AGALLAMH LE LUKE FITZGEARALD: ‘Deirim go bhfuil an t-ádh liom, ach ní chreidim sin.’

Obair chrua a chinntigh gur tháinig Luke Fitzgerald slán ó na gortuithe ar fad a bhain de

Luke Fitzgerald 17/3/2015

Dá fhad í an oíche, tagann an lá. Is cinnte go dtagann an nath sin chun cuimhne Luke Fitzgerald atá ar tí cluiche a thosú don fhoireann náisiúnta den chéad uair le ceithre bliana. Bhí caint ann fiú go raibh sé chun éirí as ar fad agus gortú i ndiaidh gortaithe á bhfulaingt aige. Bhí Fitzgerald ar an gceathrú fear is fiche sna cluichí i gcoinne na Fraince, Shasana agus na Breataine Bige, é mar chúltaca ar fhaitíos go ngortófaí aon duine eile.

Agus é ag déanamh miongháire, dúirt cliathánaí Laighean gur tugadh le fios dó cúpla uair inniu go raibh ceithre bliana caite ó thosaigh sé cluiche le foireann na hÉireann sna Sé Náisiúin.

“Mothaíonn sé go bhfuil luach mo shaothair faighte agam ar deireadh, tar éis na hoibre crua go léir,” a dúirt Fitzgerald.

“Is geall le brionglóid é d’aon fhear, bheith ainmnithe ar an gcéad fhoireann. Tá an t-ádh liom go bhfuil deis á fáil agam an geansaí glas a chaitheamh ag an deireadh seachtaine.”

Cuimhníonn sé ar an méid atá ráite aige agus athraíonn sé a intinn.

“Deirim go bhfuil an t-ádh liom, ach ní chreidim sin. D’oibrigh mé go crua chun filleadh ar an áit seo. Mothaím go bhfuil an obair sin tagtha chun críche anois. Tá sé fíordheacair nuair a mhothaíonn tú go bhfuil tú chomh fada sin ón bhfoireann go smaoiníonn tú ar éirí as de bharr gortuithe.”

Sé mhí dhéag ó d’imir Fitzgerald mar ionadaí i gcoinne na All Blacks, agus ceithre bliana ó thosaigh sé cluiche idirnáisiúnta, mothaíonn an cliathánaí go bhfuil sé istigh leis féin arís agus go bhfuil sé gar go maith do bheith ar bharr a mhaitheasa. Anois agus na gortuithe curtha as a cheann aige teastaíonn uaidh a bheith ag imirt ar feadh sé bliana eile ar a laghad. Tá sé 27 mbliana d’aois anois agus níl ach 27 gcluiche idirnáisiúnta imeartha aige. Agus é mar ionadaí do na trí chluiche dheireanacha, bhí súil ghéar á caitheamh aige ar na cluichí.

“Bhí mé mar dhuine den lucht féachana níos gaire don aicsean ná mar a bhíonn beagnach aon duine eile. Nuair a bhíonn tú chomh gar sin, tá sé fíor-, fíordheacair, a bheith dearfach. Caithfidh tú tacaíocht a thabhairt don fhoireann, do cheann a choimeád síos agus bheith glórach ag an traenáil.

“Caithfidh tú bheith muiníneach agus na rudaí bunúsacha a dhéanamh ar bhonn laethúil. Tá ort na himreoirí a ghríosadh do na cluichí ag an deireadh seachtaine chomh maith agus is féidir. Bíonn sé deacair sin a dhéanamh chomh maith; 36 imreoir agus iad go léir ag iarraidh imirt. Tá áthas orm a bheith ann.”

Luke Fitzgerald i gcoinne na Dragons. Pictiúr: INPHO/Colm O’Neill

Agus a áit caillte ar an bhfoireann ag Simon Zebo, is cinnte go bhfuil lá Fitzgerald tagtha arís. D’imir sé ceithre huaire d’fhoireann Declan Kidney i gcomórtas na Sé Náisiún in 2011, ach gortaíodh é agus tháinig críoch thobann leis an séasúr dó. Níor imir sé i gCorn an Domhain na bliana sin, ach tá an corn á imirt arís ag deireadh na bliana seo, agus is triail ar leith é cluiche an deireadh seachtaine seo dóibh siúd a bhfuil súil acu a bheith páirteach sa chomórtas mór.  

“Is é mian mo chroí imirt i gCorn an Domhain agus is cúis mhór díomá dom nach raibh aon bhaint fós agam le feachtas Chorn an Domhain. Ní hin a rá go mbím ag smaoineamh air. Ní bhím ar chor ar bith.”

“Táim dírithe ar na Sé Náisiún. Gan amhras, tá sé (Corn an Domhain) mar aidhm agam sa bhfadtéarma agus tá an scéal amhlaidh do gach imreoir. Aon duine a bhreacann a chuid aidhmeanna ar phár, bheadh sé sin gar do bharr an liosta.”

Níl ag déanamh tinnis do Fitzgerald faoi láthair ach cluiche an deireadh seachtaine seo i gcoinne na hAlban.

“Ach fad is a bhaineann sé liomsa, sa ghearrthéarma, táim dírithe ar thaispeántas maith a thabhairt uaim ag an deireadh seachtaine. Níor smaoinigh mé faoi sin (gur triail é an cluiche seo do Chorn an Domhain). Tá sé suimiúil féachaint ar an gcluiche mar thriail ar leith, ach tá an-chuid rugbaí le himirt idir seo agus sin. Díreoidh mé ar an deireadh seachtaine seo.”

Fág freagra ar 'AGALLAMH LE LUKE FITZGEARALD: ‘Deirim go bhfuil an t-ádh liom, ach ní chreidim sin.’'