Yung Mae ab ainm di – is fiú i gcónaí dul ag caint le daoine

An mbíonn a fhios agat ariamh céard atá romhat in am ar bith?

Yung Mae ab ainm di – is fiú i gcónaí dul ag caint le daoine

Ag breathnú chun cinn ar 2026, cuirim an cheist orm féin – an mbíonn a fhios agat ariamh cad a d’fhéadfadh titim amach, nó céard atá romhat in am ar bith?

Bhí mé ag léamh le gairid faoi fhadhb na cumarsáide – is cosúil go bhfuil daoine éirithe as a bheith ag caint lena chéile. Drochsheans go dtarlóidh sé sin dhomsa. Ach tar éis dhom é sin a léamh, chuir mé romham labhairt le daoine go mb’fhéidir nach mbeinn ag caint leo sa ghnáthshlí. Ní mar a chéile a chuaigh gach comhrá agus ní mar a chéile a chríochnaigh siad. Mar a deirim, an mbíonn a fhios agat ariamh cad a d’fhéadfadh titim amach?

Bhí an bhean sa gcathaoir rothaí gar dhom sa chaifé Tigh Dunnes an tseachtain seo caite. Bhí an fear tar éis í a fhágáil ansin – is dócha go mb’éigean dó dul agus roinnt earraí grósaera a cheannach. Bhí sí ansin léi féin ag caitheamh súil ar iris ó nuachtán an deireadh seachtaine. Dúirt mé liom féin go gcuirfinn isteach uirthi dá labhróinn léi ach go mb’fhéidir nach ndéanfadh sin aon dochar. D’fhéadfadh sí a rá liom gurbh fhearr léi fanacht ina haonar.

Ach bhí fonn cainte uirthi. Sea, léann sí na hirisí ó na páipéir i gcaitheamh na seachtaine. Uair amháin choinníodh sí iad i gcomhair eitiltí – go háirithe eitiltí fada thar oíche agus a leithéidí.

‘Ach nílim in ann eitilt níos mó,’ a dúirt sí go brónach. ‘Teastaíonn cúnamh maidin agus oíche uaim agus ní féidir liom eitilt in aon áit anois.’

D’inis sí dhom go raibh galar Parkinson’s uirthi le fada an lá – suas le dhá scór bliain agus bhíodh sí in ann taisteal fiú agus an galar sin uirthi. Ach tharla an mí-ádh dhá bhliain ó shin nuair a bhuail taom meiningítis í agus bhí sí an-tinn leis. Go deimhin, glaodh isteach ar a clann agus dúradh leo slán a fhágáil aici.

Tháinig sí as go míorúilteach, ach ní raibh sí in ann taisteal níos mó.

‘Agus tá teach againn sa Spáinn,’ a dúirt sí liom, ‘agus ní féidir liom cuairt a thabhairt ann. Téann m’fhear céile amach ann le súil a choinneáil air ó am go ham agus bíonn an oiread cumha orm ag breathnú air ag imeacht leis.’ Ó bhuail an meiningíteas í, bíonn gá aici le cúramóirí maidin agus oíche len í a thógáil amach as an leaba agus mar sin de.

‘Is breá liom do gheansaí,’ dúirt sí liom agus muid ag bailiú ár gcuid giuirléidí le n-imeacht. ‘Is aoibhinn liom na dathanna atá ann.’

‘Beidh mé ag smaoineamh ort an chéad uair eile a bheas mé sa Spáinn,’ a dúirt mé léi. ‘Ó déan sin,’ arsa sise. ‘Agus b’fhéidir go dtabharfá an geansaí sin dhom nuair a bheas tú réidh leis.’

Caithfidh duine a bheith ag súil le rud éicint amach rompu.

Ní chaithim an lá ar fad ag ól caife ach nach fearr é ná an lá a chaitheamh sa bpub? Lá eile an tseachtain chéanna agus mé Tigh O’Brien i Stigh Lorgan, d’airigh mé fear taobh thiar díom ag labhairt Gaeilge le duine éicint. Ach ní raibh éinne le feiceáil thart ach na daoine a bhí taobh thiar den chuntar.

