Welcome to Dunquin Holiday Village…ní chuirfidh muintir na háite as duit mar ní ann dóibh

Ag féachaint dó ar na tithe ar fad thuas ar shleasa an chnoic os a choinne, is deacair dár gcolúnaí todhchaí bhuan a shamhlú do phobal Dhún Chaoin, a phobal féin…

Welcome to Dunquin Holiday Village…ní chuirfidh muintir na háite as duit mar ní ann dóibh

Welcome to Dunquin Holiday Village. Your accommodation is provided in individual houses scattered without restriction all around the valley, in what is a holiday village for the sole use of visitors.

Please feel free to pop in to our tourist information office in the former national school building, long since closed, at #1 Balnaraha Upper.

Organised guided tours are provided of the settlements of the former inhabitants, and a native farmhouse has been restored for visitors.

We trust you will enjoy your stay, untroubled by the sensitivities of the locals, as, thankfully, there are none.

Tá muintir Chorca Dhuibhne bun-chiaptha ag cúrsaí pleanála agus ag cúrsaí tithíochta arís. Alt a bhí ag Lorna Siggins san Irish Times a chur chun allagair agus chun aighnis iad, alt fada inar deineadh cur síos ar na deacrachtaí pleanála atá ag roinnt de chlann na seanmhuintire tithe a thógaint ar a dtalamh féin, i gceantar atá breac le tithe folmha. (Ní haon scéal nua é seo dúinn, gan dabht, ach uaireanta tógann sé alt Béarla chun go ngéillfeadh daoine do rud).

Is deacair an tionchar atá ag scata tithe folmha ar phobal agus ar shochaí a mhíniú i gceart. Ach an díobháil is mó atá déanta ná go bhfuil an ‘dlús forbartha’ á úsáid ag na húdaráis pleanála mar leithscéal chun cead pleanála a dhiúltú. ’Sé an chiall atá leis sin ná ‘tá cead tugtha againn do an iomarca tithe, dá bhrí sin nílimid chun cead a thabhairt dá thuilleadh’. Nó ‘Bog isteach an Daingean duit féin, déan uirbiú ort féin’.

Sin tuiscint, nó easpa tuisceana, den chéad scoth ó phleanálaithe ar shaol phobal tuaithe, amhail geolamán na scraige a bheadh d’iarraidh léacht a thabhairt ar ríomhaireacht chandamach. Ní bloic agus suimint a dhéanann pobail, ach daoine.

Ní hé sin le rá nár tháinig aon bhuntáistí go dtí na pobail áitiúla de bharr na tógála ar fad le linn an tíogair agus roimis. Bhí muintir na háite ina mbildéirithe agus ina gceardaithe á dtógaint, agus is mó póca sa dúthaigh a líonadh le hairgead Bhleá Cliathaigh agus Chorcaígh shaibhre nuair a díoladh goirt agus páirceanna leo chun bathalaigh de thithe a thógaint. Tá daoine breátha tagtha chun na dúichí, iad ag éalú seal ó rith agus rás na cathrach aon uair a bhíonn seans acu, agus an-mheas acu ar an áit, idir phobal, chultúr agus taobh tíre.

Cuid de na tithe úd a tógadh i ré an rachmais, táid lán go dtí na fraitheacha le leanaí, iad ag freastal ar na scoileanna áitiúla agus a dtuismitheoirí go gníomhach i saol an phobail. An-rud é seo do phobail bheaga, agus ní haon rud nua é; bhí na pobail seo de shíor ag athrú agus teaghlaigh ag teacht is ag imeacht astu.  Nuair a thosaigh mo bheainín bheag sna naíonáin bheaga, ní raibh ach leanbhaín amháin as an leathdhosaen go raibh éinne dá seantuismitheoirí tar éis freastal ar an scoil chéanna.

Ach mo léan, is iad na pobail chéanna atá thíos leis na tithe ar fad atá caite ar fud na dúichí, fé mar a bheadh rabha caite sa chladach ag an dtaoide.

Nuair a fhéachaim timpeall orm féin tráthnóintí, ag féachaint ar na tithe ar fad thuas ar shleasa an chnoic os mo choinne, ag cuimhneamh ar an easpa fostaíochta a choimeádfadh na daoine óga anseo, agus nuair a chloisim na scéalta fén gcath atá á chaitheamh ag daoine áitiúla d’iarraidh pleanáil a fháil, is deacair todhchaí bhuan, theaspúil, a shamhlú dom’ phobal.

Más féidir leis an Stát, nó leis an rialtas áitiúil, tithe a cheannach le horduithe ceannaithe éigeantacha chun bóthar nua a thógaint sa Ghaillimh, nó talamh a cheannach leis an ionstraim chéanna chun bealach glas a thógaint in Uíbh Ráthach, cad ina thaobh nach féidir leo tithe samhraidh, tithe nach mbíonn solas lasta iontu ach ar feadh seachtain nó coicís gach bliain, nó níos teirce ná san fiú, a cheannach, agus iad a chur ar fáil le ceannach, nó le tógaint ar cíos, do theaghlaigh a theastaíonn uathu maireachtaint i measc a bpobail?

Má tá Comhairle Contae Chiarraí ag rá nach féidir leo cead pleanála a thabhairt do dhaoine ón áit i mbailte ar nós paróistí Dhún Chaoin nó Dhún Urlann, toisc an iomarca tithe bheith sna háiteanna sin cheana, canathaobh nach n-úsáidfidís an CPO  i gcoinne úinéirí tí neamhchónaitheacha?

Is iad na Comhairlí Contae a thug cead pleanála dos na tithe seo ar fad, agus ní cás dóibh gníomhú anois chun na fadhbanna a chruthaíodar féin a réiteach.

Fág freagra ar 'Welcome to Dunquin Holiday Village…ní chuirfidh muintir na háite as duit mar ní ann dóibh'

  • Concubhar

    Sean nós Gaelach é gan fadhb nó scannal a thabhairt faoi ndeara go mbionn sé luaite ós ard in alt Bhéarla san Irish Times. Sin an áit a fheicfidh na Gaeil uaisle é agus iad ag ól céad cappuccino an lae!

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Cumhachtaí pleanála d’údarás Gaeltachta tofa

  • Feardorcha

    Ná bac an tÚdarás a thuilleadh. Samhlaigh é, bhí daoine á híoc as pobail na nGaeltachtaí a chosaint!! Nach breá an jab atá déanta acu i nGaoth Dóbhair, sna Forbacha, i nDún Chaoin, i mBaile an Sceilg. Stróinséirí níos líonmhaire ná muintir na háite. Feall, teip agus praiseach ón gcéad lá riamh.
    É sin ráite, ba iad an Chomhairle Contae a “phleanáil” an phraiseach tí ar fad. Ach thuigeamar ar fad é sin, fhios againn nach raibh iontu ach gaimbíní.
    Comhairlí paróiste? Nach iad na daoine a dhíol an talamh do na stróinséirí an chéad lá. Nach iad na daoine a cháin agus a chiap éinne a chur i gcoinne na tógála.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Nuair atá an áit truaillithe le tithe saoire/folamha ní iontas ar bith na tithe ósta/hóstáin bheith druidte. Thóg na tithe saoire uilig – tógtha ag muintir na háite dála an scéil – an gnó ar shiúl ó na hóstáin. Ach, ar ndóighe, cha raibh an Ghaeilg mar theanga oibre sna hóstáin céanna…