‘We have paid £1 million for a work of fiction’ – léargas nua ar ‘Chás Naíonáin Chiarraí’ i gcáipéisí Stáit

Cáipéisí stáit 1985: I gcáipéisí atá curtha ar fáil go poiblí tar éis 30 bliain, tá léargas ar an bhfearg a léirigh eagraíochtaí ban faoin tuarascáil a scríobhadh faoi ‘Chás Naíonáin Chiarraí’

Joanna Hayes (ar dheis) agus a dheirfiúr Kathlenn ag an mbinse i 1985. RollingNews.ie
Joanne Hayes (ar dheis) agus a dheirfiúr Kathleen ag an bhfiosrúchán i 1985. RollingNews.ie

Rinne mná céile triúr Gardaí a bhí ag plé le ‘Cás Naíonáin Chiarraí’ 30 bliain ó shin achainí phearsanta chuig an Taoiseach, Garret Fitzgerald, gan iad a aistriú as a gcúram. Tá an méid seo le feiceáil i gcomhad de chuid Roinn an Taoisigh atá ag plé leis an ábhar agus atá ar fáil anois sa Chartlann Náisiúnta de bharr na rialach go gcuirfí cáipéisí stáit ar fáil go poiblí tar éis 30 bliain. Foilsíodh Tuarascáil an Choiste Fiosrúchán ar an chás i nDeireadh Fómhair na bliana 1985 ach léiríonn meamram rialtais ón tréimhse nárbh é fiosrúchán faoi mhionn an t-aon rogha amháin a bhí á scansáil ag an rialtas chun an chonspóid a fhiosrú.

Ag 8.30pm ar an 14 Aibreán, 1984, thángthas ar chorp linbh ar an Trá Bhán, i gCathair Saidhbhín. Léirigh an scrúdú iarbháis a déanadh air gur briseadh droim an linbh agus gur sádh sa chroí é. Go luath ina dhiaidh sin, ghabh na Gardaí Joanne Hayes as Mainistir Ó dTorna, a bhí 25 bliain d’aois ag an am agus a bhí ag dréim le leanbh thart ar an am a fuarthas an corp. Ní raibh sise pósta agus bhí amhras ar dhaoine áitiúla faoi cad a tharla dá páiste. Cheistigh na Gardaí í féin agus a teaghlach.

Dúirt Joanne Hayes i dtús ama gur chaill sí an leanbh ach ina dhiaidh sin d’inis sí do na Gardaí gur rugadh a páiste i ngarraí gar dá teach, go bhfuair sé bás ina dhiaidh sin agus gur cuireadh i mála plaisteach é. Níor chreid na Gardaí an ráiteas seo agus lean siad á ceistiú go dtí gur admhaigh sí gur sháigh sí an naíonán sa chroí le scian spólta agus gur bhuail sí sa chloigeann é le scuab.  Tar éis diancheistiú, d’admhaigh baill dá teaghlach gurb amhlaidh a tharla agus gur caitheadh an corp san fharraige gar don Daingean.

Cúisíodh Hayes ar an 1 Bealtaine, 1984 as páiste gan ainm a dhúnmharú. Cé nár déanadh aon tagairt don leanbh a fritheadh i gCathair Saidhbhín, ba léir gurb é a bhí i gceist. Cúisíodh baill dá teaghlach fosta as an dúnmharú a cheilt.  Ach an lá dár gcionn, tháinig na Gardaí ar chorp linbh eile i mála plaisteach ar an fheirm i Mainistir Ó dTorna ins an láthair inar mhaígh an teaghlach go raibh leanbh Joanne Hayes curtha.

Nuair a déanadh scrúdú ar chorp an dá naíonán sa Saotharlann Fhóiréinseolaíoch, fritheadh nárbh ionann an grúpa fola a bhí ag naíonán Chathair Saidhbhín (grúpa A) agus a bhí ag Joanne Hayes agus athair a linbh (grúpa O). Anuas air sin, bhain leanbh Mhainistir Ó dTorna le grúpa O. Cé go raibh na Gardaí ar an eolas faoin fhianaise seo, lean siad leis an chúiseamh agus le hullmhú leabhar na fianaise. Bhí siad den tuairim, is cosúil, go bhféadfadh sé tarlú go raibh cúpla ag Hayes. Chinn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, áfach, gur cheart na cúiseanna in éadan theaghlach Hayes a chaitheamh i dtraipisí.

Bhí go leor conspóide tarraingthe ag an chás um an dtaca seo agus cáineadh déanta ar na Gardaí sna meáin chumarsáide. Mhaígh teaghlach Hayes gur ionsaíodh iad, go ndearna na Gardaí ciapadh orthu agus gur faoi bhrú a shínigh siad a gcuid ráiteas.

