10 mbliana á gceiliúradh ag Twitter – céard iad na tvuíteanna Gaeilge is mó a bhí i mbéal an phobail?

Bhí Banríon Shasana agus spásaire as Ceanada i measc na ndaoine is mó a raibh a ngiolcacha i nGaeilge i mbéal an phobail le 10 mbliana anuas

tweeting-150413_1280

Ba ó chuntas @aine a seoladh an chéad ghiolc Gaeilge agus áit aici dá bharr i stair na teanga sa chibearspás. Mar sin féin, murab ionann agus cuid de na giolcairí mór le rá a tháinig ina diaidh, ní dhearnadh aon scaipeadh rómhór ar ghiolc @aine.


Céard iad, mar sin, na giolcacha is mó a bhí i mbéal an phobail le deich mbliana anuas?    Chuir an spásaire Chris Hadfield an Ghaeilge os comhair an domhain mhóir agus na reann neimhe go léir nuair a chuir sé giolc amach trí bliana ó shin inar mhol sé áilleacht na hÉireann agus é ag taisteal os ár gcionn ar an Stáisiún Idirnáisiúnta Spáis.   

Ba mhó athghiolc a rinneadh ar ghiolc Hadfield ná aon ghiolc eile ach ba ag Eoin Byrne a bhí an giolc Gaeilge is mó ar tugadh croíthe dó ó thús ama. Thuill a jóc faoi réimniú an bhriathair ‘tabhair’ agus an mhéim ‘Thug Life’ 2,690 acu.

Chuir cuntas oifigiúil Theaghlach Ríoga Shasana iontas ar ghiolcairí na hÉireann nuair a cuireadh giolc amach ón gcuntas sin i nGaeilge. Bhí Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins agus a bhean ar cuairt i Sasana ag an am agus chuir an cuntas ríoga eolas rialta faoin gcuairt oifigiúil ar an suíomh i nGaeilge.

 Tá Londain bainte amach ag Uachtarán na hÉireann agus ag Bean Uí Uiginn, agus chuir ionadaí na Banríona fáilte rompu #Fáilte #CuairtStáit

Spreag cuairt oifigiúil eile giolc Gaeilge ón mbanna ceoil U2 ag deireadh na bliana seo caite. Bhí an trodaí UFC Conor McGregor i Las Vegas dá throid in aghaidh José Aldo agus ghuigh U2 gach rath ar fhear Thamhlachta i nGaeilge i ndiaidh do McGregor a fhiafraí díobh an mbeadh siad ag breathnú ar an troid.


Thuill Éireannach cáiliúil eile meas mhuintir a thíre nuair a bhain sé úsáid as an teanga lena fhéiniúlacht agus náisiúntacht Éireannach a chosaint in aghaidh troll Twitter Oíche Shamhna 2014. Dúirt an cuntas @extrastarsboss le Ó Briain gur beag idir Éire agus Sasana agus nach bhféadfadh sé a mhaíomh gur inimirceach i Sasana a bhí ann. D’easaontaigh Ó Briain go láidir leis.

Fág freagra ar '10 mbliana á gceiliúradh ag Twitter – céard iad na tvuíteanna Gaeilge is mó a bhí i mbéal an phobail?'