‘Whodunnit’ ar TG4 a chríochnaigh le caochadh súile mealltach

Bhain ár léirmheastóir sult as turas in éineacht le hOisín Mistéil agus é ar thóir na fírinne faoi ghadaíocht rísheoda na hÉireann ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath i 1907

‘Whodunnit’ ar TG4 a chríochnaigh le caochadh súile mealltach

“Ceann de na mistéirí is mó i stair na hÉireann,” a thugann Oisín Mistéil ar ghadaíocht rísheoda na hÉireann ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath i samhradh na bliana 1907 (Ar Thóir na Crown Jewels, TG4, aréir). Gan dul i bhfad scéil leis an stair agus an raiméis a bhain leis na seoda, cruthaíodh iad in 1831 don Order of Saint Patrick, leagan Éireannach do Order of the Garter agus bheadh luach cúpla milliún euro leo inniu.

Tá ceangal teaghlaigh ag Oisín leis an scéal óir go raibh seanmháthair a sheanmháthar ag obair mar ghlantóir sa chaisleán ag an am agus bhíothas in amhras fúithi go raibh baint éigin aici leis an scéal. Go deimhin ba cheart dom a rá go bhfuiltear in amhras fúithi mar go dtí an lá atá inniu ann n’fheadar Dia ná duine cé a thóg iad, cad deineadh leo nó cá bhfuil siad anois. Ní nach ionadh mar sin tá ráflaí, miotais agus áiféis tar éis eascairt as an eachtra ó shin. Tá rúin á gceilt ag daoine go fóill agus cá bhfios ná go bhfuil cuid acu i dteaghlach Oisín.

Saghas whodunnit atá againn sa chlár mar sin agus an teanga ina leathphluc aige ar uairibh. Leis an scéal a insint baintear úsáid as meascán de chloigne cainte, míreanna beaga drámaíochta agus an seanchiúta úd, pictiúir is cáipéisí crochta ar an mballa.

Labhraíonn Oisín le David Norris, Myles Dungan, Brian Lacey agus an bhean Ghaeltachta Helen Shackelton agus é ag iarraidh teacht ar mhionsonraí an scéil is na gcarachtar. 

Is láithreoir mealltach é an Mistéalach a dhéanann an scéal a fhiosrú go héadromchroíoch ach go críochnúil.  Sí Emer Cosgrave, seanmháthair Oisín, an t-aoi is tábhachtaí agus is caithisí sa chlár. Tá an bhean chéanna seo, atá ocht mbliana déag le cois na ceithre scór, lán le ceol agus is léir sin ón gcaochadh súl a thugann sí dúinn ag deireadh an chláir.

Tugann sí cur síos ar a máthair chríonna, Mary O’ Farrell, an bhean úd a bhí ag obair mar ghlantóir sa Chaisleán. Cúpla lá sular tugadh faoi deara go raibh na seoda goidte luaigh sí siúd leis na húdaráis go raibh doras an tseomra in raibh taisceadán na seoda ar oscailt.

Tugtar cur síos seoigh ar an útamáil a bhain leis an taisceadán céanna. Tógadh seomra daingean go speisialta dó ach ní fhéadfaí an taisceadán a thabhairt isteach ann mar go raibh an doras róbheag. (Ní tharlódh a leithéid inniu, ar ndóigh, agus na Sasanaigh imithe!).

Cad a dheineadar mar sin sa 19ú haois? An taisceadán a fhágaint sa leabharlann, seomra  a bhí ina sheomra feithimh chomh maith.

Cé gurbh é Caisleán Bhaile Átha Cliath ceannáras riaracháin na hImpireachta in Éirinn ag an am, agus dianslándáil i bhfeidhm dá réir, léiríonn Oisín dúinn nach raibh an tslándáil chomh héifeachtach sin ar shlite áirithe.

Cé eile a rabhthas in amhras fúthu? Baicle de liúdramáin agus cneámhairí má bhí a leithéid riamh ann – an saineolaí armais Sir Arthur Vicars, Lord Haddo agus Frank Shackelton, deartháir le Ernest agus fear a ciontaíodh as camastaíl ina dhiaidh sin.

Toise eile a bhain leis an scéal nó go meastar go raibh Vicars, Haddo agus Shackelton aerach agus go mbíodh fleánna craois is craicinn acu i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.

Bhí cosc ar an homaighnéasacht ag an am agus ní raibh ach tuairim is deich mbliana ann ó bhain scannal Oscar Wilde siar as mórán i sochaí choimeádach na linne. B’fhéidir gur mar gheall air sin nár chuathas ag tochailt ródhoimhin san eachtra ghadaíochta.

Ní raibh aon fhreagraí faighte againn faoi cheann scríbe ach bhaineamar taitneamh as an turas.

Fág freagra ar '‘Whodunnit’ ar TG4 a chríochnaigh le caochadh súile mealltach'