Woodies ag fáil réidh le comharthaíocht Ghaeilge chun a bheith ‘cleaner and less cluttered’

Dúradh go bhfuil Woodies 'an-bhródúil' as a 'n-oidhreacht Éireannach' ach nach bhfuil siad ag brath ar an nGaeilge leis an mbród sin a chur in iúl dá gcuid custaiméirí

Woodies ag fáil réidh le comharthaíocht Ghaeilge chun a bheith ‘cleaner and less cluttered’

Tá deireadh á chur ag an gcomhlacht Woodie’s le comharthaíocht Ghaeilge ina gcuid siopaí ar mhaithe le “cleaner and less cluttered style” a bheith acu.

Díolann Woodies crua-earraí agus táirgí garraíodóireachta i 16 siopa ar fud na tíre agus bhíodh comharthaí Gaeilge ar taispeáint i roinnt de na siopaí sin.

Dúirt urlabhraí de chuid an chomhlachta go bhfuiltear ag súil go n-aireoidh na custaiméirí “that everything in the store has a fresher and less cluttered feel to it” i ndiaidh dóibh fáil réidh leis an gcomharthaíocht Ghaeilge.

Dúradh go bhfuil Woodies “an-bhródúil” as a “n-oidhreacht Éireannach” ach nach bhfuil siad ag brath ar an nGaeilge leis an mbród sin a chur in iúl dá gcuid custaiméirí.

“We are very proud of our Irish heritage but we want that to come across in our homely style of service and brand personality,” a dúradh.

Dúirt an t-urlabhraí go dtuigtear do Woodies nach mbeidh gach custaiméir ar aon fhocal leo maidir le ceist na comharthaíochta Gaeilge ach go raibh siad ag súil go “dtuigfí an réasúnaíocht” a bhí taobh thiar den chinneadh.

Fág freagra ar 'Woodies ag fáil réidh le comharthaíocht Ghaeilge chun a bheith ‘cleaner and less cluttered’'

  • Ben Ó Ceallaigh

    Ní móide gur dochar é seo – bhí chuile cheann beo dá gcomarthaí “Gaeilge” ina siopa i nGaillimh feilliúnach le dul ar “Amú san Aistriúchán” anseo. Ba mhó an masla é do phobal na Gaeilge ná comhartha measa/comhstádais. Chuir mé in iúl daofa faoi dhó nach raibh na haistriúcháin lofa sásúil ach ar ndú níor athraigh sé sin blas…

  • Cluain Sceach

    Cur-i-gcéill a bhí ann an chéad lá…

  • Oliver Ó Nialláin

    Tá comharthaíocht Ghaeilge ag B&Q,comhlacht Sasanach, agus tá sé i gceist ag Woodies droim láimhe a thabhairt don Ghaeilge. Is ait an mac an saol!

  • Fearn

    @Chuir mé in iúl daofa faoi dhó nach raibh na haistriúcháin lofa sásúil ach ar ndú níor athraigh sé sin blas…

    Bhal, d’athraigh, a Bhen. Nár thuig tú an t-alt

  • Sliabh na mBan

    “We are very proud of our Irish heritage but we want that to come across in our homely style of service and brand personality” …. A leithéid de ráiméis! Fimíneacht amach is amach.

  • Tara

    A leithéid de ráiméis nár chuala mé ariamh. Ní bhíonn ‘a homely style of service’ á chur ar fáil agat mura bhfuil tú ag cuir do chuid fograíocht ar fáil sna dhá teangacha a úsáidtear ag an chuid is mó de muintir na tire seo sa bhaile.

  • David Barnwell

    Is droch liom an cinneadh seo. Ach ar an dtaobh eile, ta an méid sin Gaeilge uafásach le feiscint ar na sráideanna agus i siopaí go mb’fhéidir gur fearr gan bacadh leis an leagan ‘Gaeilge’ a thuilleadh. Sampla, d’fhéadfaí míle a thabhairt. Le déanaí osclaíodh ollmhargadh breá de chuid SuperValu i gCill Choca Chill Dara. Tá iarracht déanta acu na leaganacha Gaeilge a chur ar a gcuid comharthaí, bail ó Dhia orthu. Ach faraoir: ar na seilfeanna ar a bhfuil na hearraí Sugar-Free feictear comhartha mór a deir: Siúcre Saor in Aisce.

  • Seosamh

    Blianta ó shin nuair a bhí Waterstones i mbun gnó i mBÁC bhí seastán irisí acu díreach taobh istigh den doras tosaigh agus comhartha dháthangach air a chuir in iúl do chách gur “Magazines / Armlanna” a bhí ar fáil ann.