Cheap Coimisinéir na nGardaí, Laurence Wren, beirt Ard-Cheannfort leis an chás a fhiosrú. Dhiúltaigh an teaghlach agus na Gardaí ar cuireadh ionsaithe ina leith dul faoi agallamh, áfach. Ina áit sin, thug a gcuid aturnaetha ráitis scríofa do na ceannfoirt. Cuireadh tuarascáil na gceannfort faoi bhráid an Choimisinéara agus an Aire Dlí is Cirt i mí na Samhna, 1984. Cé nach bhféadfadh na hArd-Cheannfoirt líomhaintí theaghlach Hayes a fhíorú, bhí siad den tuairim go raibh fiosrúchán na nGardaí ar an chás fíorneamartach.

Ag eascairt as sin, thug an tAire Dlí is Cirt, Michael Noonan, le fios i meamram rúnda a ullmhaíodh don rialtas ar an 6 Nollaig, 1984, nach raibh an dara suí sa bhuaile aige ach Coiste Fiosrúchán faoi mhionn a bhunú: “The issues involved are clearly of major public importance and warrant the most searching investigation.”

Tugadh fainic sa mheamram, áfach: “It must be borne in mind, however, that there can be no guarantee that a sworn inquiry will succeed in satisfactorily resolving the conflicting versions of the events that have already been given…”

Is léir ón mheamram sin, áfach, go raibh an Roinn Dlí is Cirt buartha faoi chostas an Choiste Fiosrúcháin agus go raibh rogha eile san áireamh acu mar mhalairt air. De réir Acht Conasctha na bhFórsaí Póilíneachta (1925), bhí sé de chumhacht ag an Aire Noonan duine a cheapadh le líomhaintí in éadan ball den fhórsa a fhiosrú. Bheadh sé de chead ag an duine sin iachall a chur ar fhinnéithe fianaise a thabhairt agus iad a cheistiú faoi mhionn.

Bheadh sé de bhuntáiste ag an chur chuige seo go mbeadh sé i bhfad níos saoire ná Coiste Fiosrúcháin, ó tharla gur aturnaetha seachas abhcóidí a bheadh ag déanamh ionadaíochta ar a gcuid cliaint. Os a choinne sin, ní raibh aon ní sa reachtaíocht a thug cosaint nó pribhléid do na finnéithe agus d’fhéadfadh go nglacfaí cásanna clúmhillte ina n-éadan mar thoradh ar a gcuid fianaise. 

Lena chois sin, dhéanfaí cúngú ar théarmaí tagartha an fhiosraithe sa mhéid is nach mbeadh sé de chumas ag a leithéid de fhiosrúchán ach líomhaintí a cuireadh in éadan gardaí a fhiosrú: “These are features which – apart from causing legal difficulty – would militate against getting at the truth of what occurred.” Cinneadh i ndeireadh thiar thall go gceapfaí an Breitheamh Ard-Chúirte Kevin Lynch le bheith i mbun an Choiste Fiosrúcháin.

Ní mó ná sásta a bhí eagraíochtaí ban le torthaí fhiosrúchán Lynch, mar is léir ó chomhad Roinn an Taoisigh ar an ábhar. I measc na dtátal ba chonspóidí a rinne an Breitheamh Lynch, dúradh gur mharaigh Joanne Hayes a leanbh féin agus nach raibh aon fhianaise ann gur bhuail na gardaí í.

Spreag sé seo an t-iarléachtóir le Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad agus comhairleoir de chuid Páirtí an Lucht Oibre, Muireann Ní Bhrolcháin, le litir gearáin a scríobh chuig an Taoiseach, Garret Fitzgerald, ag impí air gan glacadh leis an tuarascáil. “The central issue of the false statements has not been answered. We have paid £1 million for a work of fiction. No real attempt was made to investigate the false statements,” ar sí.

“Personally, I hope now that I never sit in a Police Station or stand in a rape case. I would now be loathe to bring such a case to court, frightened, frightened of the so-called forces of law and order.” (28/10/85) Níl ansin ach blaiseadh den fhearg a léirigh eagraíochtaí ban faoin tuarascáil.

Is léir ón chomhad seo fosta gur scríobh mná céile triúr sáirsintí ó Bhiúró Teicniúil na nGardaí a bhí ag plé le fianaise an cháis chuig an Taoiseach agus an Aire Dlí is Cirt ag impí orthu gan iad a aistriú ó na gcuid post. Dhiúltaigh Roinn an Taoisigh an litir úd – a scríobhadh thar ceann na Sáirsintí Joseph Shelley, Gerard O’Carroll agus PJ Browne – a scaoileadh faoin Riail 30 Bliain.

Mar fhreagra chuig duine den triúr céile, Kathleen O’Connell, dúirt Rúnaí Pearsanta an Taoisigh gur ar mhaithe leis an fhórsa a bogadh na Gardaí agus nár bhain sé le cúiseanna smachta. Dá bhrí sin, ní bheadh sé ceart ná cóir don Taoiseach a ladhar a chur sa scéal.