‘What a fool I was. I was only a puppet, and so was Ulster…’ – focail Carson á meabhrú don DUP

Admhaíonn daoine sa DUP go príobháideach nach féidir leo talamh slán a dhéanamh de nach ndéanfaidh Boris Johnson feall orthu i dtaobh an chúlstop

‘What a fool I was. I was only a puppet, and so was Ulster…’ – focail Carson á meabhrú don DUP

Tá an Tuaisceart bodhraithe ag an stair, a leagan féin ag gach Uilliam agus Tadhg, Lil agus Máire. Le tamaillín áfach bhí an-bhéim ar phointí staire a bhain le feall, feall na dTóraithe ar Aontachtaithe.

Shéan an DUP as éadan go raibh imní orthu go raibh Príomh-Aire na Breataine, Boris Johnson chun glacadh le cúlstad do Thuaisceart Éireann amháin ar mhaithe le Breatimeacht a bhaint amach. Dúirt siad aréir gur thug Johnson le fios dóibh nach nglacfadh sé lena leithéid, ach scéal eile a bhíonn ag cuid acu go príobháideach. D’admhaigh cuid acu nach bhféadfaidís talamh slán a dhéanamh de nach ndéanfadh Boris Johnson feall orthu ó tharla nach bhfuil ceangal acu ar an rialtas Caomhach níos mó agus an uimhríocht in Westminster as cor ar fad.

Tugadh chun cuimhne óráid Edward Carson i 1921:

“What a fool I was. I was only a puppet, and so was Ulster, and so was Ireland, in the political game that was to get the Conservative Party into power.”

Tugadh chun cuimhne freisin Comhaontú Hillsborough i 1985 nuair a fágadh na hAontachtaithe i leataobh d’ainneoin ceannaire an UUP, Jim Molyneaux a bheith ‘lánchinnte’ nach ligfeadh na Tóraithe síos iad. Ina dhiaidh sin arís d’airigh páirtithe Aontachtacha gur deineadh beag is fiú díobh i bhForógra Shráid Downing agus sa Chreat-Cháipéis i 1995.

Tá a fhios ag an DUP nár sheas Boris Johnson lena fhocal fúthu cheana féin. Sé seachtaine tar éis dó aitheasc a thabhairt ag comhdháil an DUP, ag fógairt nach bhféadfaí glacadh leis an gcúlstad, vótáil sé ina fhabhar. Bhí fearg ar an DUP, ní nach ionadh. Ach bhí an lá leo mar go raibh dóthain de bhaill an ERG, an grúpa Breatimeachtóirí ina bhfuil leithéidí Jacob Rees-Mogg,  dílis dóibh. Ó tá Johnson ag caint go hoscailte faoi shocruithe do Thuaisceart Éireann i dtaca le bia agus fiteashláintíocht ar bhonn uile-Éireann, tá roinnt feisirí den bharúil go nglacfaidh sé le cúlstad don Tuaisceart ach go mbeidh sé ag iarraidh ainm éigin eile a thabhairt air.

Bhí na ráflaí sin á scaipeadh in Westminster ón uair ba léir go raibh Johnson chun an séú vóta as sé cinn i dTeach na dTeachtaí a chailliúint mar Phríomh-Aire agus nach gceadófaí dó olltoghchán a ghairm chun éalú ón srian ar Bhreatimeacht gan socrú. Mhaígh Arlene Foster nach raibh bunús ar bith leis na luaidreáin mar gur dhúirt Johnson cheana go raibh an cúlstad neamhdhaonlathach agus míbhunreachtúil. B’údar uchtaigh do cheannaire an DUP a raibh cloiste aici ón bPríomh-Aire Johnson a dúirt sí sular thug sí aghaidh ar Londain inné chun labhairt le Boris Johnson.

B’údar beagáinín uchtaigh do na páirtithe atá in aghaidh an Bhreatimeachta agus i gcoinne Breatimeacht gan socrú, go háirithe, iad na luaidreáin go raibh Johnson ag smaoineamh ar chúlstad don tuaisceart. Deirim ‘beagáinín’ mar gur ceapadh go dtairgfeadh Johnson vóta in Stormont faoi stiúradh an chúlstad don DUP.

Fad is a bheadh aontachtaithe in ann an achainí chásmhaireachta – an veto – a úsáid chun stop a chur le beartais a bhainfeadh leis an gcúlstad, ní bheadh  feidhm leis, beag beann ar mhianta an mhóraimh. Deir an DUP go bhfuil móramh i gcoinne an chúlstad. Is fíor go bhfuil móramh aontachtach ina éadan ach sna toghcháin ar fad ó aimsir an reifrinn fuair na páirtithe atá báúíl leis an gcúlstad an líon is mó vótaí – Sinn Féin, SDLP, Alliance agus Comhaontas Glas. Sa toghchán is deireanaí, toghchán na hEorpa, fuair ionadaithe in aghaidh an Bhreatimeachta dhá shuíochán as trí cinn.

Bhí béim as an nua á leagan ag Boris Johnson ar an ngá a bhí le Stormont a athnuachan. B’fhacthas do na páirtithe neamh-aontachtacha gur féirín don DUP a bhí ansin. An dtabharfadh sé deis don DUP stop a chur le reachtaíocht Westminster don phósadh comhghnéis agus do dhíchoiriú an ghinmhillte abhus, ag an am céanna a dtabharfadh sé seans dóibh srian a chur ar oibriú an chúlstad?

Chinnteodh sé sin nach mbeadh na páirtithe eile toilteanach filleadh ar Stormont. Cupán nimhe a bheadh i dtairiscint Johnson mar sin agus ní ghlacfaí leis. Ach más Breatimeacht “do or die” atá ó Johnson tá údar maith ag an DUP a bheith imníoch gurb iadsan a chaithfear faoin mbus.

Fág freagra ar '‘What a fool I was. I was only a puppet, and so was Ulster…’ – focail Carson á meabhrú don DUP'