An Biongó ag comhrac i gcoinne an uaignis ar chlár TG4

Agus formhór na rannpháirithe ag labhairt as Gaeilge bhog 'An Biongó', clár, simplí, geanúil ar TG4, ar aghaidh ar a bhogstró

Is cluiche é a shamhlaímid leis na seanphlandaí, mná ach go háirithe; iad bailithe timpeall an bhoird ag caint is ag cadráil. Go minic is tábhachtaí an suainseán ná cluiche na n-uimhreacha. Faoi mar a dúirt bean ó Iarthar Dhuibneach liom tráth is iontach an deis í ar bhreith suas ar chúlchaint na seachtaine. Sa chlár uair an chloig seo tugtar léargas ar an gcomhluadar a bhaineann leis an gcluiche simplí seo mar aon le héachtaint a thabhairt ar na daoine atá gafa leis. Más buan mo chuimhne bhí an iomaire seo á threabhadh cheana i gclár Léargas i mbliain an dá mhíle.

Ag tús an chláir tugadh le fios dúinn gur caitheamh aimsire é seo atá á imirt fud fad na tíre le breis agus 60 bliain. Insíodh dúinn go bhfuil fréamhacha ag an mbiongó san Iodáil agus sa chluiche ‘housey, housey’ a bhíodh á imirt ag saighdiúirí Sasanacha tráth. ’Siad na féilte áitiúla a scaip an cluiche ar fud na tíre ach ba í an Eaglais Chaitliceach a dhein feiniméan de. Mar is dual di d’aithin an Eaglais mianach an chluiche mar uirlis bailithe airgid agus dá bharr níorbh fhada nó go mbíodh na liathróidí beaga plaisteacha á raideadh timpeall in go leor hallaí pobail ar fud na tíre.

Léiríonn Packie Lafferty ann féin an nasc sin leis an eaglais. B’ábhar sagairt é tráth ach nuair a chaith sé an bóna thar claí chuaigh sé ag obair le Playprint, an comhlacht a sholáthraíonn formhór na leabhar biongó. Chinntigh a laethanta i Maigh Nuad go raibh aithne aige ar an-chuid sagart, rud a thug bheith istigh dó.

Mar go bhfuil tuairim is 50,000 duine ag imirt biongó in aghaidh na seachtaine inniu tá cúpla céad míle leabhar ag teastáil agus an comhlacht ag sluaisteáil leabhar ar fud na tíre.

Mar gurbh í an Eaglais a bhí ina bhun i dtús aimsire níor taibhsíodh d’éinne gur cearrbhachas a bhí ann. Má ba chearrbhachas é ba leagan coillte, inghlactha é.

Chuaigh lucht na Gaeilge iad féin sáite sa chúram nuair a thapaigh Gael Linn an deis sna seascaidí luatha úsáid a bhaint as pictiúrlanna folmha le cluichí a reáchtáil. ‘There’s no bingo like Gael Linn bingo,’ an tsluaghairm a bhíodh acu. Urlabhraí ag caint, cineáilín leithscéalach a mheasas, is é ag maíomh gur íoc an biongó as go leor tograí maithe Gaeilge.

Tugadh sin ar thuras timpeall na tíre ó Port Uí Chuireáin i dTír Chonaill go Ceathrú Thaidhg i Maigh Eo agus as sin go Bóthar na Trá, Béal Feirste agus Baile an Ghib.

Ó thús deireadh meabhraíodh dúinn an tábhacht a bhaineann leis an mbiongó mar áit chomhluadair, go mórmhór do phobail, scoite, tuaithe. Is minic gurb í an oilithreacht sheachtainiúil seo an t-aon imeacht shóisialta a bhíonn ag daoine áirithe, seanfhondúirí agus mná ach go háirithe. I dtréimhse nach mbíodh mórán imeachtaí sóisialta taobh amuigh den teach do mhná thug an biongó saoirse dóibh. Labhair Máire Cáit Uí Mhurchú linn faoina triúr clainne atá imithe ar imirce.

Is léir ó mhórán dos na cainteoirí gur bealach é an biongó éalú ón uaigneas, go mór mhór i rith an gheimhridh.

Agus formhór na rannpháirithe ag labhairt as Gaeilge bhog an clár, simplí, geanúil seo ar aghaidh ar a bhogstró agus ag an deireadh, i ngan fhios duit féin, bíonn cumha ort.