‘Will you shut up, man?’ – díospóireacht uachtaránachta shuarach ghránna i SAM

Thug Donald Trump agus Joe Biden aghaidh ar a chéile aréir sa chéad díospóireacht i dtoghchán uachtaránachta SAM agus ba bhocht an radharc é

‘Will you shut up, man?’ – díospóireacht uachtaránachta shuarach ghránna i SAM

D’athraigh na Proud Boys, buíon nuafhaisisteach, a mana aréir chun é a chur in oiriúint do ráiteas a rinne Donald Trump fúthu le linn díospóireacht na huachtaránachta in Ohio Mheiriceá.

“Proud boys, stand back and stand by,” a dúirt Trump i ndiaidh dó diúltú don deis a tugadh dó forchinígh geala a cháineadh.

Ráiteas fíor-ait a bhí ann i ndíospóireacht bhinbeach a bhí ina cíor tuathail ó thús deireadh.

Díospóireacht shuarach pháistiúil lán áiféise agus gangaide a bhí inti. B’amhlaidh a bhí go háirithe mar gheall ar nós an Uachtaráin Trump briseadh isteach ar a chéile comhraic Joe Biden gan stad gan staonadh d’fhonn maslaí leanbaí a chaitheamh leis nó líomhaintí gránna a dhéanamh faoina chlann.

Ag staid amháin bhris Trump isteach ar an gcathaoirleach Chris Wallace nuair a bhí sé ag impí ar an Uachtarán éirí as a bheith ag briseadh isteach ar Biden.

Chuir Trump a ladar sa scéal chomh minic sin agus Biden ag caint gur bhris ar an bhfoighne ag iarrthóir na nDaonlathach tar éis an chéad bhabhta áitimh, ceist faoin gCúirt Uachtarach.

“Will you shut up, man?” arsa Biden.

D’iompaigh sé ansin ar an gcathaoirleach agus dúirt le seanbhlas, “That was a productive segment, wasn’t it?”

Níorbh é an t-aon droch-léirmheas deireanach a tugadh do Wallace aréir.

Ba léir nach raibh Biden chun cleas Hillary Clinton a tharraingt chuige féin agus iarracht a dhéanamh Trump a chloí le tagairtí do cháipéisí polasaí.

“You’re the worst president that America has ever had. Come on!” arsa Biden ag pointe amháin.

“I’ve done more in 47 months than you’ve done in 47 years, Joe,” arsa Trump mar fhreagra.

“It’s hard to get any words in with this clown… I mean, guy,” arsa Biden ag pointe eile.

Sin a raibh ann de ghearraighneas, faraor, cé gur leanadh leis an tarcaisne agus an amaidí go dtí an deireadh.

Nuair a lig Trump dó labhairt bhí Biden an-chuíosach agus bhí sé ábhairín stadach uaireanta leis.

D’éirigh go maith leis an iar-leasuachtarán nuair a bhí Covid-19 á phlé agus bhí sé níos fearr chomh maith nuair a labhair sé díreach isteach sa cheamara le muintir Mheiriceá (“How well are you doing…This guy paid a total of €750 in taxes”).

B’fhollasach an chodarsnacht le Trump, fear nach léir dó ach a mbaineann leis féin.

Murab ionann agus an tUachtarán, ba léir chomh maith go raibh téama de shaghas éigin ag baint le hionsaithe Biden – ‘níl aon phlean ag Trump ach a bheith ag stealladh éithigh agus is cuma leis fút’.

An t-údar imní is mó a bhí ag lucht tacaíochta Biden ná go ndéarfadh sé rud éigin a thabharfadh le fios go raibh siabhrán éigin air agus go raibh bonn le líomhaintí Trump nach bhfuil meabhair ‘Sleepy Joe’ chomh beoga is a bhíodh.

D’éirigh le Biden sa mhéid sin agus tháinig an t-anam ann go háirithe nuair a chrom sé ar a chlann a chosaint ó ionsaithe Trump.

Ach bhí Trump féin chomh gránna sin go mb’fhéidir gur cheart do Biden dul chun suain sa ghleo níos minicí ná mar a dhein sé.

Achrann a theastaigh ó Trump, seal ag iomrascáil i mbrocamas na sráide. An dúshlán a bhí roimh Biden ná a dhá shúil a dhíriú ar na réalta oiread agus ab fhéidir.

Dhein sé an bheart, ach má dhein bhí lámh chúnta aige ó Trump féin.

Ní chuirfidh iompar an Uachtaráin isteach ná amach ar an lucht tacaíochta is dílse atá aige, ach má bhí Trump ag súil cor a chur i scéal an ráis agus tuisle a bhaint as Biden bhí fuar aige.

Ar ndóigh, níl mála na gcleas ag Trump folamh go fóill.

Ag deireadh na díospóireachta, dhiúltaigh Uachtarán Mheiriceá a rá go nglacfadh sé le toradh an toghcháin nó go n-iarrfadh sé ar a lucht tacaíochta iad féin a iompar go síochánta le linn chomhaireamh na vótaí.

An é ‘mura mbuafam, suathfam’ an mana a bheidh ag Trump má theipeann ar ‘Keep America Great!’?

Fág freagra ar '‘Will you shut up, man?’ – díospóireacht uachtaránachta shuarach ghránna i SAM'

  • Tiarnan de Fréine

    Dún do chlab, a fheara!

  • Padraig O Haelithe

    In olltoghchán na SA i mí na Samhna tá an rogha idir tírghrá maith nó leithscéal seanfhear a mhaíonn go ciniciúil gur Críostaí é. Táimid in aghaidh duine a dtacaíonn antoisceach leis agus atá ag iarraidh clár oibre ar an taobh deiridh den speictream polaitiúil. Féach díreach ar an gcaoi a dtacaíonn mo chéile comhraic le thugs a ionsaíonn go fisiciúil ar lucht tacaíochta mo pháirtí nach ndéanann an páirtí eile iad a chaitheamh go foighneach nuair a oireann sé dóibh nó níos measa, cuir an milleán ar mo pháirtí as na thugs sin a spreagadh. Tá pleananna ag mo pháirtí an choireacht a laghdú, an geilleagar a athbheochan, seasamh Mheiriceá ar domhan a fheabhsú agus damáiste mo chéile comhraic a chealú. Níl sa pháirtí eile ach na beartais theipthe chéanna a bhrú a fhágann go bhfuil Meiriceá ina stoc gáire ar fud an domhain agus a chuireann daoine as obair. Is léir go bhfuil an páirtí eile níos foircní agus níos crua le blianta beaga anuas agus mar sin caithfear iad a choinneáil amach as cumhacht. Glaonn m’iarrthóir rudaí mar a fheiceann sé iad agus leibhéalann mo chéile comhraic maslaí randamacha. Féach conas a dhéanann na páirtithe eile gerrymanders réimsí ina bhfuil siad i gceannas. Féach mar a chuireann an páirtí eile an milleán ar mo pháirtí as na círéibeacha atá ag tarlú anois ach scuaba ar an mbealach a úsáideann siad na círéibeacha ar mhaithe lena ngnóthachan polaitiúil féin. Féach mar a dhún an páirtí eile an rialtas nuair nach bhfaigheann siad a mbealach féin nó déanann mo pháirtí iarracht a gclár oibre an-mhór a athbhunú. Is léir an rogha do shaoránaigh na SA cé air a bhfuil do shaol ag brath.