Bídís araon againn, más ea. Bíodh gunnaí againn agus bíodh Gaeilge againn. Coinnímis na gunnaí chun ár dtír a chosaint, agus saoraimis an Ghaeilge chun ár n-intleacht agus ár Náisiúnacht a chosaint. I dteannta a chéile is fearr iad.

Níl cine a throid san Eoraip inniu nach as a dteanga féin atáthar á ngríosú chun gaisce; agus dá mbeifí ag déanamh síochána amárach, is éachtach an aire a thabharfaí do cheist na dteangacha sna balla ina mbeadh a mhalairt rialaithe orthu. Arm éachtach mórchumhachtach an teanga dhúchais. Cad é an mhaith gunnaí agus rialtas baile agus saoirse bhréagach againn in Éirinn, agus gan ach teanga ár gcomharsan á labhairt eadrainn, agus an chomharsa sin ag faire ar chor coise a thabhairt dúinn, b’fheidir?

Éire nó Iar-Bhreatain?

Teastaíonn airgead ón gConradh go géar chun gan ligint don ghnó atá déanta againn dul chun deiridh agus chun tuilleadh a dhéanamh tá a fhios againn go bhfuil fáil ar airgead in Éirinn do mhórán rudaí. Is éachtach an méid atá bailithe le leathbhliain de mar chabhair do na náisiúin bheaga. Níl aon náisiún san Eoraip is mó atá i ngátar féachaint ina dhiaidh ná Éire féin.

Mura bhfeictear chuici slogfar í, múchfar í, báfar í. Cuirfear faoi chló bréagach í, agus baistfear Iar-Bhreatain uirthi má chailleann sí a teanga. Tá ár saighdiúireacht féin le déanamh in Éirinn againne anois, agus tá géarghá le cóir catha a chnuasach ann. Ba chóir go ndéanfadh na Gaeil a thuigfidh an gnó seo dianiarracht chun an bailiúchán a chur chun cinn.

Bíonn an iomaí acu ag brath ar a chéile chun na hoibre a dhéanamh, agus ag fanacht go dtosóidh duine éigin eile. Bíonn an iomaí acu ag fuireach go dtéadh teachtaire speisialta ón gConradh ina dtreo. Bíonn cuid acu á chur ar athló d’fhonn dul ón dua, nó toisc gur dóigh leo nach mbíonn breis airgid sa cheantar i mí an Mhárta.

Is fusa leithscéal a cheapadh ach ní shaorfaidh leithscéala an teanga. Chun leanúint den obair teastaíonn an Conradh uainn, agus ní féidir leis an gConradh puinn a dhéanamh gan sparán teann. Cuimhnigh air sin, a Ghaeilgeoir, a chroí agus cuir tú féin i gcóir chun saothair. Is gearr uainn Lá ‘le Pádraig.

“Crom Abú.”


Conamara

Le Pádraig Ó Domhnalláin

Caisleán Achaidh an Iúir

Codladh sámh againn triúr. Scéal ag duine le haghaidh duine eile ar maidin go raibh a leithéid deo seo de bhrionglóid aige féin. “Dheamhan a leithéid de choileach a chonaic tusa riamh is a chonaic mise,” ar Cáimín.

“Dar liomsa,” ar an fear eile, “go rabhas féin ar thaobh locha i gcom sléibhe agus síoga an domhain i mo thimpeall.”

Mo chuid féin den scéal; mé i measc na néal úd ag iarraidh mo bhealach a dhéanamh chun Tír úd na Tairngire. Nach aisteach é an codladh, agus nach ait iad na smaointe a ritheann trí d’intinn ar feadh na hoíche? Cuid acu go sona, suairc, soilbhir. Cuid eile go dona, duairc, doilbhir. Bíodh acu! “Céard atá fút a dhéanamh inniu?” ar tusa. “Tá fúinn cuairt a thabhairt ar Chaisleán Achaidh an Iúir, an daingean ba laidre ag na Flaithbheartaigh, nuair a bhíodar go cumasach agsu in ardréim. Minic feasta dúinn ag trácht ar an drong sin. Mór a gcáil is a gclú. Tréan a maithe agus a mílí. Calma a dtréinfhir agus a dtreoraithe. Léannta a lucht leabhar a scríobhadh. Dílis d’Éirinn a rífhormhór. Fíorbheagán fealltachta ag baint leo.”

“Téimis ann,” ar tusa. Tóg do mhaide droighinn i do lámh agus bain as. Siúl dá mhíle romhainn. Síos tríd an gCorr, athchónaí Fhlaithbheartaigh na haimsire seo. Amach linn Ard-Bhearna agus soir trí Seanteach an Phobail, iomaí fear cróga agus bean mhánla sínte faoin bhfód sa reilig sin. Gaeilgeoirí binne, blasta, dealabhartha ab ea iad. Do-áirithe na scéalta, is na hamhráin a thugadar leo san uaigh.

Mo chreach mhaidine ghéar, iad ina luí ansin agus sinn dá n-éagmais. Maith a seasamh ar son Creidimh agus Tíre. Maith mar a chosnaíodar gach ar bhain lena seana. Cúramach a bhí faoina n-oidhreacht. Ní fios dúinn an bhfeicid cé mar atá an saol abhus faoi láthair? A sliocht ag tréigean gach béas is nó ba dhual dóibh. Teanga gharbh a namhad go teann i scoileanna agus i gcruinnithe Gael. Má chíd na beannachtach atáid. Brónach, duairc, dólásach dóibh. Clanna Gael ag déanamh dearmaid ar a ngail is ngníomh! Shoraidh uathu! agus shoraidh uathu arís eile! Cén mí-ádh, nó cén clampar dearg…

Nuair a cheannaíonn tú an Claidheamh cabhraíonn tú le cúis na Gaeilge. Tá do chabhair uainn anois.