An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (10 Meitheamh 1916)

An Claiḋeaṁ Soluis’ cothrom an ama seo (10 Meitheamh 1916)…uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

10 Meith C Solais

8. (Iomlán 946).              Cláraithe mar pháipéar nuachta             Meitheamh 10, 1916             Pingin

Cúrsaí an tSaoil

Eoin Mac Néill, ár leas-uachtarán, daoradh é an tseachtain seo caite agus tugadh príosúnacht fad a shaoil air. Ní heol dúinn céard a cuireadh ina leith.

Bhí Eoin Mac Néill ar an dream beag daoine a chuir Conradh na Gaeilge ar bun trí fichid bliain ó shin agus ó shin i leith go dtí an lá a gabhadh é bhí ina chomhairleoir agus ina chrann cosanta againn. Bhí ina eagarthóir ar an gClaidheamh Soluis ar feadh tamall maith. Bhí ina eagarthóir ar “Irisleabhar na Gaeilge” agus ba é a scríobh cuid de “Leabhair Uí Ghramhna”. Chaith sé a dhúthracht agus a chuid aimsire ar an gConradh. Nach maith is cuimhneach linn an troid a rinne sé ar son na Gaeilge san Ollscoil.

dhearna sé mórán oibre sa Chonradh le blianta gairide ach níor thréig sé riamh sinn in am contúirte ná catha. Scoláire críonna a bhí ann agus bhí a cháil ar fud na hEorpa le léann. Nuair a tugadh cathaoir na staire dó san Ollscoil Náisiúnta ní raibh aon fhear eile beo a bhí feiliúnach don phost agus is éard atá lucht na hOllscoile a rá anois nach bhfuil aon fhear le fáil le cur ina ionad.

Bhí cruacheisteanna i stair na sean-Éireann á bhfuascailt aige gach lá. Bhí an cháith agus an grán á ndeighilt óna chéile aige, agus in ionad na seanscéalta agus an stair bhréige, bhí fíorstair ár dtíre á tabhairt dúinn aige. Bhronn Dia léargas aigne air agus chuir sé grá tíre go domhain ina chroí. Bhí an grá agus an léargas aigne ag cuidiú le chéile sa scoláireacht. Admhaíonn lucht léinn nach raibh aon scoláire eile san Ollscoil le cur i gcomórtas leis.

Thaitin an tuath agus saol na tuaithe go mór le hEoin. Is iomaí a chaith sé in Árainn agus shiúil agus thaistil sé gach ceantar i gCúige Uladh. Bhí eolas aige ar gach clais i dTír Eoghain agus Aontroim agus níl duine sna Glinnte gan aithne aige air. Fear lách ab ea é, fear suairc i gcomhluadar, fear ciallmhar i gcomhairle, agus fear cneasta cóir, Gael nár chlaoin riamh a cheann d’fhear na héagóra. Tá daortha anois mar mheirleach. Tá curtha an loch amach…

Léadh Ard-Aifreann i dTeampall Ráth Fearnáin Dé Domhnaigh le hanam Phádraic Mhic Phiarais agus Liam Mhic Phiarais. Bhí gach aon áit den teampall lán de dhaoine. Daoine de phobal Ráth Fearnáin cuid acu, ach ba dhaoine ón gcathair an chuid ba mhó acu; fir agus mná a bhíodh ag obair le Pádraic i gConradh na Gaeilge agus i gcumainn eile, agus fir agus mná a bhfuil dilchuimhne acu ar an mbeirt.

Chonacthas daoine ag caoineadh le linn an Aifrinn. Bhí máthair na beirte a cuireadh chun báis i láthair agus nuair a tháinig sí amach ón teampall chonaiceamar radharc a mbeidh cuimhne againn air go deireadh ár saoil. Ní bhfaigheadh banríon an t-ómós a taispeánadh di. Tá an t-ómós tuillte aici mar is í an bhean uasal í nach ndéanann gearán cé go bhfuil a croí sáite in uaigh a clainne.

Beidh trácht ar an bPiarsach i stair na tíre seo. Bheadh trácht air dá mba rud nach raibh aon Éirí Amach ann. Fear mór ab ea é i ngluaiseacht na Gaeilge. Ba é a chuir an fuadar faoin ngluaiseacht sin dhá bhliain déag ó shin. D’fhéadfaí a rá le fírinne go mba é ba mhó a threoraigh an ghluaiseacht ar feadh ceithre bliana.

Rinne sé cruinnstaidéar ar cheist an oideachais agus léirigh sé an cheist do lucht na Gaeilge sa chaoi gur tuigeadh an cheist go beacht ar fud na tíre. An cineál oideachais a bhí ceaptha aige, chuir sé ar bun é i Scoil Éanna agus táimid a cheapadh go mbeidh trácht ar Scoil Éanna fós i scoileanna agus in ollscoileanna na tíre.

Ba scoláire Pádraic Mac Piarais. Bhí ardléannta, bhí ina oide geanúil grámhar. Is ar éigean a smachtaigh sé riamh a chuid daltaí. Cheannasaigh sé iad ina bhealach féin. Tá a cháil ar fud Éireann le hóráidíocht. Bhíomar ag éisteacht lena chaint an lá a cuireadh Ó Donnabháin Rosa. Bhíomar ag éisteacht leis lá eile fadó i gConnachta. Bhí ag caint le slua Gaeilgeoirí nár chuala riamh roimhe sin é. Bhí a urlabhra agus a ráite chomh binn sin go n-abraíodh corrdhuine sa slua an chaint ina dhiaidh.

Ba mhór iad tréithe Phádraic. Is iomaí bua a bhronn Dia air agus níor theastaigh rud uaidh ach a bheith ag saothrú ar son a thíre. Ní raibh sé gan locht cinnte – níl saoi gan locht ach caithfear a rá ina thaobh gur shantaigh sé go dian leas a thíre.

Go ndéana Dia trócaire ar an mbeirt.