“You got a better idea?’ – dúshlán Rialtas na Breataine agus an DUP tugtha ag an Taoiseach

Tá plean praiticiúil don Bhreatimeacht á lorg ag Leo Varadkar agus dúshlán na Breataine agus an DUP tugtha aige os comhair an tsaoil

“You got a better idea?’ – dúshlán Rialtas na Breataine agus an DUP tugtha ag an Taoiseach

Pictiúr: Sam Boal / RollingNews.ie

Chuir Leo Varadkar dhá cheist dhíreach san óráid a thug sé in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste.

Who do we speak to in Belfast?” a dúirt an Taoiseach agus é ag tagairt d’fhionraíocht leanúnach an Fheidhmeannais i Stormont.

Dar leis gur féidir an Breatimeacht agus cúrsaí tábhachtacha eile a phlé i gcónaí le príomh-airí in Albain agus sa Bhreatain Bheag, ach nach bhfuil duine ar bith ar fáil i mBéal Feirste atá ar comhchéim leo.

Fiú mura gcuireann a achainí brú ar an DUP agus ar Shinn Féin teacht ar chomhréiteach leis an bhFeidhmeannas a athbhunú, is beag duine ó thuaidh a shéanfadh an riachtanas.

Tá dlús á chur le comhráite faoin mBreatimeacht sa Bhruiséil. Ní bheidh polaiteoirí an Tuaiscirt páirteach sna comhráite sin. Is géire mar sin an riachtanas go dtiocfaidís le chéile chun an leas coiteann a shoiléiriú don rialtas i Londain agus chun é a phlé leis an rialtas i mBaile Átha Cliath.

Ní féidir a bheith cinnte go mbrostóidh práinn an Bhreatimeachta atá ag teannadh leis an dá chuid den oileán comhréiteach ó thuaidh. Ach tá brú níos láidre agus níos oscailte curtha ag an Taoiseach ar an mBreatain agus ar an DUP, go háirithe.

Dúirt Leo Varadkar i mBéal Feirste gur faoin dream atá ag moladh ‘Breatimeacht crua’ atá sé córas a thairiscint a dhéanfadh leas an phobail, thuaidh agus theas. Mura bhfuil sé ar a gcumas córas dá leithéid a mholadh – dúirt an Taoiseach nár shíl sé go mbeadh – ní foláir socruithe eile a phlé.

Ina óráid, dúirt Leo Varadkar go bhféadfaí trí réiteach a phlé: aontas custaim idir Aontas na hEorpa agus an Ríocht Aontaithe, mar atá i bhfeidhm idir an Tuirc agus an tAontas; ballraíocht na Breataine i gComhlachas Saorthrádála na hEorpa (EFTA), a dheimhneodh go mbeadh saorthrádáil i réim idir an Ríocht Aontaithe agus ballstáit an AE;socrú idirlinne, chun deis a thabhairt don dá thaobh gach rud a phlé.

Tá sé ionann agus cinnte nach n-aontóidh rialtas na Breataine leis an gcéad dá réiteach go luath, ná am ar bith b’fhéidir. Neosfaidh an aimsir an aontóidh siad leis an tríú ceann.

Mar sin féin, tá cor tábhachtach sroichte i scéal an Bhreatimeachta, a bhuí le ráiteas an Taoisigh. Tá dúshlán na Breataine agus an DUP tugtha aige os comhair an tsaoil. Fúthusan atá sé anois plean soiléir praiticiúil a chur os comhair an AE.

Sa scannán Alien (1976), ina raibh Sigourney Weaver agus John Hurt páirteach, deir Weaver le criú spásárthaigh atá i gcontúirt ach nach n-aontaíonn lena seift tarrthála:

You got a better idea?’

Tá macasamhail dá ceist curtha ag Leo Varadkar ar an mBreatain agus ar an DUP.

Dóchas agus áiní

Tá dea-scéala agus drochscéala faoin tír sa phobalbhreith atá díreach foilsithe ag an bhforas neamhspleách Eurobarometer.

An dea-scéala: Níl daoine i dtíortha eile an AE baileach chomh dóchasach faoin léargas eacnamaíochta agus atáthar in Éirinn, de réir an tsuirbhé inar ceistíodh vótóirí i ngach ballstát san AE idir 20 agus 29 Bealtaine.

Ar an meán, níor shíl ach 26 faoin gcéad díobh siúd a ceistíodh ar fud an AE go rachadh cúrsaí a dtíre i bhfeabhas as seo go ceann bliana. In Éirinn, dúirt 45 faoin gcéad go raibh siad ag súil le feabhas.

Dúirt 50% abhus chomh maith gur shíl siad go rachadh cúrsaí fostaíochta in Éirinn i bhfeabhas as seo go ceann bliana. Ní raibh ach 26% ar an meán chomh dóchasach céanna ar fud an Aontais.

An drochscéala: Léirigh na freagraí ar cheist eile áfach tuairimí a bhí i bhfad níos éadóchasaí ná an ghnáth-thuairim Eorpach.

Nuair a cuireadh ceist ar vótóirí faoi na fadhbanna náisiúnta is tábhachtaí atá le réiteach sna ballstáit éagsúla, chuir 50% de na hÉireannaigh a ceistíodh cúrsaí tithíochta sa chéad áit (meán Eorpach: 8%).

Tá físeán nua curtha ar YouTube ag an rialtas, mar chuid den fheachtas i bhfabhar aistriú Fhoras Cógas na hEorpa ó Londain, mar gheall ar Bhreatimeacht.

Maítear sa bhfíseán go bhfuil sárchóras sláinte, oideachais, iompair, srl ar fáil i bpríomhchathair na hÉireann. Níl tagairt dá laghad ann do chúrsaí tithíochta – riachtanas a bheadh ar intinn gach duine a bheartódh aistriú ó thír amháin go tír eile. Ní haon iontas í an bhearna.

* Is féidir teacht ar fhíseán an rialtais ach ‘relocation of European Medicines Agency to Dublin’ a lorg ar YouTube.

Fág freagra ar '“You got a better idea?’ – dúshlán Rialtas na Breataine agus an DUP tugtha ag an Taoiseach'