‘Ar labhair tú Gaeilge le duine de na freastalaithe?’ a d’fhiafraigh mé de. ‘Labhair,’ ar seisean liom. ‘Tá Gaeilge líofa ag an gcailín sin,’ ar seisean ag taispeáint cailín óg Síneach dhom.

B’éigean dhom mo chuid fiosrachta a shásamh agus chuaigh mé ar ais chuici tar éis cúpla nóiméad. Ní áit é O’Briens go dtugtar spreagadh dhuit a bheith ag cabaireacht leis an bhfoireann. Ach choinnigh mé orm. ‘Ar chuala mé i gceart – go bhfuil Gaeilge agat féin?’ a d’fhiafraigh mé di,

‘Beagán,’ a d’admhaigh sí. ‘Ach tá sí cineál dearmadta anois.’ D’inis sí dhom (i nGaeilge) go ndeachaigh sí ag an scoil i dTeach Naithí (Taney). ‘Ansin chuaigh mé ar scoil go dtí Coláiste na Rinne i bPort Láirge.’

Bhí an líne custaiméirí ag dul i bhfad agus níorbh fhéidir liom mórán eile cainte a dhéanamh léi. ‘Sarah,’ an t-ainm a thugtar uirthi sa chaifé ach i ndáiríre is í ‘Yung Mae’ a hainm Síneach, dúirt sí liom. Sin comhrá go gcaithfidh mé filleadh air.

Bhí ócáid cheiliúrtha ag Ollscoil na Gaillimhe an lá cheana i gceann de na clubanna i lár na cathrach. Bhíodar le hUachtarán nua na hollscoile a chur in aithne dúinn – sinne na hiarchéimithe – agus ar ndóigh bhí cuid den fhoireann teagaisc ann freisin.

Tháinig bean óg Shíneach i mo threo agus thosaigh ag caint linn ar an bpointe. Iníon léinn as an iasacht, a dúirt mé liom féin. Bíonn go leor acu ag freastal ar an ollscoil na laethanta seo.

Ní raibh sí i bhfad ag ceartú mo chuid míthuiscintí.

Is í an tOllamh Karena Yan an Déan nua ar An Scoil Ghnó in Ollscoil na Gaillimhe. D’inis sí dúinn go bhfuil an-áthas uirthi an post seo a ghlacadh toisc gur ardú céime atá ann. Go dtí le gairid bhí sí ina Déan cúnta sa scoil ghnó in Ollscoil Durham ach tugann an post i nGaillimh an-scóip di ó thaobh na nuálaíochta agus bainistíocht straitéise, a dúirt sí.

Níl a fhios cén taithí atá ag Karena i réimse an ghnó. Chuir sí comhairle ar an  ngrúpa i bParlaimint na Breataine nuair a bhíodar ag déanamh staidéir ar an ‘Metavers’. Agus bhí trácht uirthi san Sunday Times, san Economist agus ar an mBBC.

Tá sí imithe ón tSín le 20 bliain. Ba sa deisceart a bhí cónaí uirthi sular bhog sí. Agus tá sí sona sásta in Éirinn. Árasán ar imeall an bhaile aici agus teach i Durham toisc go bhfuil a páiste ar scoil ann agus a fear céile fós ag obair ansin.

Ní chuirfeadh sé aon iontas orm ach go mbeadh Gaeilge ar a toil aici an chéad uair eile a chasfar ar a chéile muid. Tá mé ag súil go mór leis an gcoinne sin.

Agus am éigin sa bhliain nua, nífidh mé an seangheansaí leis na dathanna tarraingteacha. Beidh sé agam an chéad uair eile don bhean sa chathaoir rothaí agus beidh mé ag inseacht na scéalta is deireanaí ón Spáinn di.

Fág freagra ar 'Yung Mae ab ainm di – is fiú i gcónaí dul ag caint le daoine'

  • Carraig

    N’fheadar ná gurb iad na hallúraigh, idir Úcránaigh, Rúisigh, Sínigh is eile, is mó a labhróidh ár dteanga bheag féin amach anseo!
    Ní bhíonn aon spalladh náire ná leisce orthu í a labhairt in áiteanna poiblí pé’r bith é.
    Gan gruaim orthu ná orainn!