An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (05 Lúnasa 1916)

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (05 Lúnasa 1916)

Claíomh-6

Déantúis an Phiarsaigh

Tá cosúlacht áirithe idir é agus laoithe na scéalta eile a chuireann síos ar bhruíonta nó ar uachaisí draíochta, mar atá ‘Bruíon Cheise Chorainn’, ‘Seilg Shléibhe Fuaid’, agus ‘Seilg Shléibhe gCuilinn’; ach ní i ngeall ar an scéal féin, ach i ngeall ar a léirítear ann d’uaisleacht méin agus aigne, d’fhíorlaochas, d’fhíorcharthanacht, agus de dhlúthmhuintearas i measc carad, is fiú ‘Bruíon Chaorthainn’ a áireamh ar phríomhscéalta na hÉireann.

Is dearbh go raibh sáreolas ag an bPiarsach ar ár sean agus ar ár sinsir romhainn, ar sheanchas agus ar dhinnseanchas na hÉireann, ar éigse faoi rílaochra agus dhéithe na nGael. Tá a fhios sin againn ó nótaí a chuir sé leis na finscéalta réamhráite. Tuigtear an ní céanna ó bharúlacha a thug sé uaidh sa “An Macaomh”. Mheas sé gurb é Cú Chulainn an laoch is mó ar a bhfuil trácht in il-épopée an domhain uile. Is ea, bhíodh cónaí ar Phádraic i mórdhúiche rúnda Ghaelach tráth a mbíodh a ghnáthobair á cur ar aghaidh aige. Ach ina scríbhinn féin ní dhearna sé aithris ar bith ar an modh inste a fhaightear sna finscéalta. “Bruíon Chaorthainn” srl. – “An Mháthair” srl.: níl aon chosúlacht inste eatarthu. D’fhaigheadh sé a ábhar liteartha de réir a thola féin. Dá eolaí é ba neamhspleách úrealaíonta é ó thosach a réime.

Aon leabhar beag amháin d’fhilíocht – beag de réir méide ach ní beag é de réir tréithe – atá againn uaidh. (Tá cnuasach eile le cur i gcló go fóill). “Suantraithe agus Goltraithe” is teideal don dá phíosa bheaga atá ann. Tá an chaint an-simplí cruinn ceolmhar; tá brí agus dianmhothú sna ranna go léir. Baineann cuid acu le máithreacha agus páistí na tuaithe, cuid eile acu lena shaol agus a spiorad féin. Is léir dúinn ón ranntacht dhíreach mar is léir dúinn ón scéalaíocht chomh tugtha agus a bhíodh sé don aos óg.

De ionnús ná de ghlóir

Ní fhágfad i mo dhiaidh

(Liomsa, a Dhia is leor)

Ach m’ainm i gcroí linbh

Níor ghnách leis trácht ar a shaol istigh, “la vie intimé,” ach anois agus arís san fhilíocht tá nithe doimhne pearsanta le fáil. Cuireann sé síos i rann áirithe ar mhianta a chroí, mianta atá á chiapadh agus dá phianadh de ló agus d’oíche, agus samhlaíonn sé dó go bhfuil sé mar fhia bocht ar shliabh,

Fia bocht fadtuirseach ’s an

chonairt ina dhiaidh

Chomh dian, cíocrach agus atá na mianta. Ach chuir sé smacht ar a mhianta pearsanta, agus rialaigh agus d’ordaigh a intleacht agus a shaol chun seirbhíse na hÉireann. D’airigh sé áille agus binne agus milse an tsaoil tráth, ach bhí a ghnó féin agus a chúrsa féin ceaptha amach aige:

Do chualas do cheol,

A bhinne na binne,

Is do dhúnas mo chluas

Ar eagla go gclisfinn.

Do bhlaiseas do bhéal,

A mhilse na milse,

Is do chruas mo chroí,

Ar eagla mo mhillte.

Do dhallas mo shúil,

Is mo chluas do dhúnas,

Do chruas mo chroí,

Is mo mhian a mhúchas.

Do thugas mo chúl,

Ar an aisling a chumas,

’S ar an ród seo romham,

M’aghaidh a thugas.

Do thugas mo ghnúis,

Ar an ród seo romham,

Ar an ngníomh a chím,

’S ar an mbás a gheobhad.

Saghas tiomna chomh maith le duanaire croí, is ea an leabhar ar fad. Is dearbh liom gur minic a bheidh na Gaeil ag smaoineamh ar a bhfuil ann sna haoiseanna atá le teacht. Tráchtfar ar ghníomhartha agus ar bhás an Phiarsaigh mar chuid de stair na Fodhla; beidh a chuid scéilíní ina n-áit faoi leith i litríocht na dúiche; ach measfar na ranna beaga mar thiomna pearsanta, mar fhaoistin ghrá, mar léirghuth croí.

Dhá bhliain ó shin (1914) cuireadh “Suantraithe agus Goltraithe” amach. Ina dhiaidh sin chríochnaigh Pádraic dráma nua, “An Máistir”, agus léiríodh in Amharclann na Mainistreach anuraidh an t-aistriú i Sacs-Bhéarla óna láimh féin. Deirtear gurb é sin an dráma is fearr dár chum sé; ach níl sé i gcló fós, agus níl sé léite agam, faraor. Ach is maith is eol dom an leabhar a craobhscaoileadh i dtús na bliana seo (1916), “An Mháthair, agus Scéalta Eile”, leabhar a chuireann “Íosagán” i gcuimhne dúinn, leabhar ina léirítear comhmhothú agus léargas Phádraic ar shlí níos soiléire ná riamh. Aigne agus imeachtaí a charad san iargúil, is iad bun agus barr an tsaothair. Cónaíonn na “daoine”, idir óg agus aosta, sa cheantar ba ghnaoi leis le blianta: Ros na gCaorach (is é sin, Ros Muc) agus an chomharsanacht. Bhí teachín aige ann, san áit ar a nglaoitear an Turlach, agus chaitheadh sé laethanta saoire ansin sa samhradh. Maidir leis na scéalta, tá baint acu le dhá shaol: saol sofheicthe agus saol dofheicthe. Ionadh agus naofacht na staide máthartha is ábhar don chéad scéal díobh. Tá rúndiamhair ann, chomh maith le cráifeacht atá simplí agus sollúnta san am céanna. Nochtann sé croí agus intinn na mban Gaelach dúinn ar mhodh iontach, agus nochtann sé croí agus intinn an Phiarsaigh dúinn ar shlí álainn mar an gcéanna.

Liam P. Ó Riain