Scéimeanna nua chun labhairt na Gaeilge a spreagadh ar thosaíochtaí Airí na Gaeltachta

Tá a dtosaíochtaí don bhliain romhainn curtha ar fáil ag airí na Gaeltachta

Scéimeanna nua chun labhairt na Gaeilge a spreagadh ar thosaíochtaí Airí na Gaeltachta

Tá bunú beartas a d’fhéadfadh a bheith ina ‘scéim labhairt na Gaeilge’ nua i measc na bpríomhspriocanna atá ag Airí na Gaeltachta do théarma nua na Dála.

Tá tosaíochtaí an Aire Catherine Martin agus an Aire Stáit Patrick O’Donovan do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta don bhliain romhainn faighte ag Tuairisc agus filleadh thoghchán an Údaráis agus cur i bhfeidhm an Achta Teanga i measc na dtosaíochtaí eile atá luaite.

Dúirt na hairí go bhfuil súil acu “roinnt scéimeanna nua a fhógairt” le linn an téarma nua Dála a thosaigh an tseachtain seo. Beidh na scéimeanna sin “dírithe ar úsáid laethúil na Gaeilge a mhéadú laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht”.

Tá ráite ag an Aire Stáit O’Donovan cheana go ndéanfadh sé a mhachnamh ar mhacasamhail Scéim Labhairt na Gaeilge, an scéim faoina n-íoctaí €260 le teaghlaigh Ghaeltachta ina raibh labhairt na Gaeilge ag na páistí, a thabhairt ar ais, ach is cosúil go bhfuil Roinn na Gaeltachta ag obair ar roinnt scéimeanna eile a mbeadh sé mar aidhm acu labhairt na teanga a chur chun cinn i measc an phobail ar fud na tíre.

Cuireadh deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge in 2011 ach thug an Roinn le fios do Tuairisc an mhí seo caite go raibh moltaí bailithe acu faoin múnla a d’fhéadfadh a bheith ar scéim nua. Is léir ó liosta tosaíochta na nAirí Gaeltachta, áfach, go bhfuiltear ag iarraidh díriú i scéimeanna nua ar chur chun cinn na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht chomh maith.

Tá cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla luaite mar thosaíocht ag an mbeirt airí chomh maith. Chuige sin, caithfear an Plean Náisiúnta maidir le soláthar seirbhísí poiblí i nGaeilge a fhoilsiú faoi  lár 2024.

Níor mhór d’Aire Stáit na Gaeltachta spriocdháta a leagan síos chomh maith faoina gcuirfear gach seirbhís phoiblí sa Ghaeltacht agus don Ghaeltacht ar fáil i nGaeilge. Caithfear spriocdháta eile a leagan síos faoina mbeidh gach oifigeach poiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag obair trí mheán na Gaeilge.

Tá Roinn na Gaeltachta freisin leis na Caighdeáin Teanga, atá le tabhairt isteach faoin reachtaíocht in áit chóras na scéimeanna teanga do chomhlachtaí poiblí, a fhoilsiú sna míonna amach romhainn.

Beidh na hairí ag díriú freisin ar fhilleadh thoghchán an Údaráis agus an obair reachtaíochta atá le déanamh chun an toghchán sin a thabhairt ar ais. Níl Bille an Údaráis foilsithe go fóill ag an Rialtas ach caithfear tabhairt faoin obair go tapa má tá sé le cur trí Thithe an Oireachtais agus a bheith achtaithe in am don toghchán atá socraithe do thús mhí an Mheithimh 2024, nuair a bheidh toghcháin na hEorpa á reáchtáil.

Tá airí Gaeltachta ag súil freisin go mbeidh radharc faoi dheireadh ar straitéis nua do na hEalaíona Teangabhunaithe.

Clár Oibre na nAirí Gaeltachta

  • Roinnt scéimeanna nua a fhógairt, dírithe ar úsáid laethúil na teanga a méadú taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht
  • An Tuairisc Bhliantúil maidir leis an bPlean Cúig Bliana don Ghaeilge a fhoilsiú ag Oireachtas na Samhna
  • An Plean Náisiúnta maidir le soláthar seirbhísí poiblí i nGaeilge a bheith foilsithe i lár 2024;
  • Caighdeáin Teanga d’earnálacha áirithe a fhoilsiú
  • Straitéis nua do na hEalaíona Teangabhunaithe a sheoladh roimh dheireadh na bliana agus tuilleadh infheistíochta a dhéanamh san earnáil sin
  • Tuilleadh tacaíochtaí a fhorbairt do dhaltaí ó chúlraí éagsúla chun freastal ar choláistí samhraidh
  • Achtú reachtaíochta chun toghcháin Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais agus na socruithe a dhéanamh chun an toghchán a reáchtáil i lár 2024
  • Athbhreithniú ar an gcéad deich bplean teanga a bheith críochnaithe agus tuilleadh infheistíochta a dhéanamh sa phróiseas pleanála teanga

Fógraíodh in 2018 go raibh an straitéis le hullmhú ach deir na hairí anois go bhfuil súil acu í a fhoilsiú roimh dheireadh na bliana agus go bhfuiltear chun tuilleadh infheistíochta a dhéanamh san earnáil sin.

Deir na hairí chomh maith go bhfuil siad   ag iarraidh tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil do dhaltaí “ó chúlraí éagsúla” chun freastal ar choláistí samhraidh Gaeilge.

Deirtear go bhfuil siad ag súil le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcéad deich bplean teanga a críochnaíodh as seo go ceann roinnt míonna agus maoiniú breise le tabhairt do phróiseas na pleanála teanga.

Fág freagra ar 'Scéimeanna nua chun labhairt na Gaeilge a spreagadh ar thosaíochtaí Airí na Gaeltachta'