Acht Teanga curtha ar ‘pháipéar leithris’ ag Campbell

Ní ghéillfidh an DUP ‘go deo’ don éileamh ar Acht Teanga ó thuaidh, a deir Gregory Campbell, a thosaigh a óráid agus pota iógairt ina lámh aige mar fhrapa

Screen Shot 2014-11-04 at 13.31.55

Níl san Acht Teanga don Tuaisceart atá á lorg le fada ag pobal na Gaeilge ach éileamh ar ‘liosta aislingeach’ arb ionann é agus ‘páipéar leithris’, dar le Gregory Campbell ón DUP.

Thug Campbell le fios do chomhdháil an DUP, atá ar siúl in Óstán La Mon i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo, nach ngéillfeadh a pháirtí ‘go deo’ don éileamh ar Acht Teanga.

Dúirt sé go gcaithfeadh an DUP le gach éileamh ar “wish list” Shinn Féin, an tAcht Teanga san áireamh, “as no more than toilet paper”.

Seo an dara huair ag Campbell a bheith ag cur thairis faoin nGaeilge le roinnt seachtaine anuas.

Ag tús na míosa seo cuireadh cosc lae air labhairt i gComhthionól Stormont mar gheall ar an scigaithris a rinne sé ar an abairt ‘Go raibh maith agat, a Cheann Comhairle’.

“Curry my yoghurt can coca coalyer,” a dúirt Campbell mar mhagadh le linn díospóireacht i Stormont.

Thagair sé don chonspóid sin arís inniu ag comhdháil an DUP agus pota iógairt ina lámh aige ag tús a óráide. Thuill a fhrapa bualadh bos dó ón slua sa halla agus dúirt sé go mbeadh ‘curaí’ aige am lóin.

Dhiúltaigh Campbell léithscéal a ghabháil ag tús na míosa nuair a cuireadh ina leith gur léirigh  sé drochmheas ar an nGaeilge agus pobal a labhartha.

Mhaígh sé go raibh sé bailithe de bheith ag éisteacht le “Irish ad nauseam on hundreds of occasions for no purpose other than a political one”.

Moladh an DUP inné as cuireadh a thabhairt do Phríomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, an foras a phléann leis an nGaelscolaíocht ó thuaidh, labhairt ag a gcomhdháil.

 

 

Fág freagra ar 'Acht Teanga curtha ar ‘pháipéar leithris’ ag Campbell'

  • Art

    Curry my yoghurt can coca coalyer , sin Ulster Scots, nach í.
    ach níl an gramadach ro-mhaith ann. caitear “no ,no, never” ag deireadh gach uile abairt.

  • Feardorcha

    Más ea féin, is fearr Campbell ná an béal cam atá á imirt orainn ó dheas, agus ár rialtas féin ag tabhairt cás i gcoinne an Coimisinéir Teanga.
    https://www.irishtimes.com/news/crime-and-law/courts/revenue-failed-in-bilingual-duty-with-lpt-booklet-1.2009258

    Mar atá ráite ar shuíomh An Sionnach Fionn is fearr go mór dúinn bheith ag trácht ar a leithéid sin ná a bheith ag éisteach le gnúsacht na muc ó Thuaidh.